November 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

Aonú Domhnach Tríochad Saor
5 Samhain 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 

Fianaise do Chríost a thabhairt i mbriathar agus mbeart
Céad Léacht (
Malací Fáidh). Shleamhnaigh sibh ón mbealach, agus le bhur dteagasc bhain sibh tuisle as mórán
Dara Léacht (1 Teasalónaigh). Bhíomar sásta ní hamháin an Dea-Scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith
Soiscéal (Matha). Ní mar a chéile beart agus briathar acu.

 

Smaoineamh
‘Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an
t-eolas a choimeád go cruinn agus is óna bheolasan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é’ (Malací 2:7).

Tá macalla bhriathra sin Malací 2:7 le braith síos tríd na haoiseanna maidir le príomh-dhualgas easpag agus sagart, is é sin le rá an dualgas an Dea-Scéal a fhógairt. Leagtar béim i doiciméidi Eaglasta na blianta deirneacha seo nach mar sin atá. Deir an Bunreacht Aspalda ar an Eaglais (Lumen Gentium) de chuid na Comhairle Vatacáin II (alt 25) an méid seo: ‘I measc phríomh-dhualgaisí na hEaspag tá áit thar chuimse ag fógairt an tSoiscéil’. Tá seo mínithe níos iomláine sa doiciméid den Chomhairle Chéanna ar ‘Ministreacht na Sagart’ (alt 4): ‘Faigheann pobal Dé a aontacht sa chéad áit trí Bhriathar Dé Bheo, gur dual a chuardach ó bheola an tsagairt (le tagairt do Malací v2:7). … Tá ag na sagairt, mar comhghleacaithe lena nEaspaig, mar príomh-chúram fógairt shoiscéal Dé do chach. Sa tslí seo comhlíonann siad ordú an Tiarna: ‘Agus dúirt sé (Íosa) leo: ‘Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile’ (Marcas 16:15). Is sa chaoi sin a chuireann siad (na sagairt) pobal Dé ar bun agus a dhéanann siad é a fhorbairt’.

Ní héasca an cheist í conas a Dea-Scéal as fhógairt an lá atá inniu ann. Is féidir a bhfuil le rá ag doiciméidí na Comhairle a thógaint maraon lena dúirt Céad Litir Pheadair (3:15-16) leis na creidmhigh sa chéad aois den ré seo: ‘Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea iompar i gCríost’. Ní mór teachtairescht an tSoiscéil a fhógairt i gcomhthéacs na bhfadhbanna agus an amhrais a bhíonn ag creidmhigh ár linne maidir le cúrsaí creidimh agus moráltachta, leis an creideamh a neartú ina gcroíthe féin agus le go mbeidis réidh, más gá, freagra a thabhairt ar na hagóidí a dhéantar ina choinne.

 

* * *

Dara Domhnach Tríochad Saor
12 Samhain 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 

Ag Faire! Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt.
Céad Léacht (Leabhar na hEagna). Na daoine a bhíonn ag lorg na heagna, faigheann siad í
Dara Léacht 
(1 Teasalónaigh). Déanfaidh Dia an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost a thabhairt leis chomh maith
Soiscéal (Matha). Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina aircis!

 

Smaoineamh
Ag Faire! Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt. Na críocha déanacha, bás, breithiúnaas, ifreann agus neamh, agus an glaoch bheith réidh don bhás agus an breithiúnas, ar éigin go labhartar nó go scríobhtar futhu sin sna saolta seo. Agus má déantar tagairt dóibh i gcomhthéacs an Bhíobla is ar an Parousia, Ateacht Chríost, a bhíonn duine ag smaoineamh. D’fhéadfaí a mheas gur dó sin a bhí Íosa ag tagairt i bparabal an lae inniu, bíodh nach bhfuil leid ann bheith réidh don bhás. Labhair Íosa faoin ábhar seo níos mó ná uair amháin de réir Shoiscéal Mhatha, i sleachta a léitear i liotúirge an Domhnaigh i mblianas. Nuair a chuir duine áirithe ceist ar Íosa faoi cad é an mhaith atá le déanamh chun go mbeadh an bheatha shíoraí ag duine d’fhreagair Íosa: ‘Coinnigh na haitheanta’ (Matha 19:16-17). Cuireadh ceist air tráth an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán, agus d’fhreagair Íosa: ‘Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá morán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é’. Tá a lán rudaí dearfa le rá ag Pól ina litir chuig na Filipigh, ach deir sé leo chomh maith a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla (2:12). Mar iomaitheoir i gcoimhlint an creidimh do Pól, deir sé go dtugann sé bascadh dá chorp agu coinníonn faoi smacht é le heagla go gcolfaí é féin tar éis dó a bheith ag fógairt ar dhaoine eile (1 Corantaigh 9:27). Agus níl ansin ach cuid de na rabhaidh, na foláirimh, atá sa Tiomna Nua faoi ócáidí an pheaca a seachaint. Bíodh gur inmholta go bhfuil an bhéim in Eaglais an lae inniu sa rud dearfa, sna carasmaí agus a leithéidí, bheadh sé baolach faillí a dhéanamh ar an méid a deir sn Tiomna Nua ar laige an nádúir dhaonna, agus ar a riachtanaí is atá sé bheith de shíor san airdeall.

