November 2022: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Fr Edmond Cullinan
Diocese of Waterford & Lismore
 

Sollúntas na Naomh Uile
1 Samhain 2022

 

Iontróid
Fáilte romhaibh go léir inniu chuig an Aifreann agus Féile na Naomh Uile á cheiliúradh againn. Smaoinímid inniu ar na sluaite atá ar neamh. Cuireann an Fhéile seo lúcháir orainn agus tugann sí misneach dúinn, mar is gnáth-dhaoine cosúil linn féin iad na naoimh agus tá said ag guí orainn.

 

SmaoineamhI

Féile phágánach a bhí in Oíche Shamhna fadó. Féile Cheilteach a bhí inti agus an rud a bhí á cheiliúradh ná go raibh saol eile ann, seachas an saol seo ina mhairimid, saol nach féidir a fheiscint ina mhaireann créatúirí spioradálta, anamacha na marbh ina measc. Thug na misinéirí Críostaithe míniú nua don bhféile sin agus sin í Féile na Naomh Uile. Tá saol eile ann, nach féidir a fheiscint, ina mhaireann na naoimh. Tá said an-ghairid dúinn agus cabhraíonn said linn. Cad atá le rá dúinn ag na naoimh sa bhféile seo inniu? Gur féidir linn go léir bheith in ár naoimh. Glaoann Íosa orainn é a leanúint agus a bheith in ár naoimh.

     An gceapaimid go bhfuil sé sin do-dhéanta? Níl. Teaspáineann Íosa dúinn conas é a dhéanamh sa soiscéal. Slí maireachtála atá sna Biáide, conas Íosa a leanúint. Fógraíonn na Biáide cé h-iad na daoine atá beannaithe agus cén fáth go bhfuil siad beannaithe. Tá siad níos mó cosúil le seanfhocail ná dlíthe. Tugann said tuiscint dúinn ar an saol agus ar dhearcadh Íosa ar an saol.

     Is amhlaidh gur chuir na Biáide ionadh ar lucht éisteachta Íosa nuair a chuala siad iad don chéad uair. Is daoine a bhfuil easpa éigin á fhullaingt acu, gur méanar dóibh, dar le Íosa. Tá siad bocht; tá ocras agus tart orthu; tá siad dobrónach, tá géarleanúint agus mícheart á bhfullaingt acu. Níl siad cumhachtach, ach séimh; níl siad bródúil, ach umhal. Is soiléir go bhfuil dearcadh Íosa difriúil ón bhfealsúnacht atá le fáil sa saol mór.

     Is í an Bhiáid is tábhachtaí ná an chéad cheann: ‘Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo Ríocht na bhFlaitheas.’ Is i laigeacht agus i mbochtannas an duine gur féidir cumhacht Dé a léiriú. Nuair a bhíonn easpa éigin i gcroí an duine, bíonn spás ann ar féidir a líonadh le grásta Dé.

     Na naoimh atá á gcomóradh againn inniu, is iad san na daoine a deir Íosa gur méanar dóibh. Gnáth-dhaoine a bhí ionta, ach mhair siad de réir na Biáide. Bhí siad bocht ó spioraid; bhí siad ceansa; bhí siad tróchaireach. Is dócha nár cheap siad féin go raibh siad ina naoimh in aon chor. Bhí aithne againn ar roinnt mhaith díobh. Ba iad ár ngaolta agus ár gcomharsanna iad. Tá súil againn go mbeimid féin ina measc nuair is toil leis an Tiarna sinn a ghlaoch chuige féin as an saol seo. Leanaimís Íosa agus na Biáide á gcur i bhfeidh againn. Ansin beimíd i measc na naoimh.

 

* * *

An 32ú Domhnach Saor
6 Samhain 2022

 

Iontróid
Tá fáilte romhaibh chuig an Aifreann inniu. Ceiliúraimíd aiséirí Chríost gach Domhnach. Tugann ár gcreideamh dóchas dúin go n-aiséireoimíd fein ar an lá deirneach.

