November 2021: Irish Notes

Leathanach don Cheiliuraí

Proinsias Ó Cuanaigh

Dún Dealgan

 

Sollúntas na Naomh Uile
01/11/2021

Fáilte

Fáilte romhaibh, a Chlann Dé, chuig Sollúntas na Naomh Uile.

     Ceiliúraimid inniu na daoine beannaithe go léir atá imithe uainn ar Shlí na Fírinne agus atá anois i dteannta Íosa Críost i Ríocht na Glóire. Tá an chinniúint chéanna i ndán dúinn-ne, má leanaimid treoir Íosa Críost. Cuirtear béim ar an treoir seo i Léachtanna agus Soiscéal an lae inniu. Éistimís go cúramach, mar sin.

 

Smaoineamh

Is mian le gach duine a bheith sona. Dar leis na fealsaimh, ‘sé an sonas an mian is láidre atá ionainn go léir. Níl sé furasta, áfach, a bheith sona i gcónaí ar an saol seo. Chuir an file Seán Ó Ríordáin an sonas i gcomparáid le heireaball spideoige toisc go bhfuil sé deacair breith air.

     I Léachtanna agus Soiscéal an lae inniu, léirítear an fíorshonas atá le fáil ag Clann Dé ins na Flaithis má leanann siad na treoracha a leag Íosa Críost síos dóibh.

     I Léacht a haon, luann Eoin fís a bhí aige ina bhfaca sé sluaite daoine beannaithe ag dul isteach ins na Flaithis. Bhí siad ag adhradh agus ag moladh Dé as iad a threorú agus a chaomhnú trí dheacrachtaí an tsaoil seo. Ba léir go raibh siad fíorshona.

     I Léacht a dó, meabhraítear dúinn gur Clann Dé sinn agus go bhfuil an grá céanna ag Dia dúinn is atá ag athair dá pháistí. Ag Dia amháin atá a fhios cén luach saothair atá Aige dúinn ins na Flaithis ar ball beag ach beidh sé mór.

     I Soiscéal an lae inniu, léiríonn Íosa Críost conas is féidir linn a bheith sona dáiríre. Molann Sé naoi bprionsabail iompair nó Beannachtaí dúinn. Go bunúsach, molann Íosa dúinn gan bheith ábharach in ár ndearcadh nó ró-thógtha le maoin an tsaoil. Má bhímid carthanach leis na bochtáin, trócaireach agus síochánta le daoine eile agus cóir cineasta le gach éinne is mór é ár dtuarastal ar Neamh.

 

An Dara Domhnach Tríochad Saor, B
07/11/2021

Fáilte

A Phobail Dé, le bliain go leith anuas, bhíomar ar deoraíocht ón a chéile, a bheag nó a mhór, de bharr Covid-19. Mhothaíomar uainn an Séipéal seo, Teallach nó Tinteán Íosa Críost. Thuigeamar gaois an tseanfhocail: Níl aon tinteán mar do thinteán féin.

     Táimid ar ais anois agus tá Íosa réidh le labhairt linn go háirithe i Léachtanna agus Soiscéal an Aifrinn inniu. Bíodh cluas le héisteacht orainn, mar sin.

 

Smaoineamh

Bíonn blas ar an mbeagán an smaoineamh a rith liom agus mé ag léamh Léachtanna agus Soiscéil an lae inniu.

     Moltar dúinn, le cabhair samplaí beaga, a bheith flaithiúil lenár maoin shaolta agus í a roinnt más féidir é ar dhaoine eile atá ar an gcaolchuid. Le bheith tairbheach i súile Íosa, ní mór don charthanacht seo a bheith tugtha le croí maith mór.

     I Léacht a haon, feicimid baintreach bhocht ag iarraidh próca beag mine a ullmhú dá mac leochaileach. Bhí sí sásta, áfach, a raibh aici a thabhairt d’Éileas nuair a lorg sé é.

     I Léacht a dó, luaitear an íobairt mhór a rinne Íosa ar ár son. Shocraigh sé teacht

chugainn ó Neamh ina dhuine daonna le go bhféadfadh sé bás a fhulaingt agus an

bealach go Neamh a réiteach dúinn go léir ina dhiaidh sin.

