November 2020: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh

Easpag na Gaillimhe

 

1 Samhain – Na Naoimh Uile

Réamhrá

Go mbeannaí Dia dhaoibh, a phobail Dé , agus céad fáilte ag an Aifrinn ar Fhéile seo na Naoimh Uile. Ár muintir féin ina measc, creidimíd, agus iad ag guí ar ár son … le go mbeidh grásta Dé orainn agus ar ár gcuid oibre anois fhaid is atá muid ar an saol seo.

Go dtuga Dia maithiúnas dúinn inár bpeacaí anois, le go m’fhiú sinn an tAifreann a cheiliúradh, agus le go mbeidh muid féin fós i measc na naoimh uile.

 

Smaoineamh

‘Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad … ’, do ‘lucht an dobróin’, ‘dóibh seo atá ocras agus tart chun na fíréantachta ortha’. Níl fhios agam an gcreidimíd seo! Nó gur soiscéal nó deá-scéal é mar theachtaireacht dúinn.

Ach, díreach mar a bhí na Deich nAitheanta a fuair Maois ar Shliabh Sinaí mar bhuncloch ag creideamh na
n-Iúdach, is ar bhriathra seo Íosa Chrios ar an Sliabh atá ár gcreideamh Críostaí féin bunaithe.

Níl fhios againn cén chaoi ar ghlac na sluaite seo a bhí tagtha chuig Íosa leis an méid a bhí dhá rá aige an lá sin, ach is cinnte go raibh go leor acu tagtha chuige mar gur chualadar deá-scéal an chomhair leighis corp is anama a d’fhéadfadh sé a chuir ar daoine.

Bhailigh siad chuige mar chreid siad go raibh an cumas sa duine seo iad a thabhairt slán ó bhuairimh a saol agus ón mbochtanas. Saoirse, beocht, beatha agus sláinte a bhí uatha, agus cé thógfadh sin ortha … ná orainn féin inniu nuair a thagann muid chuige lenár gcuid trioblóidí!

Sé fírinne an scéil don Chríostai gur beannaithe an rud é pé’r bith bochtanas atá do mo chrá … mar nach bhfuil de rogha agam ach glaoch ar chabhair … cabhair Dé … ata i gcónaí níos gaire ná an doras. ’Sé Íosa Chíost doras na saoirse agus an tsolais, doras an dóchais agus na beatha. Is mar sin a bhí ó thús,mar atá anois agus mar a bheas go brách. Agus sin an teachtaireacht atá againn ar fad le scaipeadh ar mhuintir na linne seo.

 

Guí an Phobail

Mar chlann Dé, tagaimíd chuige anois lenár n-achainíocha.

1. Neartaigh an dóchas ionainn, a Dhia linn, trí cheiliúradh lá seo na Naoimh Uile.

2. Guímíd ar son na hEaglaise. Tabhair neart agus misneach don Pápa Proinnsias, agus cinnirí uile eaglais Dé, le go léireoidh siad bealach a leasa agus na daonnachta, bealach Íosa Chríost, dod’ phobail.

3. Guímíd ar son na síochána ar fud an domhain, inár gcomhluadair, agus inár gcroíthe féin istigh.

4. Bheirimíd buíochas duit do na Naoimh uile, don sompla a thugann siad, don idirghui a dhéanann siad ar ár son.

5. I measc na naoimh uile go raibh ár muintir atá imithe uainn ar shlí na fírinne.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dar dtreorú agus Briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal Scoir

‘Is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimíd; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimíd ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimíd é mar atá sé’.

 

* * *

 

8 Samhain – 32ú Domhnach den Bhliain – A

Réamhrá

A Phobail Dé, tá fáilte romhaibh ag Aifreann an Domhnaigh. Go dtuga Dia grásta dúinn inniu éisteacht a thabhairt dá bhriathar, agus buíochas ó chroí a thabhairt dó.

Ar dtús, bíodh muid ciúin machnamhach, le go n-aithneodh muid ár bpeacaí agus go n-iarraimís maithiúnas, le go mb’fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh

 

Smaoineamh

‘Glaodh i lár na h-oíche: ‘Chugaibh an fear nua-phósta! Amach libh ina airicis!’.

