November 2019: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

Na Naoimh Uile, Sollúntas

Réamhrá

Ar an bhféile álainn seo breathnaíonn muid ar ár ndeartháracha agus deirfiúracha go léir atá in éineacht le Críost ar Neamh. I gcomaoin leis an Eaglais uilíoch éisteann muid arís leis an ngairm chun na naofachta a bhronann an Tiarna orainn go léir, cibé áit a bhfuil muid agus cibé slí bheatha atá againn.

Smaoineamh

Sa Soiscéal feiceann muid an Tiarna ag teagasc na sluaite ar an gcnoc. Tá sé ag labhairt freisin le gach duine againne anseo inniu. Mar adeir Caiticiosma (nó Teagasc Críostaí) na hEaglaise Caitlicí (CEC): ‘Is iad na biáide is croílár de sheanmóireacht Íosa’ (u. 1716). Sna biáide tugtar portráid dúinn de phearsa Íosa fhéin ionas gur féidir linn aithne dhomhain a chur air agus é a leanúint inár ngnáthshaol.

Díríonn an Tiarna na biáide ag chuile dhuine. Glaoitear ar gach éinne san Eaglais chun bheith ina naomh. Uaireanta b’fhéidir go gceapann muid nach féidir bheith ina naoimh ach daoine atá fíor-eisceachtúil, saineolaithe de shaghas éigin. Ní mar sin adeir an Tiarna. Ag deireadh na Seanmóra ar an Sliabh deimhníonn Íosa: ‘Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe’ (Mt 5:48). Tugtar an cuireadh céanna dúinn go léir.

Conas is féidir linn bheith in ár naoimh? Is é atá i gceist ná grásta an bhaiste a chur i bhfeidhm lá i ndiaidh lae trí ghnáth-eachtraí an tsaoil, ár gcuid oibre a dhéanamh chomh maith agus is féidir linn, grá a thabhairt dár muintir agus dár gcomharsana, agus ár gcaidreamh pearsanta le Dia a dhoimhniú i gcónaí trí na sacraimintí agus an urnaí. Taispeáineann an ‘mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh’ (Ap 7:9) ar chuala muid faoi sa Chéad Léacht, gur féidir an Tiarna a leanúint i ngach áit agus i gcónaí in ár saol.

Guí an Phobail

Tógaimís ár n-achainí os comhair ár nAthar uilechumhachtaigh le lán-mhuinín as a ghrá dúinn.

1. Ar son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag X, agus na heaspaig agus an chléir go léir. Go dtuga Dia neart agus eagna dóibh i gcónaí i dtreo go ndéanfaidis an bealach chun na naofachta a theagasc go tréan.

2. Ar son daoine óga. Go dtuige siad grá an Tiarna dóibh agus go nglaca siad lena chuireadh é a leanúint trí ghnátheachtraí an tsaoil.

3. Ar son na n-easláin. Go dtuga Dia faoiseamh dóibh agus go neartaí sé iad chun an Chrois naofa a iompar le hÍosa agus bheith páirteach ina Aiséirí chomh maith.

4. Ar ár son féin. Go nglaca muid go diongbháilte leis an ngairm chun na naofachta, agus go n-iarra muid an Tiarna a leanúint trí ghnáthdhualgaisí laethúla ár mbeatha.

5. Ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne, go mór mhór ár muintir féin, iadsan a fuair bás le déanaí, agus iadsan nach gcuimhnítear orthu.

6. Ar son ár n-intinní pearsanta féin.

Sin iad ár n-úrnaithe, a Athair lán-thrócaireach, a chuireann muid os do chomhair le hidirghuí na Naoimh uile, agus trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focail Scoir

A Thiarna, déan naomh díom trí d’mhórchomhachta,

A Thiarna, déan naomh díom trí impí na Maighdine glórmhaire,

A Thiarna, déan naomh díom agus cuirtear áthas ar do Mháthair,

Mar is uaitse a fuair sí na grásta.