Smaoineamh

Sa tréimhse seo den bhliain tá na laethanta gairid, tá na crainn lom agus tá tost tar éis teacht ar an dtimpeallacht fán dtuath. Tá an nádúr féin ina chodladh. Smaoinímid ar an mbás agus ar an saol eile. Níl morán le rá ag an Sean Tiomna ar cad a thárlaíonn don duine tar éis bháis. Ní raibh ach coincheap doiléir acu den saol eile. Eisceacht is ea Leabhair na Macabéach. Sa chéad léacht chualamar faoi na mairtírigh a mb’fhearr leo bás a fháil ná dlí Dé a shéanadh. Tá sé soiléir ansin gur chreid siad in aiséirí na colainne: go dtabharfadh Dia na géaga a chailleadar ar ais dóibh arís agus go dtabharfadh sé beatha shíoraí dóibh.

     Rud nádúrtha dúinn is ea a bheith fiosrach mar gheall ar an saol eile. Cad a thárlaíonn tar éis bháis. Cén sort choirp a bheidh againn san aiséirí? Níl freagraí beachta ar na ceisteanna sin. Táimid ag caint faoi rudaí nach bhfuil aon taithí againn orthu. Ach, cosúil leis na Macabéigh is féidir linn ár gcreideamh i nDia a dhearbhú agus a rá go bhfuil na mairbh i lámha Dé. Dúirt Íosa go bhfuil gach duine beo i láthair Dé. Ba é Íosa féin an chéad duine a aiséirigh ó na mairbh. Is air sin atá ár gcreideamh bunaithe. D’oscail Íosa an bheatha shíoraí dúinn agus nuair a fhaighimid bás beimid aontaithe leis. Ní gá dúinn eagla a bheith orainn faoin mbás mar chuaigh Íosa romhainn agus is in éineach leis a rachaimid tríd an geata sin. Ciallaíonn aiséirí na colainne nach gcaillfear aon chuid dár bpearsantacht. Tárlóidh aiséirí na colainne ag deireadh an domhain, ach tá a fhios againn nach bhfuil am sa saol eile mar atá sa saol seo. Tá na mairbh i láthair Dé cheanna féin. Sa saol eile beimid mar an gcéanna agus mar a bhíomar sa saol seo, ach beimid níos fearr, mar beidh ár bpeacaí maite agus beidh ár ndroch-bhéasanna fágtha taobh thiar dinn. Trí phróiséis an bháis beidh fás sa ghrá déanta againn. Sin é an fáth go déanaimid urnaí ar son na marbh, chun cabhrú leo sa phróiséis sin.

     I gCré na nAspal deirimid go gcreidimid i gcomain na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséiri na colainne agus sa bheatha shíoraí. Téann na rudaí sin go léir le chéile. Is cuid den bheatha shíoraí aiséirí na colainne, cé nach bhfuil tuiscint againn ar chonas a thárlóidh sé. Tárlaíonn maithiúnas na bpeacaí i gcomhthéacs chomain na naomh mar is peacaigh sinn go léir agus faighimid maithiúnas tríd an Eaglais. I gcomain na naomh tá na naoimh atá ar neamh, tá pobal Dé sa saol seo ar talamh agus tá na daoine atá ag dul tríd an próiséis sin a thárlaíonn díreach tar éis bháis ina bhfuil siad ag fás sa ghrá ionas go mbeidh siad réidh chun taitneamh a bhaint as radharc Dé. Tá muintireas iontach idir na trí grúpaí. Cabhraíonn siad lena chéile, go h-áirithe trí ghuí ar son a chéile. I Mí na Samhna guímis ar son na marbh.

* * *

An 33ú Domhnach Saor
13 Samhain 2022

 

Iontróid
Fáilte romhaibh go léir inniu chuig an Aifreann. Táimid ag druidim i dtreo deireadh na bliana sa liotúirge agus ag smaoineamh ar dheireadh an domhain. Ná bíodh eagla orainn faoi sin, mar tugann Íosa a Spiorad dúinn chun cabhrú linn deacrachtaí uile an tsaoil a shárú.