I gcoim na h-oíche dorcha! Cúigear maighdean ré le fáiltiú roimh an fear nua-phósta, ola acu le go bhféadfaidís a gcuid lampaí a chóiriú agus an fear-nua-phósta a shoillsiú isteach ag an mbainis. Ach an cúigear mi-chéillí, ní raibh réiteach ar bith déanta acu, ní raibh braon ar bith ola acu le go bhféadfaidís a gcuid lampaí a lasadh, agus mar sin ní fhéadfaidís an fear nua-phósta a thionlacan go soillseach isteach!.

Sa scrioptúr naofa, is ionann dul isteach ag bainis agus dul isteach sna flaithis, bheith in aoibhneas na beatha síoraí. Brathann sin, de réir an scéil seo, ar mo lampa a bheith lasta, bheith i mo sholas ar an saol seo. An freagaracht mhór atá orm mar dhuine fásta ná feachaint chuige i gcónaí go mbeidh ‘ola i mo lampa’ le go mba sholas mé ag treorú daoine eile (deá-shampla, féin-smacht, fonn oibre, seirbhís a dhéanamh &rl) isteach sa bhfírinne agus ar deireadh thiar, isteach ag ‘bainis’ na beatha shíoraí.

Anois, inniu, mo dheis le réiteach a dhéanamh, cinntiú go mbeidh dóthain ola im’ lampa nuair a thiocfas an lá (go h-obann, gan coinne) a thagann an Fear Nua-Phósta le bheith soillsithe isteach ag an bainis. ‘Bígí gach uile tráth do bhúr bhfaire féin, agus ag guí chun go mbeidh sibh in ann seasamh díreach os comhair Mhac an Duine’ (Lc 21:36)

 

Paidreacha an Phobail

‘Is clann an tsolais sibh go huile, clann an lae’ deir naomh Pól linn sa dara léacht.Is tusa, a Athair na Trócaire, ár solas, agus tagaimíd chugat anois le muinín lenár
n-achainíocha.

 

1. Tabhair tíolachadh na hEagna dúinne, a Thiarna, le go roghnóimíd i gcónai de réir do thola. A Thiarna éist linn.

2. Tabhair tíolachadh an Eagna don Phápa agus cinnirí Eaglasta agus Rialtais, le go dtabharfaidh said treoir ceart don phobail. A Thiarna éist linn.

3. Ar son daoine atá ag fulaingt ar aon bhealach faoi láthair, agus daoine atá tinn: tabhair leigheas dóibh, a Thiarna. A Thiarna éist linn.

4. Go raibh muid ar fad ré nuair a thagann an bás. Agus tabhair síocháin agus dóchas do dhuine ar bith ata ag saothrú an bháis faoi láthair. A Thiarna éist linn.

5. Go raibh Muire Máthair agus Seosamh Naofa linn ag uair ar mbáis … ‘A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé … ’ A Thiarna éist linn.

 

Cuirimíd na paidreacha seo agus na paidreacha uile atá inar gcroithe ós do chomhair go lán-dóchasach, a Thiarna Dia, tré Chríost ár dTiarna, Amén

 

An Paidir

Aitheanta an tslánaithe d’ár dtreorú agus Briathar Dé d’ár dteagaisc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal Scoir

‘Go mbeannaí Dia an Pobal seo, is go gcoinneóidh sé iad ó bhaol,

Is go stiúra sé sinn uile go dtín a Rí-Bhrú fhéin’

 

* * *

 

15 Samhain – 33ú Domhnach den Bliain – A

Réamhrá

Inniu ‘Lá Domhanda na mBocht’. Bhunaigh an Pápa Proinnsias an Lá Domhanda seo ceithre bliain ó shoin agus timid á cheiliúradh ó shoin. Sé an teama a thugann sé dúinn i mbliana ná: ‘Sín do lámh don bochtáin’ (Siorach 7:32)

Ag tús chuile Aifreann, síneann ár dTiarna a lámh dúinn féin ins an bochtanas sin againn ar fad – gur peacaigh muid, rud a admhaíonn muid anois in ár gcroí istigh, le go m’fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh.

 

Smaoineamh

‘Nuair a bhíonn duine á rá: ‘Táim slán sábháilte’, ansin gan coinne ’sea a thagann an tubaiste’.

Seo iad na focla i mBriathar Dé inniu a rug greim orm is mé dhá léamh, i gcomhthéacs an Covid agus Lá Domhanda seo na mBocht.