Ár bPaidreacha Dúchais 229

* * *

An tAonú Domhnach Triochad Saor Bliain C 3 Samhain 2019

Reamhrá

A Phobail Dé, céad fáilte chuig Aifreann Dé ar an gcéad Domhnach seo de Mhí na Marbh. Ar nós an fearín beag Zacháias sa Soiscéal, déanaimís aithrí in ár bpeacaí, le go m’fhiú sinn na rúndiamhara naofa a cheiliúradh.

Smaoineamh

‘A Zacáias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theach-sa nach foláir dom fanacht inniu.’

Is i dteach an pheacaigh gur foláir d’Íosa dul ar lóistín! Ní i dtithe an ‘cách’ a bhí ‘ag monabhar’ agus a ghlac scannal. Cá beinn-se? leis an slua nó le hÍosa? ‘Cách’ an bhreithiúnais, nó Íosa na trócaire.

Scéal seo Zacháias bíonn sé ar chlár réitithe ag paistí beaga don Chéad Chomaoineach. Mar go mba fearín beag é Zacháias – ‘íseal ina phearsa’. Furasta do pháiste beag tuiscint dó agus go raibh air dul in airde ar chrann le radharc a fháil ar Íosa.

Ach is dúinne atá fásta suas an soiscéal sa chéad áit … agus mura bhfuil soiscéal seo Dé inár gcroíthe, agus le feiceáil inár mbriathra, agus inár ngníomhartha, cén seans atá ag an bpáiste beag a mbíonn radharc á choinneál aige/aici de shíor orainn, ag foghlaim uainn?

Ní an scoil ach a bhfeiceann siad sna daoine móra a théann i bhfeidhm ar na daoine beaga: an sampla. Go dtuga Dia dhúinn gur deá-shampla a ghlacas siad uainn.

Sin mar thárla don fearín beag Zacaías le hÍosa féin.

San Aifreann seo ar maidin, go bhfáilteoidh muid thú, a Thiarna, isteach i dtithe ár gcroí is ár saol … Améin.

Paidreacha an Phobail

A Athair na Trócaire agus an ghrá, tabhair cluas le h-éisteacht dúinn is muid chugat lenár gcuid iarratais inniu.

1. D’fháiltigh Zacaías roimh Íosa Chríost ina theach. Go mba theach fáilteach é Eaglais Dé i gcónaí do dhaoine atá beag bocht ar aon bhealach. A Thiarna éist linn.

2. Go raibh sé de mhisneach ag cinnirí agus politeoiri gach is ceart a dhéanamh chun chuile dhúil bheo a chaomnú agus tothúlacht na talún agus uiscí na cruinne a shlándáil.

3. Tabhair deá-thoradh ar saothar tuismitheoirí agus lucht teagaisc, agus gach duine go bhfuil daoine beaga, laga faoina gcúram.

4. Cuimhnímíd ar daoine atá i bpian nó ag fulaingt ar aon bhealach, go h-áirithe iad siúd atá inár gcroí féin inniu.

5. Agus Mí na Marbh linn, cuimhnímíd go h-áirithe orthu siúd atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. Bí trócaireach leo, a Thiarna, agus glac leo isteach id’ áras féin sna flaithis.

Is le lán-mhuinín id’ ghrá dúinn a chuirimíd ár n-achainí uile chugat, a Dhia linn, trí Chríost ár dTiarna. Améin.

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú, agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

Focail Scoi

Go dtriallfaimíd gan tuisle ar an aoibhneas atá geallta ag Dia dúinn, mar is É an trócáire agus an grá. Agus go mbeannaí Dia uilecumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh. Amén.

* * *

An Dara Domhnach Triochad Saor – Bliain C
10 Samhain 2019

Réamhrá

Céad fáilte, a Phobail Dé, ag Aifreann an Domhnaigh. Cuirtear i gcuimhne dúinn inniu gur pobal an aiséirí muid. ‘Ní hé Dia na Marbh é, ach Dia na mbeo’. Sin buncloch ar a bhfuil an chreideamh Chríostaí tógtha.

