October 2019: Leathanach don Cheiliuraí

06 Deireadh Fómhair 2019 – Lá don Bheatha (27C)

Réamhrá
Ba chóir dúinn an phaidir a bhí ag na haspail inniu a rá go minic: ‘Méadaigh an creideamh atá againn.’ (Lúcás 17:5)

Smaoineamh
Uaireanta cuireann géarchéim i saol duine isteach go mór ar an gcreideamh atá acu. An díomá an mearbhall agus uaireanta an fhearg a eascraíonn ó na fadhbanna seo, mar shampla, breoiteacht dífhostaíocht nó bás tobann is cúis imní eile é don nduine. Conas mar a tharla go raibh a leithéid de smaointe im aigne? Ach sna scrioptúir cloisimid mar gheall ar dhaoine leis an ndearcadh ceannann céanna. Tóg mar shampla an fáidh Habacúc sa chéad léacht inniu. Mhair sé i gcathair Iarúsailéim sular scriosadh an chathair sa bhliain 586 R.C. Sa sliocht gairid seo ceistíonn sé slite Dé nuair a fheiceann sé an t-olc ag méadú mórthimpeall air. ‘Cá fhad a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n-éistfidh tú liom?’

Ní foláir leis go raibh cuid de na haspail a d’iarr ar Íosa a gcreideamh a mhéadú amhrasach ar shlí éigin leis. Theastaigh uathu sólás d’fháil ón dTiarna ach an freagra a fuaireadar is ceann nach rabhadar ag súil leis. Moladh dóibh seilbh a choiméad ar sheoid luachmhar seo an chreidimh, an comhairle chéanna a thug Pól do Thiomóid sa tarna léacht: ‘An taisce luachmhar atá faoi do chúram cosain é le cabhair an Spiorad Naomh a chónaíonn ionainn, mar is eol dúinn sáraíonn an creideamh gach deacracht. ‘Tíolacadh gan tuilleamh is ea an creideamh a thugann Dia Dúinn. Féadfaimid an creideamh seo a chailliúint. Chun maireachtáil, fás agus leanúint go deireadh sa chreideamh, ní mór dúinn é a chothú le Briathar Dé; ní mór dúinn a impí ar an dTiarna é a mhéadú ionainn’. (Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí: 162)

Guí an Phobail
1. Stiúraigh saol agus saothar an uile dhuine ionas go méadófar ar ár gcreideamh ar ár n oilithreacht tríd an saol seo. A Thiarna, éist linn.

2. Go raibh daoine réidh glaoch Chríost a fhreagairt dul chun solas an chreidimh a chraobhscaoileadh ar fud an domhain. A Thiarna, éist linn.

3. Amárach Féile Mhuire na Corónach. A Thiarna, go raibh creideamh Mhuire ina ionsparáid dúinn chun do thoil a dhéanamh i ngach uile ní. A Thiarna, éist linn.

4. Go bhfaighe na h-easláin agus daoine atá ag fulaingt grástaí na síochána, na foighne agus an leighis ó Íosa – An t-Aoire Fónta. A Thiarna, éist linn.

5. Orthu siúd go léir a fuair bás ag súil leis an aiséirí. Suaimhneas síoraí agus Radharc na Tríonóide go raibh acu go léir i gCathair na Glóire agus go bhfaighe daoine atá croíbhriste ina ndiaidh sólás ina mbris. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Agus sinn go léir aontaithe le chéile sa chreideamh, tá sé de mhisneach dúinn a rá Ár nAthair …

Machnamh
Toradh tosta urnaí
Toradh urnaí creideamh
Toradh creidimh grá
Toradh grá seirbhís
Toradh seirbhíse síocháin.

The fruit of silence is prayer,
the fruit of prayer is faith,
the fruit of faith is love,
the fruit of love is service and
the fruit of service is peace.
AN MHÁTHAIR TREASA 1910-1997

* * *

13 Deireadh Fómhair 2019 (28C)

Réamhrá
Sa soiscéal tá cuntas ar an Samárach a tháinig ar ais chun buíochas a ghabháil le hÍosa. Is iontach an tsuáilce é an buíochas agus sinn bailithe le chéile d’Aifreann Dé cuimhnímid go gciallaíonn an focal Eocairist buíochas.

Smaoineamh
Uaireanta, tárlaíonn sé nuair a bhíonn taithí againn ar rudaí – maitheasaí ina measc – go ndéanaimid neamhaird orthu. D’fhéadfadh daoine dearmad a dhéanamh ar na híobairtí go léir a dhein tuismitheoirí ar a son. I gcásanna eile ní thugann daoine aitheantas ceart d’obair a dhein gaolta, cairde, múinteoirí nó lucht leighis dóibh. Uaireanta eile cosúil leis na lobhair sa scéal inniu (An naonúr eile cá bhfuil siad’ mar a dúirt Íosa) bíonn daoine áirithe mí-bhuíoch do Dhia as a thíolachtaí go léir.