Smaoineamh

Sa bhliain 1829 cuireadh deireadh leis na Péin Dlíthe in Éirinn agus sa Bhreatain. Ón mbliain sin amach bhí saoirse ag na Caitlicigh a gcreideamh a chleachtadh go h-oscailte. Roimhe sin sna cathracha agus sna bailte móra ní raibh acu ach séipéil beaga bochta ar a dtugtaí ‘tithe Aifrinn’. In Éirinn, idir 1829 agus 1929 tógadh níos mó ná trí mhíle eaglaisí nua, feiche-cheathar ardeaglaisí ina measc. Tá na h-eaglaisí sin le feiscint timpeall na tíre. Tá siad ard agus álainn agus tá siad maisithe go breá taobh istigh. Tógadh iad le pinginí na mbocht. Is ‘tithe an phobail’ iad i ndáiríre. Deineadh iarracht mhór ag na daoine agus ag na sagairt na h-eaglaisí sin a thógáil agus bhí gá leo chun go mbeadh áiteanna oiriúnacha chun an liotúirge a cheiliúradh. Ní h-aon ionadh, mar sin, muintir an pharóiste a bheidh bródúil as na foirgnimh sin.

     Bhí na Giúdaigh bródúil as an Teampall sa tslí chéanna. Ach úsáideann Íosa an Teampall mar shampla. Cuirfear scrios leis an Teampall. Bheadh sé sin cosúil le deireadh an domhain do na Giúdaigh. Ach deir Íosa nach dtiocfaidh an deireadh chomh luath sin. Beidh géarleanúint le fullaingt, beidh saol cruaidh ag a luch leanúna, ach slánófar iad siúd a fhanann dílis. Tá na rudaí go léir a luann Íosa sa soiscéal ag tárlú i láthair na h-uaire, sa chéad aois fichead. Tá cogadh, gorta agus uafáis nádúrtha ann. Cloisimid faoi na rudaí sin gach oíche ar nuacht na teilifíse. Tá géarleanúint ann chomh maith. I dtíortha an Mheáin Oirthir and i dTuaisceart na hAifrice tá Críostaithe á gcur chun báis de bharr a gcreideamh. Tá géarleanúint de shórt eile ag tárlú san Eoraip agus i dTuaisceart Mheiriceá. Tá sí níos caolchúisí, níos mó faoi cheilt. Feictear í i dtuairim an phobail, go
h-áirithe sna meáin chomarsáide agus sna meáin shóisialta. Ach an chomhairle a thugann Íosa dúinn ná fanacht dilís, gan eagla a bheith orainn, ach ár muinín a chur i nDia.

     Sa naoú h-aois déag bhí gá le foirgnimh a thógáil. Ach is tógáil de shórt eile a bhfuil gá leis anois. Ní teach an phobail a chaithfear a thógáil, ach an pobail féin, an Eaglais mar Phobal Dé. Chun Críost a leanúint inniu caithimíd tacaíocht a thabhairt dá chéile agus spreagadh a thabhairt dá chéile. Caithimíd maireachtaint mar mhuintir Chríostaí. Deir an Pápa Proinsias go gcaithimid slí nua a bhaint amach chun bheith in ár nEaglais. Caithimid siúl lena chéile, éisteacht lena chéile agus éisteacht leis an Spiorad Naomh. Tá próiséas tosnaithe chun é sin a dhéanamh. Beidh cruinnithe agus díospóieachtaí á n-eagrú mar chuid den phróiséas sin. Beidh páirt le glacadh ag gach duine. Glaotar ar baill uile na hEaglaise gairm Chríost a fhreagart agus bheith in ár ndeisceabail misinéirí.