Maith dhúinn, a Thiarna, ár bpeacaí anois, le gurbh fhiú sinn an tAifreann naofa a cheiliúradh.

An Chéad Léácht: Leabhar na Macabéach 7:1-2, 9-14

Scéal an seachtar deartháir a roghnaigh mairtíreacht in ionad Dlí Dé a bhriseadh. Mar gur chreid siad sa t-síoraíocht.

An Dara Léacht: 2 Teasalónaigh 2:16-3:5

Paidir óna chroí ó Phóil naofa mar clabhsúr ar a litir chuig pobal Chríostaí Teasalonica.

Smaoineamh

‘Ní hé Dia na Marbh é, ach Dia na mbeo; óir is dó is beo cách’.

Muid i gceartlár mí na Samhna,‘Mí na Marbh’.

Ach samhradh nó geimhreadh, ní fada uainn ariamh an bás. Chuile lá, cloiseann muid faoi bás nó marú éigin – obann, gan coinne, tragóideach. Airíonn muid seo – go h-áirithe más gar dúinn féin é. Níl aon éaló ón mbás; caithfear deighleáil leis; is cuid dár saol laethúil é. Tá dearcadh faoi leith ag Críostaithe ar an mbás.

Sa chéad léacht, cloiseann muid scéal an seachtar deartháir Macabéach. B’fhearr leo brúidiúlacht agus bás a fhulaingt ná dlí Dé a bhriseadh:‘Tógfaidh Rí an Domhain chun na beatha síoraí sinn’.

Ach ní chuile dhuine a chreid sa aiséirí: na Sadúisínigh mar shompla, cinnirí Iúdacha a chuir go láidir i gcoinne Íosa. Éisteann Íosa leo agus freagraíonn go foighideach iad, nuair a rinneadar iarracht seafóid a dhéanamh de chreideamh san aiséirí. Ach le chuile fhocal agus ghníomh, agus le iomláine a shaol, dhearbhaigh Íosa Chríost gur sin mar atá. Ar deireadh, tréis gur éirigh leis na cinnirí céanna fáil ré leis, mar a cheapadar, trín é a fháil daortha chun bás na Croise céasta, d’aiséirí sé ó mhairbh: tháinig maidin Cásga! ‘Ní h-é Dia na marbh é ach Dia na mbeo’! Is ar an bhfírinne seo atá an creideamh Críostaí bunaithe. Déanfaimíd an creideamh sin a admhail d’aonghuth anois…

Paidreacha an Phobail

A Dhia na mBeo, casann muid chugat, lán-muiníneach go n-éisteoidh tú linn.

1. Ar son na hEaglaise ar fud a domhain: Go mba údar dóchais muid i gcónái i measc muintir ár linne… A Thiarna, éist linn

2. Ar son na hÚdarais Eaglasta: Beannaigh an Phápa Proinnsias, na h-Easpaig agus gach duine go bhfuil cúram an teagaisc ortha san eaglais. Tabhair deá-toradh ar a saothair…

3. Ar son na h-easláin: Chuile dhuine go bhfuil ualach tinnis nó bróin ortha, tabhair biseach dóibh…

4. Ar son na mairbh:Tabhair solas síoraí na bhflaithis dár muintir ar fad ata imithe romhainn, agus do chuile dhuine a fuair bás le gairid nó cothrom an ama seo.

A Athair linn, cuirimíd ós do chomhair paidreacha uile ár gcroí, tré Chríost ár dTiarna, Améin.

An Phaidir

Anois agus ar uair ár mbáis, guímíd mar a mhúin Íosa Chríost féin dúinn.

Focal Scoir

Críost linn, Críost romhainn, inár ndiaidh agus istigh ionainn inniu agus i gcónaí. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach …

* * *

An Tríú Domhnach Triochad Saor – Bliain C
17 Samhain 2019

Réamhrá

Céad Fáilte. Inniu ‘Domhnach na mBocht’. Ag tús an Aifrinn, admháimís bochtanas ár gcreideamh go minic, agus aon fhaillí atá déanta againn ar Dhia nó ar duine, go h-áirithe le gairid.