Tóg mar shampla an bia a chuireann an Tiarna Dia ar fáil dúinn. D’fhéadfá a rá gur chuaigh An Gorta Mór i bhfeidhm níos mó orainn mar chine i gcomparáid le haon eachtra eile i stair na hÉireann. Ní gá dúinn ach cuntais a léamh ón am san chun léargas a fháil conas mar a ghoill easpa bia ar dhaoine. Anois, tá roghanna éagsúla bia agus dí ar fáil i ngach áit sa tír. Cheapfá go mbeimis buíoch as flaithiúlacht Dé dá bharr ach dealraíonn sé gur a mhalairt ar fad atá an scéal nuair a chuímhnímid ar an méid a chaitear amach agus a théann ar diomailt.

Bhíodh sé de nós riamh altú – focal a chiallaíonn buíochas – a rá roimh bhia agus tar éis bia. San imlitir Laudato Si molann an Pápa Proinsias filleadh ar an nós álainn seo atá lán de bhrí. ‘An nóimeat beannachta sin, dá ghiorra é cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuilimid ag braith ar Dhia don bheatha; neartaíonn sé ár mothú buíochais ar son tabhartais na cruthaíochta; tugann sé aitheantas dóibh siúd a sholáthraigh lena saothar na nithe fónta seo, agus dearbhaíonn sé ár ndlúthpháirtíocht leo is mó atá i ngátar.’
(Laudato Si’; 227. An Sagart a d’fhoilsigh)

Guí an Phobail
1. Go rabhaimid go léir buíoch do Dhia as na grástaí agus na tíolachtaí go léir a bhronnann Sé orainn. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son na nóg, go bhfásfaidh said i ngrásta Dé faoi shláinte coirp agus anama. A Thiarna, éist linn.

3. Go gcumhdaí Dia na h-easláin go léir agus a muintir buartha mar gheall orthu agus gach uile dhuine a thugann aire do dhaoine atá breoite. A Thiarna, éist linn.

4. Rath Dé ar gach éinne atá ag saothrú chun glóire Dé agus go raibh an uile dhuine slán sábháilte i mbun a ndualgaisí. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Agus sinn ag gabhail buíochais do Dhia as a mhaitheasaí go léir déarfaimid le chéile:
Ár nAthair.

Machnamh
Beannaigh sinn a Dhia, beannaigh ár mbia is ár ndeoch, Ós tú a cheannaigh sinn go daor, saor sinn ó gach uile olc.
ALTÚ ROIMH BHIA

Moladh leis an Rí nach gann, moladh gach am le Dia
Céad moladh agus buíochas le hÍosa Críost ar son ar itheamar is a n-íosfaimid de bhia
ALTÚ TAR ÉIS BIA

* * *

20 Deireadh Fómhair 2019 – Domhnach na Misean (29C)

Réamhrá
Inniu Domhnach na Misean. Iarraimid ar an dTiarna a bheannacht a chur ar mhisinéirí agus gach duine a chabhraíonn leo in aon tslí.

Smaoineamh
Le déanaí ainmníodh Eoin Henry Newman (1801 –1890) mar naomh. Bhí dlúthbhaint aige le cúrsaí oideachais in Éirinn agus tá cáil ar leith ar na leabhair a scríobh sé. Is minic a cloistear machnamh dá chuid – Some Definite Service, píosa atá an-oiriúnach do Dhomhnach na Misean atá á cheiliúradh ar fud an domhain inniu. Sa phíosa áirithe seo deir Newman gur chruthaigh Dia mé chun seirbhís áirithe a dhéanamh. Tá misean agam ó Dhia, nár tugadh d’aon duine eile. B’fhéidir nach bhfuil a fhios agam cad é an cúram seo ach inseofar dom sa tsaol thall. Tá mo mhisean agam agus dá bhrí sin táim mar nasc idir dhaoine agus cosúil le hÍosa raghaidh mé mórthimpeall ag déanamh na maitheasa mar tá a fhios ag Dia cad tá á dhéanamh aige.

Nuair a baisteadh sinn tugadh misean dúinn maireachtaint mar dhaoine de chlann an tsolais agus mar thoradh ar sin tá dualgas orainn solas Chríost a chraobhscaoileadh go himillchríocha na cruinne. Ní rud roghnach é seo. Ar an lá speisialta seo tugtar deis dúinn athnuachan a dhéanamh ar an misean a thug Dia dúinn agus cabhrú le misean na hEaglaise lenár n-úrnaithe lenár níobairtí agus cabhair a thabhairt do eaglaisí óga ar fud an domhain, go háirithe tacaíocht a thabhairt don eagraíocht World Missions.

Guí an Phobail
1. Ar son mhisinéirí, ar son na bpobal Chríostaí a sheol iad agus ar son na gcomhluadar a ghlac agus a chuir fáilte rompu. Go mbeannaí Dia ár misinéirí uile agus go mbeannaí sé freisin iad siúd atá ina misinéirí chugainn. A Thiarna, éist linn.

