November 2024: Leathanach don Cheiliúraí
Leathanach don Cheiliúraí
Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
3 Samhain 2024
31ú Domhnach na Bliana
Le tamall anuas tá sé tugtha faoi deara ag duine sa dioscúrsa poiblí, sna meáin agus in áiteanna eile, go bhfuil an spioradáltacht i gcodarsnacht le reiligiún, chun aimhleasa an reiligiún, amhail is dá mba inghlactha agus inmholta suim a bheith agat sa spioradáltacht agus é a chleachtadh seachas reiligiún. Is gnách go mbreathnaítear ar chreideamh mar reiligiún foirmiúil, dogmatach, rialaithe ó thuas, ag údarás reiligiúnach, seachas mar reiligiún spontáineach. Níl sé éasca a shainiú cad is brí go díreach le ‘spioradáltacht’, fiú dóibh siúd a úsáideann an téarma. Ar chiall amháin is léiriú ar bith ar an spiorad daonna é. Nuair a deir cuid acu go bhfuil suim acu sa spioradáltacht, ní sa chreideamh, b’fhéidir go gciallódh siad go bhfuil meas acu ar rudaí an spioraid, seachas a bheith ábharthach. Uaireanta úsáidtear an focal chun a chur in iúl go bhfuil an duine atá á úsáid tar éis éirí as cleachtas reiligiúnach, ní gá a chreideamh féin, ar a laghad ní ina n-iomláine. ó réigiún amháin go ceann eile. Cé go bhféadfadh go mbreathnódh roinnt againn ar na ceisteanna nach bhfuil iontu ach ceist shéimeantach, d’fhéadfadh sé a bheith ollmhór dóibh siúd atá i gceist. In aon idirphlé leo seo laistigh de chomhthéacs Críostaí, ní mór an difríocht idir spioradáltacht mar léiriú ar an spiorad daonna agus spioradáltacht Chríostaí a dhéanamh soiléir. Is ón Spiorad Naomh, Spiorad Dé, Íosa, an Spiorad a thugann beatha agus dóchas nua istigh dúinn, a thugann feasach dúinn gur clann Dé sinn a thagann spioradáltacht Chríostaí do chách, don óg agus d’aosta, do dhaoine foghlamtha agus do dhaoine gan teagasc. agus glaoch ar Dhia mar ‘Athair’, Abba, díreach mar a rinne Íosa. Tugann an Spiorad Naomh seo beatha don Eaglais, glantar agus cothaíonn í. Spioradáltacht í a bhfuil bunús léi sa Spiorad Naomh agus ní mór í a chothú trí theagmháil bheo le Dia, le hÍosa, leis an Spiorad Naomh, leis na sacraimintí agus leis an Eaglais, leis an gCorp agus le Céile Chríost. Tá aithne ag an Spiorad Naomh ar an spiorad daonna agus ar a mhianta, agus cabhraíonn sé le gach duine é féin a thuiscint.
* * *
10 Samhain 2024
An Dara Domhnach Tríochad Saor
I soiscéal an lae inniu tugann Íosa foláireamh dá lucht leanúna bheith san airdeall faoi dhaoine mór le rá, le tionchar ar an bpobal, gur baol iad do theacht ann do ríocht Dé. Ní mór do phobal Dé bheith san airdeall i ngach aois faoi bhaol dá leithéid.
Ní féidir gan tabhairt faoi deara sna míonna deiridh seo, nó le blianta anuas, go bhfuil guthanna ag glaoch ar phobal na hÉireann, go háirithe ar an aos óg, machnamh a dhéanamh ar an ábhar agus a chur in iúl cad í an fhís atá acu do Éirinn sa ré seo romhainn. Tagann an ghairm seo ó ranna de na meáin phoiblí, ó phoiliteoirí áirithe, ó phearsana poiblí, roinnt díobh le stádas nach beag. Tá glaonna ann do eitic náisiúnta, phoiblí. Ar uairibh tá na glaonna sin de nádúr neodrach, agus is maith ann iad. Ach ar uairibh eile is glaonna iad faoi Éire a bheadh saolta, fiú daonnachtach, agus eitic den cló céanna, gan áit ag creideamh ná tionchar uaidh ann.