 

* * *

Sollúntas Chríost Rí na nUile
20 Samhain 2022

 

Iontróid
Tá fáilte romhaibh go léir go dtí an Aifreann inniu. Tá deireadh na bliana sroichte againn sa liotúirge. Táimíd ag féachaint anall go dtí deireadh an domhain nuair a thiocfaidh Críost athuair. Tiocfaidh sé mar Rí na bhFlaitheas.

 

Smaoineamh

Taoiseach treibhe ab ea an rí i dtosach. Bhí taoiseach ag gach treibh agus bhí sé mar cheannaire acu. Duine é go raibh aithne ag gach aoinne air agus d’fhéadfaí caint leis agus a chabhair a lorg dá mbeadh conspóid idir dhaoine. Tar éis tamaill tháinig na treibheanna le chéile agus bhí ceannaire amháin acu a bhí ina rí. Ach bhí an gaol céanna idir na daoine agus an rí. Duine díobh féin a bhí ann agus bhí tuiscint aige orthu. Duine mar sin a bhí sa Rí Dáiví. Gheall na fáithe go dtiocfadh rí a bheadh ungaithe ag an Tiarna, an Chríost nó an ‘Messiah’ san Eabhrais. Sa tréimhse ina mhair Íosa bhí na Giúdaigh ag tnúth le rí cosúil le Dáiví, Messiah a chaithfeadh na Rómhánaigh amach as an tír agus go mbeadh saoirse acu.

     Tháinig Íosa chun bheith ina Chríost an Tiarna, ach ní rí polaitiúil nó Messiah den sórt sin a bhí ann. Mar sin féin cuireadh Íosa chun báis mar Rí na nGiúdach. Bhí eagla ag na Rómhánaigh ar aon duine a bheadh ag spreagadh trioblóide polaitiúla san Impireacht. Thuig an coirpeach a chéasadh in aice le Íosa nárbh é den saol seo ríocht Íosa. D’iarr sé air: ‘ A Íosa, cuimhnigh orm nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta.’ Cosúil leis an gcoirpeach maith tá súil againn a bheith in éineacht le Íosa i Ríocht na bhFlaitheas.

     Beidh an bheatha shíoraí againn i Ríocht Dé, Ríocht na bhFlaitheas, ach iarann Íosa ar a lucht leanúna cabhrú leis a ríocht a bhunú ar talamh chomh maith. Theastaigh uaidh go mbeadh tionchar ag Ríocht Dé ar an saol seo. Thug sé teagasc ar chonas maireachtáil, grá a thabhairt do Dhia agus don chomharsa. D’fhógraigh sé go raibh Ríocht Dé in achmaireacht. Cén sort ríochta atá ann? Tá cur síos deas uirthi i bpreafáid Aifrinn na féile seo: ‘Ríocht síoraí gan teorainn, ríocht na fírinne agus na beatha, ríocht na naofachta agus an ghrásta, ríocht an chirt, an ghrásta agus na síochána.’ Is ríocht luachanna atá i gceist agus iarann Íosa orainn na luachanna sin a chur i bhfeidhm sa saol seo. Tá sé sin an-phraicticiúil. Braitheann sé ar Íosa a athaint in ár gcomharsa.

     Sa dara léacht cuireann Naomh Pól in iúl dúinn go bhfuil Críost i láthair sa chruthaíocht ar fad agus go bhfuil áit ar leith ag an Eaglais sa chruthaíocht sin. Is Corp Mistiúil Chríost í an Eaglais agus is comhartha í de Ríocht Dé. Tríd an mbaiste is baill sinn den Chorp Mhitiúil sin agus thóg Dia isteach sinn i ríocht a Mhic ionúin. Tá misean faighte ag an Eaglais Ríocht Chríost a scaipeadh ar thalamh. Tá Ríocht Dé i láthair cheana féin san Eaglais, cé nach bhfuil sí foirfe fós. Nuair a thiocfaidh Críost athuair bunóidh sé a ríocht go h-iomlán. Idir an dá linn is dúinne a ríocht a chur i bhfeidhm sa saol chomh fada agus is féidir linn le cabhair a ghrásta.