Nach muid a bhí cinnte go raibh muid ‘slán sábháilte’, agus an saol ag dul ar aghaidh go deas dúinn! Ach go h-obann Mí Mhárta seo caite, agus an tír ag fáil réidh le Lá le Padhraig a cheiliúradh, bhí an Covid linn, d’ár scriosadh, agus srian curtha orainn ar fad – agus ar phobal uilig an domhain – srian nach bhfuil scaoilte fós, agus an cosúlacht ar chúrsaí nach mbeidh go ceann i bhfad. Agus an scrios sin á fhulaingt go háirithe ag na daoine ba bhoichte, agus ba shine – sna tithe banaltrais agus eile.

‘Sín do lámh don bhochtáin’ an frása as Leabhar Siorach atá tugtha dúinn le machnamh a dhéanamh ar ag an bPápa do Lá Domhanda seo na mBocht. Ta stad curtha ag an Covid leis an sodar a bhí fúinn, agus an éirigh in áirde … Níl muid i gceannas mar a shíl muid. ‘Caoin tú féin, a dhuine bocht’, adúirt an file fadó, agus cúis againn anois éisteacht lena chomhairle. Muid ar fad bocht, go bunúsach, agus lag, agus aineolach, agus níl aon cheannas againn mar a shíl muid.

Agus níl aon dul as ach cuimhniú ar a chéile, cabhrú lena cheile, oibriu ar son a chéile. Agus ní feidir ar chor ar bith lámh a shíneadh amach dá chéile go fisiciúil, ach é a dhéanamh ar bhealaigh eile … an duine eile a chuir romham féin … an comharsa, chuile chomharsa. Níl réiteach ar scéal thragóideach na bliana seo ach mo chomharsa a ghráú mar a ghráim mé féin … mo chroí a shíneadh amach chuige/chuici … Céad agus dara Aithne Dé mar chéad cloch ar mo phaidrín! Is ar an gcaoi sin a bheas muid ar fad ‘slán sábháilte’.

 

Paidreacha an Phobail

A Dhia linn is a Athair, tagann muid chugat anois lenár b’paidreacha.

1. ‘Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae’, deireann N Pól linn inniu sa dara léacht. Gur mar sin a bheas, a Thiarna, chuile lá beo dár saol … agus go dté an solas sin i bhfeidhm ar dhaoine eile … le go dtuga siadsan freisin glóir duit, a Dhia. A Thiarna éist linn.

2. Ar son an Pápa Proinnsias … tabhair neart agus beatha dó le gur feidir leis an eaglais a stiúradh ar bhealach an chirt agus na daonnachta, bealach Íosa Chríost féin. A Thiarna éist linn.

3. Go gcorródh staid daoine bochta ár gcroíthe i gcónaí, a Thiarna, agus go síneadh muid lámh cúnta chucu. A Thiarna éist linn.

4. Guímíd ar a son siúd ar fad a d’iarr paidreacha orainn, agus ar chuile dhuine atá tinn, lag, faoi láthair. A Thiarna éist linn.

5. Ar son na mairbh, go bhfeicfidís lámh Dé sínte amabh chucu le fáilte A Thiarna éist linn.

A Thiarna, tabhair cluas le h-éisteacht d’ár nguí chugat, anois agus i gcónaí … sin a iarraimíd ort inniu, tré Chríost ár dTiarna, Amen.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe d’ár dtreorú agus Briathar Dé d’ár dteagaisc, tá sé de mhisneach againn a rá …

Machnamh tréis Comaoineach

‘Sín do lámh don bhochtáin,

le go mba fhoirfe do bheannacht.

Bí fial le do thabhartais do gach duine beo

agus ná ceil d’fhéile fiú ar an marbh.

Ná teip ar lucht an olagóin, ach caoin do lucht an chaointe …

I do bhearta go léir, cuimhnigh ar chríoch do shaoil,

agus ní dhéanfaidh tú peaca go brách’.

(Síorach 7:32-36)

 

* * *

 

23 Samhain – Sollúntas Chríost Rí na n-Uile

Réamhrá

Tá muid tagtha ag Domhnach deireadh na Bliana Eaglasta, Féile Chríost Rí na n-Uile. Ní Rí mar rithe domhanda, ach is Rí é sa chiall gur ’sé máistir na cruthaíochta é, agus máistir na beatha.

Is muide na daoine a ghlacann Íosa Chríost mar Rí ar mo shaol féin, agus a leanann é.