     Sa soiscéal inniu, feicimid Íosa istigh sa Teampall. Tá na Scríobhaithe ag barr an Teampaill agus iad gléasta go péacach. Tá cuma shotalach orthu agus iad ag mealladh sintiús airgid ó na daoine saibhre. Ar mhaithe le taispeantás, cuireann na daoine saibhre go leor airgid isteach sa chiste. Ar an láimh eile de, feiceann Íosa baintreach bhocht ag cur feoirlinge isteach sa chiste bíodh nach raibh de mhaoin an tsaoil aici ach an méid sin.

     B’fhiú níos mó, dar le hÍosa, an beagán a thug an bhaintreach le croí maith mór ná an  mórán a thug na daoine saibhre go doichealleallach bréagchráifeach.

 

An Tríú Domhnach Tríochad Saor, B
14/11/2021

Fáilte

A Phobail Dé, fáilte is fiche romhaibh go léir chuig Aifreann an lae inniu. Tá deireadh na bliana beagnach buailte linn, a cháirde – níl ach dhá sheachtain fágtha i mBliain Liotúirgeach na hEaglaise agus seacht gcinn i mBliain an Fhéilire.

     Sin í an chúis, is dócha, go bhfuil Léachtanna is Soiscéal inniu ag plé leis na Rudaí Deireannacha – ár mbás féin, deireadh an domhain agus an Breithiúnas Deireannach.

     Éistimís go cúramach le focail Dé san Aifreann seo.

 

Smaoineamh

Tá an Breithiúnas Deireannach i gceist i Léacht a haon. Admhaítear go mbeidh buairt agus strus mór ar a lán daoine an lá sin mar gheall ar na peacaí a rinne siad ar an saol seo. Ach ní baol do na firéin, na daoine a chuir a muinín in Íosa Críost. Saorfar iadsan agus beidh sonas glórmhar acu ar feadh na síoraíochta.

     I Léacht a dó, mínítear gurbh é Íosa Críost a d’oscail Geataí na bhFlaitheas dúinn. D’íobair Sé É Féin i gcúiteamh ar pheacaí an chine daonna ó thús deireadh an tsaoil. Má leanaimid Treoracha Íosa Críost, beidh Seisean ag feitheamh orainn ag uair ár mbáis le fáilte a chur romhainn agus sinn a threorú isteach i suaimhneas na síoraíochta.

     I Soiscéal an lae inniu, meabhraítear dúinn go bhfuil an bás i ndán do gach duine, do gach rud agus fiú don domhan is don saol daonna. Is cuid den saol é an bás, an gníomh deireanach a dhéanaimid go léir ar an saol seo. Bímís ag ullmhú chuige, mar sin, agus bímís eolgasach ar an fhianaise atá timpeall orainn go bhfuil gach rud ag feó de réir a chéile. Ní fios cathain nó conas a thiocfaidh an bás seo. Bímís ullamh i gcónaí, mar sin.

     ‘A dhuine, cuimhnigh ar do chríoch deireanach i ngach rud a dhéanann tú agus ní pheacóidh tú go deo.’ (Ecclesiasticus: Sirach 7:40)

 

Sollúntas Chríost Rí na nUile, B
21/11/2021

Fáilte

A Phobail Dé, Bail ó Dhia oraibh go léir anseo isteach.

     Seo an Domhnach deireannach den Bhliain Liotúirgeach. Baineann Léachtanna agus Soiscéal an lae inniu le laetheanta deireannacha Íosa Críost ar an saol seo. Bhí bás náireach ar an gcrois os a chomhair amach toisc nach raibh na hIúdaigh sásta glacadh leis gurbh Eisean Rí na nUile Ní. Níorbh Eisean an saghas rí a bhí ag teastáil uatha.

 

Smaoineamh

Sa chéad Léacht inniu, tugann Dainéal, fáidh sa Seantiomna, cúntas suimiúil dúinnar an fhís a bhí aige faoin Slánaitheoir a bhí le teacht chuig na hIúdaigh.