An Chéad Léacht: Malací 3:19-20

Go mbeadh eagla Dé orainn: sin a chomhraíonn Lá an Bhreithiúnais. ’Sé sin go mbeadh ardmheas againn air agus beart á dhéanamh againn de réir a bhriathar.

An Dara Léacht: 2ú Teasalónaigh 3:7-12

D’oibrigh Pól go dian ar son na ndaoine seo a bhfuil sé ag scríobh chucu, agus tá sé ag áiteamh ortha siúd ina measc atá diomhaoin athrú agus ‘go leanadh sibh ár lorg’.

Smaoineamh

Inniu ‘Lá Domhanda na mBocht’. An Pápa Proinnsias a d’fhógair don chéad uair sa mbliain 2016, ag deireadh Bliain na Trócaire. Le nach dtiocfadh aon lagú ar ár ndíogras a bheith trócaireach i leith na mbocht.

’Sé Íosa Chríost féin atá linn san duine bocht: ‘Bhí ocras orm agus thug sibh rud le h-ithe dom’ (Matha 25:35ff). Dúirt Naomh Uinsionn de Pól, ‘Is iad na bocht ár máistrí’. Is iad Críost féin inár measc.

I mbliana, sé an téama atá tugtha ag an bPápa dúinn don Lá seo ná ‘Ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht i léig’ (Sailm 9.19). Laghdaíonn an trócaire an bochtanas agus méadaíonn sí an dóchas san duine.

Shílfeá gur beag dóchas atá sa soiscéal inniu agus an caint atá ag Íosa faoi na h-uafáis, an fuath agus na cogaidh a bhéas ag teacht ar dhaoine. Agus is fíor mar ar thuar sé. Mar sin a bhí, agus atá inniu, níos mó ná riamh, de réir na Náisiúin Aontaithe. Ach féach mar a chríochnaíonn Íosa: ‘Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur mbeatha’. Buanseasmhach i ndéanamh trócaire. Focal lán-dóchasach. Gheobhaidh an trócaire bua sa deireadh thiar ar chuile olc. Bainfidh sé an bheatha amach dúinn agus don domhain uile.

Ná glacaimís scéin, mar sin, ach déanadh muid trócaire!

Paidreacha an Phobail

Tabhair áird anois orainn, a Thiarna linn, agus muid chugat inár mbochtanas lenár nguí.

1. Ar son na h-Eaglaise, agus iad siúd a bhfuil údarás bronnta ortha…cabhraigh linn ar fad seirbhís cóir a dhéanamh ar dhaoine atá bocht. A Thiarna éist linn.

2. A Thiarna, guímíd ar son na síochana…ar domhain, inár dteaghlaigh agus inár gcroí, agus ar son daoine atá ag obair ar son na síochana.

3. Tabhair misneach do dhaoine atá tinn ar aon bhealach, a Thiarna. Bí le lucht leighis agus cúraime ina gcuid oibre.

4. Tabhair síocháin do dhaoine atá ag saothrú an bháis a Thiarna, agus tabhair solas na bhflaithis do na daoine ar fad ar a bhfuil muid ag cuimhniú i rith mhí seo na mairbh.

Tiocfaidh tú an athuair faoi ghlóir, a Chríost, le breithiúnas a thabhairt ar bheo is ar mhairbh. Go raibh muid ré, agus go bhfáilteoimíd romhat, tusa a mhaireann agus a rialaíonn tré shaol na saol. Améin.

An Phaidir

Aontaithe le hÍosa Chríost, Mac Dé, guímís.

Focal Scoir

‘Is beannaithe sibh tá bocht, óir is libh ríocht Dé’ (Lúcás 6.20) Agus go mbeannaí Dia uile chumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.