Ach teipeann orainn go minic, agus anois, le go m’fhiú sinn an tAifreann Naofa a cheiliúradh, admhaímíd ár bpeacaí … ag cuir muinín ina thrócaire.

 

An Chéad Léacht

Ezicéal 34:11-12, 15-17

Dia ag labhairt mar thréadaí ar a chaoirigh, sé sin ar a phobail, agus mar a fhanann sé ina measc i gcónaí ag tabhairt aire dóibh agus go h-áirithe orthu siúd is boichte, nó atá ar strae.

 

An Dara Léacht

1 Coirintigh 15:20-26, 28

An aoireacht is mó a dhéanann Íosa Chríost ar a phobal ná go bhfaigheann sé an lámh is fearr ar an mbás agus cuireann an ruaig air: is mar sin atá sé ina rí.

 

Smaoineamh

‘Sé an Tiarna m’aoire’ agus sé an Tiarna céanna atá ina shuí ar a ríchathaoir sa soiscéal. Tá sé ina rí, ach ní mar a bhíodh rithe an tsaoil seo. Tá sé ina Rí d’réir mar atá Dia ina aoire sa chéad léacht …

Meas tú an mar sin a thuigeann muid féin Dia? Agus an bhféadfainn a rá ‘Se an Tiarna mo Aoire-se’, gurb shin an taithi atá agam ar Dhia?

Thaispeáin Dia é féin dúinn i bpearsain a mhic, Íosa Chríost, an té a dúirt ‘Is mise an tAoire maith’, agus a chruthaigh sin san leas a rinne sé gan staonadh. Iarrann Íosa ar a dheisceabail – muid ar fad – aithris a dhéanamh air féin trí bheith inár n-aoirí ar a chéile.

Mar a fheiceann muid sa soiscéal inniu, is ar an aoireacht atá déanta againn ar dhaoine a thabharfar breith orainn agus ar an saol atá caite againn. Is trí dhaoine a dhéanann aithris ar Íosa a déanann sé aoireacht i gcónaí ar dhaoine inniu.

Inniu, Féile Chríost Rí, Domhnach deireanach na bliana eaglasta, inniu an lá le bheith ag cuimhniú ar na daoine a rinne – agus a dhéanann – aoireacht orm, agus buíochas a thabhairt do Dhia dóibh. Níl aon tomhais eile ag Dia ná ag Críost Rí orainn Lá an Bhreithiúnais ach an aoireacht atá déanta againn. mar sé a nádúr féin é aoireacht a dhéanamh. [Sin atá i gceist aige nuair a deireann sé gur ‘cosúil’ lena chéile iad an chéad dá aithne: Gráóidh tú Dia agus gráóidh tú do chomharsa]. Ta muid ar an saol seo le h-aoireacht a dhéanamh ar mo chomharsa, agus glacadh le h-aoireacht uatha. Is ionann grá agus aoireacht a dhéanamh.

Sa lá ata inniu ann, tuigeann muid freisin nach amháin ar dhaoine, ach ar an ‘baile coiteann’ ina bhfuil muid lonnaithe a chaitheas muid aoireacht a dhéanamh – agus ar chuile dhúil bheo atá mórthipeall orainn mar ‘chomharsa’. Tá cúram na cruinne orainn agus cúram gach a bhfuil ann (cf Geineasas 1:26ff) Tiocfaidh an cúram sin suas fresin lá an Bhreithiúnais gan amhras.

 

Paidreacha an Phobail

Tagann muid chugat anois, a Chríost Rí, lenár gcuid paidreacha – ar ár son féin, ar son a h-eaglaise, agus ar son an chine daonna fré chéile.

1. Neartaigh an creideamh, an dóchas agus an grá ionainn féin agus sna Críostaithe uilig. A Thiarna éist linn.

2. Guímíd ar son an Pápa Proinnsias, go dtuga Críost Rí chuile cabhair agus cúnamh dó leis an chúram trom atá air. A Thiarna éist linn.

3. Bheirimíd buíochas duit do na daoine ar fad a rinne aoireacht orainn ar aon bhealach i rith ár saol. Go mba aoirí maithe muid fein i gcónaí. A Thiarna éist linn.

4. Solas na bhflaitheas go bhfeice … agus na mairbh ar fad. A Thiarna éist linn.

I dTeach an Tiarna go mairfimíd ar fad go brách na breithe. Iarraimíd sin, a Athair na Trócaire, tré Chríost ár dTiarna … Amen.