2. Orthu siúd ar fud an domhain atá ag fulaingt géarleanúna nó éagóra nó aon chineál foréigin. A Thiarna tabhair do shólás agus do shíocháin dóibh agus cabhraigh linn teacht i gcabhair orthu. A Thiarna, éist linn.

3. Ar son mhuintir an pharóiste: gabhaimid buíochas le Dia dóibh agus iarraimid ar Dhia iad a bheannú, ach go háirithe iad siúd atá tinn nó in aon ghá. Beannaigh chomh maith iad siúd go léir a chabhraíonn le daoine atá I ngátar. A Thiarna, éist linn.

4. Ar son an phobail seo bailithe le chéile sa chreideamh. Táimid buíoch dár gcairde a thugann tacaíocht dúinn ar ár n-oilithreacht sa tsaol seo. A Thiarna, éist linn.

5. Ar son ár misinéirí nach maireann agus ar son ár marbh ar fad. Cuir fáilte rompu isteach i solas do ríochta a Thiarna agus tabhair an bheatha shíoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

An Phaidir
Is mian le Dia go slánófaí an uile dhuine, mar sin aontaithe le chéile déarfaimid ‘Ar nAthair’.

Machnamh
‘Ba mhia liom an soiscéal a chraobhscaoileadh i ngach aird den ndomhan agus sna hoileáin is imigeiniúla féin’. (Scéal Anama le Treasa de Lisieux (Éarlamh na Misean). Aistrithe ag an Athair Benedict Ord na gCarmilíteach, nach maireann.

* * *

29 Deireadh Fómhair, 2019 (30C)

Réamhrá
Ní leor bheith buanseasmhach san urnaí ach tá sé riachtanach bheith umhal i lathair Dé.

Smaoineamh
Tá scéalta i dtraidisiún na hÉireann agus ceacht le foghlaim uathu ar aon dul leis an dteagasc atá i bparabal an lae inniu. Ta cur síos i gceann de na scéalta seo ar fhear mórchúiseach a bhí ag maireachtaint faoin dtuath. Bhí dímheas aige ar a chomharsana agus bhíodh sé de nós aige dul ar aifreann gach lá – rud a bhí neamhchoitianta ag an am san. Ag é ag cur agus ag cúiteamh seo bhí plean aige. Rinne sé poll i mbosca agus huireadh sé cloch bheag sa bhosca gach lá tar éis aifrinn. Shochraigh sé sin a dhéanamh ar feadh bliana, agus nuair a bheadh an t-am sin caite bheadh ‘stór’ luachmhar cnuasaithe aige dó féin – ní do Dhia ná d’éinne eile ach dó féin. D’imigh an t-am agus nach é a bhí ar bís agus é ag feitheamh leis an lá mór chun radharc d’fháil ar an stór. Tháinig an sprioclá agus in onóir na hócáide bhí searmanas beag aige ar dtús. Chuir sé an bosca ar an mbord agus bhain an clúdach de. Leath a shúile air nuair a chonaic sé cad a bhí os a chomhair amach – cloch bheag amháin. Ar nós an Fhairisínigh a chuaigh suas go dtí an teampall bhí an fear sa scéal áirithe seo ag cur in iúl do Dhia cé chomh maith agus a bhí sé.

Mar a mhíníonn an tAthair Donnchadh Ó Floinn a mhalairt atá sa chonguine – meon an Phoibliceánaigh. Is conguine é croíbhrú gnáth, bheith i gcónaí cuimhnitheach gur peacaigh sinn agus go bhfuil ár bpeacaí maite. Duine mar sin ní fhéadfadh sé bheith daor ina bhreithiúnas ar dhuine ar bith agus iontas ar a chroí mar a fuair sé féin saorbhreith (Aibhleoga Cráibhidh).

Guí an Phobail
1. Ar son na hEaglaise ar fud an domhain go léir. Go raibh solas Chríost mar threoir aici i gcónaí agus an t-aontas is áil le Críost mar sprioc roimpi i gcónaí. A Thiarna éist linn.

2. Go mairimid go cóir síochánta agus go dtugamid tacaíocht dá chéile i gcónaí i dtreo is go gcabhróimid le chéile Ríocht Dé a shroichint. A Thiarna éist linn.

3. D’ár muintir uile. Tabhair cabhair agus sólás do sheandaoine, do dhaoine breoite agus do éinne atá fé bhuairt inár measc. A Thiarna éist linn.

4. Go dtuga Críost chuig glóire na bhflaitheas i muintearas síoraí leis féin na daoine a fuair bás le déanaí agus na mairbh go léir. A Thiarna éist linn.

An Phaidir
Téann guí an duine uirísil suas trí na néalta da bhrí sin tá sé de mhisneach a rá; ‘Ár nAthair’

Machnamh
Umhlaíocht
Ná hamharc go minic ar do bhróig, is ná déan stró as do bhrat, Siúl go huiríseal i ród agus beannaigh faoi dhó don duine bocht.
PAIDREACHA NA GAEILGE –
EAG: DONLA UÍ BHRAONÁIN

* * *