     Bheadh an Slánaitheoir seo ina Rí ar gach duine, gach cine, gach teanga agus bheadh a ríocht buan agus ar feadh na síoraíochta.

     Is léir anois nach é sin an saghas Rí a bhí ag teastáil ó na hIúdaigh iad féin.

     Rí cumhachtach a shaorfadh iad óna naimhde leis an láimh láidir a bhí ag teastáil uatha san.

     I Léacht a dó inniu, léiríonn Íosa nach Rí saolta é faoi mar a thuigeann na hIúdaigh é. Is Rí spioradálta é agus tá A Ríocht ar Neamh. ‘Sé an misean atá Aige ná aire a thabhairt do gach éinne ó thús deireadh an domhain agus iad a threorú chuig sonas na bhFlaitheas.

     ‘Mise an tAlpha agus an tÓmega,’ a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, Rialtóir an Uile.

     I Soiscéal an lae inniu, feicimid Íosa á cheistiú ag Pioláit. Theastaigh uaidh a fháil amach cén fáth a raibh Íosa ag rá go poiblí go raibh Sé ina Rí ar na hIúdaigh. Mhínigh Íosa nach den saol seo a ríocht agus nach raibh saighdiúirí nó arm á n-úsáid ann. Bhí Ríocht Íosa bunaithe ar chothú na fírinne, na córa, is na cothromaíochta. Níor thuig Pioláit a raibh le rá ag Íosa agus thug sé É ar ais do na hIúdaigh.

     A Phobail Dé, bímís an-aireach na laethanta seo faoi na ceannairí is na rialtóirí atá á dtoghadh againn. Déanaimís deimhin de i gcónaí gur mór leo an fhírinne, an chóir, an chothramaíocht agus dignit is cearta daonna gach uile dhuine ar domhan.

 

An Chéad Domhnach den Aidbhint, C
28/11/2021

Fáilte

Seo an Chéad Domhnach den Aidbhint, a cháirde. Lá speisialta é seo i saol na hEaglaise de bhrí go bhfuil tús agus críoch i gceist ann. Tá Bliain Liotúirgeach amháin ag críochnú agus Bliain Liotúirgeach nua ag tosnú. Táimid, mar sin, ag féachaint siar ar Bhliain a bhí dubhshlánach go maith dúinn agus ag féachaint ar aghaidh le dóchas mór ar Bhliain Liotúirgeach nua. Táimid ár
n-ullmhú féin le breithlá Íosa Críost ag an Nollaig agus A theacht glórmhar ag deireadh an domhain a cheiliúradh faoi mar a léirigh Sé dúinne é.

     Go gcónaí Críost in ár gcroí ón lá seo amach.

 

Smaoineamh

Go bunúsach, ‘sé atá i gceist i Léachtanna agus Soiscéal an lae inniu ná treoir faoi na caighdeáin iompair atá leagtha síos ag Íosa Críost dúinn-ne, a lucht leanúna.

     Ba cheart do Chríostaithe a bheith macánta agus ionraic ina n-iompar i gcónaí. Ní mór dóibh thar aon rud eile grá agus meas a bheith acu ar a chéile agus ar gach duine den chine daonna ar fud an domhain. Moltar dúinn a bheith eolgasach ar na rudaí a  mhúin Íosa Críost dúinn agus cloí leo go dílís diongbháilte.

     Aithnítear nach dtagann foirfeacht láithreach; caithfear a bheith foighneach agus  tiocfaidh an fhoirfeacht de réir a chéile.

     Tá sé an-tábhachtach, áfach, nach mbímid ró-ghafa le ragairne is cúrsaí an tsaoil. Caithfimid a bheith ullamh i gcónaí don bhás mar go bhféadfadh sé teacht aniar aduaidh orainn gan choinne.

     Bímís ullamh le haghaidh an bháis agus nuair a thiocfaidh sé beidh Íosa ag feitheamh orainn le sinn a threorú isteach i Ríocht Dé. Ní ligfidh Sé síos sinn.