 

Focal Scoir

Bíodh Íosa im’ chroí-se, ’s im’ chuimhne gach uair

Bíodh Íosa im’ chroí-se le h-aithrí go luath,

Bíodh Íosa im’ chroí-se le dúthracht go buan,

Is a Íosa, a Dhia dhílis, ná scar thusa liom

 

* * *

 

29 Samhain – An Chéad Domhnach den Aidbhint – B

Réamhrá

Bliain Nua san Eaglais ag tosú! Ainneoin go bhfuil furmhór an gheimhridh agus an dorchadas le teacht fós. Ní h-aon bac ar theacht Íosa Chríost ina Chorp dhaonna aimsir chrua nó aon saghas cruatain. Sé slánú an domhain É ar a leithéide.

Le go m’bhfiú sinn na rúndiamhra seo a cheiliúradh anois, admhóigh muid ár bpeacaí agus cuirimíd ár muinín i dtrócaire Dé.

 

An Céad Léacht

Ísáia 63:16-17; 64:1, 3-8

‘Och, dá roisfeá na flaithis óna chéile agus teacht anuas’ … Pobal Dé ag glaoch amach ar Dhia teacht i gcabhair orthu in am an ghátair …

 

An Dara Léacht

1 Coirintigh 1:3-9

Teachtaireacht buíochais agus misnigh atá ag N Pól don chomhluadar chríostaí i gCoirint.

 

Smaoineamh

‘Bígí aireach, deanaigí faire, mar níl fhios agaibh cen uair … a thiocfaidh tiarna
an tí … ’.

Sin é anois – an dearcadh a chothaíonn séasúr beannaithe seo na h-Aidbhinte ionainn … bíodh muid aireach agus ag déanamh faire. Tiocfaidh an Tiarna chugainn mar a tháinig an díle aimsir Naoi fadó – gan coinne.

Agus nach mar sin a tháinig Íosa Chríost freisin nuair a smaointíonn muid ar – gan coinne, faoi rún ós na h-údarais agus lucht rachmais … bochtanas, stábla, gan dídean.

Agus sé Slánaitheoir an domhain é.

Cén fáth mar sin a’ mbeadh faitíos orainn roimh bochtanas, de shaghas ar bith? Nó roimh laigeacht ar bith dhaonna? Ná fiú roimh plá nó pandemic? Nach deis iad le tapú …

I gceartlár an dorchadais agus an gheimhridh tagann an slánaitheoir, agus muid anois i rith na h-aidbhinte ag réiteach len é a fhailtiú …

Agus ag déanamh ár ndícheall mar sin freastail ar an comharsa atá thíos ar aon bhealach.

Fágann Dia an domhain faoin ár gcúraim. Ná faigheadh sé muid in ár gcodhladh nuair a thagann sé!

 

Paidreacha an Phobail

Tá Dia i gcónaí ar ár dtaobh, agus mar sin, níl aon leisce orainn teacht chuige go muiníneach lenár gcuid achainíocha.

1. Ag tús na bliana nua eaglasta, go mba bliain grástiúl dúinn é, agus go
h-áirithe do dhaoine atá bocht nó ar an gannchuid ar aon bhealach. A Thiarna éist linn.

2. Go hobann a tháinig an Covid orainn, a Thiarna. Tabhair faoiseamh anois dod’chlann atá ag éamh ort. A Thiarna éist linn.

3. Don Phápa agus na hEaspaig … agus lucht údarais eaglasta nó rialtais … go dtreoróidh siad a bpobal ar bhealach a leasa i gcónaí.

4. Ar son muintir an pharóiste agus an deoise … go neartófar muid leis an mBriathar a fhógraítear agus an Chomaoineach a ghlacann muid san Aifreann naofa. A Thiarna éist linn.

Tabhair dúinn síocháin agus athnuaigh ionainn an dóchas tríd an reiteach ata tosaithe againn inniu do theacht an tSlánaitheora. Iarraimíd sin treChriost ar dTiarna Améin.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe d’ár dtreorú agus Briathar Dé d’ár dteagaisc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal Scoir

Go raibh ainm mhilis Íosa go taithneamhach scríofa ar lár mo chroí-se.

Ceangal grá eadrainn go brach gan scaoileadh. Amén a Thiarna!

 

* * *