* * *

Chríost Ár dTiarna Rí na nUile
24 Samhain 2019

Réamhrá

Céad fáilte, a Phobail Dé, ar Féile Chríost Ár dTiarna, Ri na nUile. Saor muid, a Thiarna, ón ár bpeacaí, chun gurbh fhiú sinn na rúndiamhara naofa a cheiliúradh.

An Chéad Léacht: 2 Samuél 5:1-3

Déantar Dáiví, aoire caorach óg, a ungadh mar rí.

An Dara Léacht: Colosaigh 1:12-20

Iomainn álainn domhain faoi Íosa Chríost, a Mhac féin, atá curtha chugainn ag Dia an tAthair.

Smaoineamh

‘D’fhan an pobal ansiúd ag breathnú ar Íosa’ Is fiú míle focal an pictiúir ar a bhreathnaímíd…

An pictiúir anseo? ‘ní raibh cruth duine daonna air níos mó…é ina díol tarcaisne agus tréigthe ag daoine…’ (Isáia 52) Sea, bhíodar

ar lean thall ->

ag magadh faoi, á mhaslú, ‘na cinn urra ag dranngháir’, ‘na saighdiúirí á mhaslú’, duine de na coirpigh ‘á dhiamhaslú’.

Agus muide anois, inniu, á cheiliúradh mar ‘Ár dTiarna’ agus ‘Rí na nUile’.

Cén fáth? Tá deireadh an scéil feicthe againne. Seo an Aoine. Ní thagann buaicphoinnte an scéil seo go maidin an Domhnaigh: Domhnach Cásga! Aiséirí! Ceiliúrann muid an Aiseirí(an Cháisg) chuile Domhnach. Is i ngeall ar an Aiséirí gurb ar an Domhnach a cheiliúrann muid Lá an Tiarna. Agus is muide clann an Aiseirí: feiceann muid scéal Íosa go deireadh. Ní amháin scéal Íosa, ach scéal an uile dhuine neamhurchóideach atá ag fulaingt nó faoi leatrom, lag, bocht, brúite, ocrach. Tá siad linn go flúirseach… Ní chailleann muid dóchas i gcás duine ar bith agus ní dhéanann muid breithiúnas. Is ar na bocht a thitfidh an talamh mar oidhreacht (c.f.Matha 5:5) Féachfaidh muid chuige. Sin é ár ndualgas: oibriú ar son na mbocht. Obair an trócaire. Ár gcuid a dhéanamh chun an aiseirí a thapú do dhaoine anois. Comhoibrithe le hÍosa. Mar is é ár dTiarna é, Rí na nUile.

Paidreacha an Phobail

Ar an maidin Domhnaigh seo, a Thiarna Dia, tabhair cluas dár n-urnaí, agus tabhair áird ar ár nglór.

1. Críostaithe deá-scéal an aiseirí i gcónaí inár mbriathra, inár ngníomhartha agus inár mbeatha mar a chaitheann muid é. A Thiarna éist linn.

2. Ar son lucht rialtais agus politíochta, go raibh na dlithe agus gach cinneadh a dhéanann siad cóir don phobail agus ceart de réir do thola, a Dhia linn.

3. Ar son ár bparóiste agus a phobail daoine, go mba deá-chomharsain muid dá chéile ar gach uile bhealach.

4. Tabhair leigheas agus síocháin croí do duine ar bith atá ag fulaingt ar aon bhealach faoi láthair. Solas na bhflaithis go bhfeice ár muintir atá imithe romhainn ar shlí na fírinne.

Éist linn, Thiarna, a Rí na nUile, mar is ionat a chuirimíd dóchas, tré Chríost ár dTiarna.

Améin.

An Phaidir

Go naofaimíd ainm Dé anois agus muid ag guí: Ár nAthair…

Focal Scoir

Go raibh Dia libh agus sibh le Dia an tseachtain seo, agus go mbeannaí Dia.

* * *

1 Samhain: Fr Donncha Ó hAodha
Dalkey, Co Dublin

3, 10, 17 & 24 Samhain:
Bishop Brendan Kelly
Bishop of Galway