Is soiléir go bhfuil machnamh á dhéanamh ag pobal na hÉireann faoi cad é an sort tire atá uathu, agus cad í an fhís faoi sin a bheidh i réim. San ré sa ghabh tharainn tháinig an fhís sin ó phobal Caitliceach a bhí den chuid is mó de ag cleachtadh a gcreidimh. Tá an cás athraithe anois go bunúsach. Bíodh gur cháraigh 69% de phobal na Poblachta seo sa daonáireamh is déanaí (2022) mar Chaitlicigh Rómhánacha, tá sé beagnach cinnte go bhfuil líon nach beag díobh gur beag a n-eolas ar an bhfís Chríostaí mar a chuirtear sin inár láthair sa Tiomna Nua, fís ar rinneadh réaltacht di, a rinneadh beo í, i gcleachtadh an chreidimh agus taithí na sacramaintí.
Táimid tagaithe anois go pointe ina ghlaotar orainn machnamh a dhéanamh faoi conas freagra a thabhairt ar an staid ina bhfuimid agus conas gluaiseacht ar aghaidh uaidh sin. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an méid a scríobh údar Chéad Litreach Pheadar do Chríostaithe a bhí faoi bhrú i lár na chéad aoise seo: ‘Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim’ (1 Peadar 3:15-16).
Ní héasca an obair í seo. Tá an glaoch politiúil, saolta agus fiú daonnachtach atá i gceist againn i gcóir fís nua d’Éirinn dírithe ar an aos óg. Ní rud éasca é tabhairt ar ghlúin óg na hÉireann bheith díocasach faoi Chríost and an fhís seo Chríostaí faoina mbeatha féin agus faoin saol. Ach is fiú machnamh a dhéanamh air agus guí go dabharfaidh siad aird ar an mbaol atá ann dá gcreideamh. Is féidir linn go léir urnaí a chur suas chun Dé go n-ardóidh sé fir agus mná le ábaltacht i gcúrsaí liteartha agus i gcumas scríbhneoireachta, lán den fhís seo, leis an teachtaireacht chui a chur os comhair phobal an lae inniu i bhfriotal a oireann.
* * *
17 Samhain 2024
An Tríú Domhnach Tríochad Saor
Mar atá daoine ag éirí níos aosta, agus an bás ag teannadh leo, ní rud neamh-ghnách é go gcuireann siad an cheist an bhfuil aon bheatha iarbháis ann. Braitheann an freagra roinnt mhaith ar chreideamh an duine aonair. Ní shroistear deimhne ar an gceist tríd an réasún nó maoithneachas amháin. Tugann creideamh san Eaglais, agus n aiséirí Chríost agus a leanann as, an freagra: ionann creideamh i gCríost sa chiall shaibhir den fhocal agus aontacht na gcreidmheach go léir le Críost tar éis bháis. Sa chiall Chríostaí den fhocal ní deireadh, ní críoch, an bás. Mar a deirtear i bpreafáid na marbh: Níl sa bhás ach malairt bheatha.
Is féidir leis an dteagasc faoi aiséirí na colainne machnamh ceartaitheach a thabhairt maidir le mianta áirithe ár linne ar mhaith leo freagraí láithreach bonn a fháil ar phointí áirithe creidimh. Tá éabhlóid áirithe ann i gcursaí creidimh. Tháinig creideamh in aiséirí na colainne ann go han-déanach is stair Iosrael, i bhfad tar éis Abrahám, tar éis Íseáia (700 r. Chríost), Irimia (600 r. Ch.) agus daoine eile. Scagadh an teagasc a thuilleadh i stair na hEaglaise i glúine níos déanaí faoi mar a bhí gá le sin nuair a tháinig fadhbanna nua chun tosaigh. Bhí meon Gréagach ann arbh fhearr leis labhairt faoi bheatha shíoraí seachas aiséirí na colainne, ach chuir an traidisiún Críostaí ina choinne sin.