* * *

Tríú Domhnach Tríochad Saor
19 Samhain 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 

Réidh le buaileadh le Criost.
Céad Léacht 
(Seanfhocail). Cé ar féidir leis a dhíol de bhean chéile a fháil?
Dara Léacht 
(1 Teasalónaigh). Ná tagadh Lá an Tiarna gan fhios oraibh mar a bheadh bithiúnach
Soiscéal (Matha). Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna

 

Smaoineamh
Go traidisiúnta, ag deireadh bhliain an liotuirge agus roimh thús na hAidbhine bhí béim i liotúirge an Domhnaigh ar na críocha déanacha agus a riachtanaí is atá sé bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna, agus an breithiúnas a ghabhann leis an mbás.

Ní hiondual inniu machnamh a dhéanamh ar an mbás agus a riachtanaí is atá sé bás a fháil i ngrásta Dé, nó fiú machnamh a dhéanamh ar bhriathra Phóil chuig na Teasalónaigh maireachtáil mar chlann mhac agus chlann iníonacha an tsolais, de réir an tsoiscéil agus teagasc na hEaglaise. Agus go minic tagann an bás fós mar bhithiúnach san oíche, gan coinne.

Ábhar machnaimh eile dúinn ó liotúirge an lae inniu ná gurb í toil Dé go mbaineann gach duine againn úsáid as na buanna nádúrtha, na tallainn, atá againn, pé mór beag iad, agus sin dár leas féin agus do leas an chomharsa, do leas an phobail.

 Ní beag an t-ábhar machnaimh a thugann liotúirge an lae, agus na léachtaí seo, dúinn.

 

* * *

Sollúntas Chríost Rí na nUile
26 Samhain 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Ríocht Dé agus dúshláin an lae inniu
Céad Léacht 
(Ezícéal). Maidir libhse, a thréad, tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh
Dara Léacht (1 Corantaigh). Tabharfaidh sé an ríocht suas do Dhia an tAthair, agus tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán
Soiscéal (Matha). Rachaidh sé ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile

 

Smaoineamh
Is fiú léachtaí an lae inniu a mheas mar aon le cuid de Phreafáid Aifreann an lae inniu: ‘D’olaigh tú le hola an ghairdis d’Aonghin Mic, ár dTiarna Íosa Críost, mar shagart síoraí agus mar rí na n-uile, ionas go n-ofrálfadh sé é féin ina íobairt fhíorghlan réitigh ar altóir na croise agus rundiamhra slánaithe an chine dhaonna á gcur i gcrích aige; agus tar éis dó gach dúil a thabhairt faoina réir, go dtairgeadh sé duitse, a Dhia mhór na glóire, ríocht shíoraí gan teorainn, ríocht na fírinne agus na beatha, ríocht na naofachta agus an ghrásta, ríocht an chirt, an ghrá agus na siochána’. Ar talamh, tá glaoch ag an Eaglais bheith ag saothrú le go dtiocfadh ann do staid tosaigh na ríochta sin. Spreagann an Fhéile seo sinn le guí a chur suas do Dhia gurb amhlaidh a bheidh.

Inniu agus an iarracht ann cursaí stáit a scaradh ón eaglais, agus ó chreideamh, agus saol saeclárach a bheith ann, deir daoine áirithe gur polaiteoirí nó cathróirí, nó ealantóirí iad ar dtús agus ansin Críostáithe nó Caitlicigh. Ní ceadaíonn dílseacht do Criost an Tiarna sin; ní ceadaíonn Íosa d’aoinne é a chur sa dara háit. Is fada siar an cheist idir dílseacht do Chríost, dá eaglais, agus an stat, agus is ionann na prionsabail a ghabhann leis an gceist inniu agus a bhí riamh.

Beidh ríocht Dé agus ríocht Chríost i gcoimhlint leis an brú a thagann ón aindiachas, nó neamh-dhiachas, ar mhaith leis a chur ina luí ar dhaoine nach ann do Dhia. Ní mór do chreidmigh bheith san airdeall faoi na fórsaí atá ag obair lenár linn. Níl teorainn leis an líon agallamh ar féidir a bheith againn le saol an lae inniu, ag eascair ó chreideamh i gCríost, Rí na nUile.

 

* * *

 

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.