 

* * *

 

An Chéad Domhnach den Aidbhint
27 Samhain 2022

 

Iontróid
Tá fáilte romhaibh go léir go dtí an Aifreann inniu. Tá tús bliana eile á cheiliúradh againn sa liotúirge.

Smaoineamh

Is dócha go dtosnaíonn an Nollaig níos luaithe gach bliain. Bíonn brontannaisí Nollag ar fáil sna siopaí agus bia na Nollag ar fáil chomh maith. Tá gach aoinne ag ullmhú don Nollaig ag ceannach rudaí agus ag maisiú tí. San eaglais táimíd ag ullmhú chomh maith, ach i slí éagsúil. Tá atmaisféar difriúil le braitheadh nuair a thagann tú isteach san eaglais sa tréimhse seo. Tá éadaí corcra ar an sagart, tá simplíocht ag baint leis an liotúirge agus táimid ag iarraidh spás agus ciúnas a chothú. Táimid ag ullmhú chun Ionchollú ár dTiarna a cheiliúradh. Caithimid ár n-aigní agus ár n-anamacha a ullmhú.

     Rugadh Dia mar leanbh, mar dhuine den chine dhaonna i mBeithil, sa Tír Naofa, thart ar dhá mhíle bliain ó shin. Tháinig sé isteach i stair an domhain in áit ar leith, ag am ar leith, agus chaith sé saol daonna. Chaith Dia saol daonna chun go mbeadh daoine in ann saol diaga a chaitheamh. Tháinig sé chun an domhain a shlánú, chun peacaí a mhaitheamh, chun saol na Trionóide a roinnt linn. Is míorúilt mhór é an Ionchollú. Tá sé deacair dúinn é a chreidiúint, gan trácht ar é a thuiscint. B’fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil trácht ar shliabh a dhreapadh sa chéad léacht. Tá sliabh le dreapadh againn san Aidbhint.

     Múineann ár gcreideamh dúinn go dtiocfaidh Íosa athuair ag deireadh an domhain. Beidh críoch le stair an domhain seo agus beidh cúntas le tabhairt ar chonas a mhaireamar. Tabharfar breithiúnas ar an domhain agus ar na daoine ar an lá sin. Sa soiscéal tugann Íosa rabhadh dúinn a bheith ullamh don lá sin. Deir sé linn a bheith ullamh i gcónaí, mar níl a fhios againn cathain a ghlaofaidh an Tiarna orainn. Tá sé sin fíor. Glaotar ar gach duine nuair a thagann an bás chuige nó chuichi. Is mar an gcéanna é lá an bháis agus deireadh an domhain don duine. Is ansin a bheidh orainn cúntas a thabhairt ar ár saol.

     I liotúirge an lae inniu, an Chéad Domhnach den Aidbhint, tá trácht ar dhá theacht Chríost: an chéad uair nuair a rugadh é mar dhuine stairiúil, an dara h-uair nuair a thiocfaidh sé mar bhreitheamh ag deireadh an domhain. Ach tá teacht eile an Tiarna ann. Tagann sé chughainn gach lá in ár gcomharsa agus i ndualgaisí coitianta an tsaoil. Níl againn i ndáiríre ach an neomait seo, an lá seo. Anois a chaithimid an ghrá a léiriú. Anois tá deis againn an charthanach a chur i bhfeidhm, cabhrú lenár gcomharsanna, éirí as ár ndroch-mhianta agus, mar a deir Naomh Pól sa dara léacht, éide an tsolais a chur orainn. Gach lá tá deiseanna againn fáilte a chur roimh Críost sna daoine a gcastar orainn. Gach lá táimid ag ullmhú buaileadh le Críost nuair a ghlaofaidh sé orainn. Má aithnímid Críost sa ghnáth-shaol gach lá, aithneoidh seisean sinn ar lá ár mbáis agus nuair a thiocfaidh sé athuair.

 

* * *