Bíonn plé ann inniu maidir le mireanna áirithe den traidisiún Caitliceach a bhaineann leis na Críocha Déanacha, an Phurgadóir san áireamh. Ina leithéid de phlé ní mór an fhírinne lárnach a dheighilt amach ó na slíte inar rinneadh trácht uirthi tríd na haoiseanna inar ligeadh srian go minic leis an tsamhlaíocht Chríostaí. Maidir leis an Phurgadóir, mar shampla, is í an fhírinne lárnach ann ná fiúntas urnaithe na mbeo do anamacha na marbh. Agus maidir le hIfreann, is é an creideamh lárnach ann go bhfuil Dia le pionós a ghearradh ar an mhuintir a dhéanann olc agus a bhfaigheann bás gan aithrí. Agus mar an gcéanna maidir leis an iliomad ceisteanna eile den sórt seo, ar fiú tagairt a dhéanamh do Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí ina dtaobh.
* * *
24 Samhain 2024
Sollúntas Chríost Rí na nUile
Tosaíonn salm faoi ríocht Dé mar seo: ‘Is é an Tiarna is rí; gairdíodh an talamh’ (Salm 97[96]). Is bonn muiníne é an creideamh in ríogacht Dé agus Chriost. Noctann Dia é féin go mór mór leis an aidhm seo, le lúcháir agus muinin a chothú. Leagann an Bíobla béim ar seo go bhfuil réimeas ag Dia ar chinniúint an duine aonair agus an chine dhaonna. Ní féidir le deachtóireach ar bith dhaonna a phlean diaga a mhilleadh nó a chur as riocht. Cuirtear béim ar chreideamh sa ríogacht seo go minic i dtrátha géarchéime. Tá seo soileir i bhfís Mhac ac Duine i Leabhar Dhainéil. Ba chúis mhuiníne an fhís dóibh siúd a bhí ag fulaingt go géar de bharr a gcreidimh i nDia Iosrael. Tugadh an fhéile seo isteach sa liotuirge céaduair ag an Pápa Pius XI sa bhliain 1925 mar fhreagra ar náisiúnachas agus an dí-eaglaiseachas a bhí ansin ag treisiú. Thug sé muinín i dtrátha ollsmachtaicais. Don fhísi Eoin taispeánann Críost é féin mar an fhinné dílis, an chéadghin ó mhairb, rialtóir ar ríthe an domhain, gur dó is dán do gach glúin chromadh ar deireadh thiar. Tá sé leis an Eaglais i ngach aois, ag tabhairt fianaise do fhirinne an Athar, agus, mar is gá, ag glaoch chun aithrí. I radharc an bhreithiúnais i Soiscéal Eoin is féidir Píoláit a thógaint mar chumhacht phoilitiúil neamhchreidmheach de réir cineáil de aois ar bith. Ní den saol seo ríocht Íosa. Tuigtear a nádúr ceart trí bhronntanas an chreidimh. Is é an finné dílis Críost Rí. Glaotar ar bhaill uile dá ríocht, is é sin an Eaglais, a bheith ina bhfinnéithe dá fhírinne sa domhan. I mbriathra Chríost féin dá fhísí Eoin, is líne de ríthe (ríocht) agus de shagairt iad dá Dhia agus dá Athair. I mbriatha Íosa do Phíoláit is chuige sin a tháinig sé ar an saol, chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne; agus iad sin a bhaineann lena ríocht dáiríre, agus atá ar thaobh na fírinne, éisteann siad lena ghlór. Tá teachtaireacht shimplí ag féile an lae seo dúinn go léir: Bíodh muinín gan teorainn againn as Dia, i gCríost ár Rí, atá i gcónaí lena Eaglais le í a neartú sa bhfíor-chreideamh. Ach éistimis chomh maith le glór Chríost an finné dílis agus le glór a Eaglaise a cuireadh ar bun le fianaise a thabhairt do ríocht Chríost inár lá seo féin.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.