October 2020: Leathanach don Cheiliuraí

Leathanach don Cheiliuraí

An tAth Caoimhín Mac Giolla Easboig

Ardeaglais Cholmcille &

Adhamhnáin Naofa

Leitir Ceanainn

 

4 Deireadh Fómhair
27ú Domhnach le linn na bliana
Lá don Bheatha

Tá gort an Tiarna torthúil, saibhir. Tugaim cuireadh dhaoibh machnamh a dhéanamh ar obair an gharaíodóra diaga, in bhur gcroíthe, le go dtuga sé dea-thoradh in am trátha.

 

Smaoineamh: Mt 21:33-43

Go ró-mhinic maireann muid leis an dearcadh go bhfuil cearta againn gan dualgas d’aon sórt. Dearcann muid ar an saol agus chíonn muid an méid atá de dhíth orainn féin, gan smaoineamh ar an iarracht atá de dhíth uainn féin. Tá oidhreacht i ndán dúinn, fiú gan dílseacht ná buíochas inár gcroí. Níl sé doiligh ligint do spiorad santach fás inár gcroí istigh, saint a itheann an mhaith agus a dhiúltaíonn an grá. Ón a leithéid de chuibhreann, ní bhíonn dea-thoradh ná faoiseamh. Ar lámh amháin, níl doimhneacht cré ná saibhreas talaimh; agus ar an lámh eile, níl deireadh leis an gcoimhlint atá mar thoradh ar an tsaint. Tá toradh ar Ríocht Dé le fáil ón umhlaíocht, ón dílseacht, ón charthanacht agus ón tsaoirse nach santaíonn cuid na comharsan, ach a ghlacann le gach rud ó lámha Dé, cinnte go dtíolacfaidh sé gach rud atá i ndán do chlann Dé.

 

Guí an Phobail

1. Guímid ar son NaomhEaglais Dé; go gcumhdaí Dia í i dtráth agus in antráth. A Thiarna éist linn.

2. Guímid ar a son siúd atá tinn agus breoite, go h-áirithe ag galar COVID-19; go bhfaighe siad leas agus neart. A Thiarna éist linn.

3. Guímid go dtuigfidh muid nach linne maitheasa an tsaoil, ach go bhfuil gach rud ina bhronntanas le bronnadh ar an gcomharsa. A Thiarna éist linn.

4. Guímid ar son na mairbh, go h-áirithe N., N.; go bhfaighe siad an oidhreacht shíoraí atá geallta ag an Tiarna. A Thiarna éist linn.

A Athair ró-thrócaireach, níl dea-thoradh ar ár saol ach trí do ghrásta-sa; tabhair dúinn glacadh le do bhronntanais neamhaí agus fómhar fial a thabhairt uainn i ngrá agus i gcarthanacht. Trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Aitheanta an tSlánaitheora dár dtreoradh agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal scoir

Réir Dé go ndeineam. Beatha na Naomh go dtuilleam. Solas na bhflaitheas go bhfeiceam. Agus glórtha na n-aingeal go gcloiseam.

* * *

11 Deireadh Fómhair
28ú Domhnach le linn na bliana

Tá grásta an Tiarna romhainn agus inar ndiaidh. Le umhlaíocht agus le misneach tagann muid os a chomhair ag lorg a chuidiú agus a thrócaire.

 

Smaoineamh: Mt 22:1-14

Nach gcuireann muid iontas i dtólamh i bhfearg an Tiarna leis an bhfear a tháinig ag ceiliúradh na bainise gan an t-éadach cóir. Nár thiomáin na searbhóntaí na
h-aíonna ó na bóithre agus na croisbhealaí? Is cinnte nach gléasta in éadaigh mhíne a bhí siad, agus is cosúil go raibh an iomad measa acu ar an gcuireadh chun na bainise ‘s gur ghléas siad iad féin mar a b’fhearr a thiocfadh leo. Agus an t-aoi seo, cad chuige nach raibh an t-éide cóir air? Ní fios dúinn. An falsacht ba chúis leis? Nó bochtaineacht? Nó drochmheas? Cibé scéal é, glacadh leis mar mhasla agus fágadh amuigh as an gcomhluadar é. Nach doiligh an dá ghné sin de nádúr Dé agus nadúr na Ríochta a chur le chéile: go bhfuil an Tiarna lán de ghrá agus uile-thrócaireach; agus go bhfuil sé uile-chumhachtach, millteannach, maorga. Maorgacht agus umhlaíocht Dé, tá siad beirt ag lonnadh in Íosa; go lige muid don bhuíochas greim a fháil ar ár gcroí in áit an dánachta.

 

Guí an Phobail

1. Go raibh rath ar mhisean NaomhEaglais Dé an Sóiscéal a chraobhscaoileadh i ngach glúin agus i ngach áit. A Thiarna éist linn.

2. Guímid ar a son siúd atá ag foghlaim an Chreidimh le h-aghaidh baisteadh nó atá ag tiontadh chuig an NaomhChreideamh; go bhfaighe siad tuiscint ar Chríost agus a bheatha. A Thiarna éist linn.

3. Guímid ar son na ndaoine atá tinn, go h-áirithe duine ar bith atá breoite i gcorp nó in intinn ar feadh tréimhse fada. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na mairbh; go gcruinneofar isteach ag bainis an Tiarna gach duine a chuaigh romhainn. A Thiarna éist linn.

 

A Athair uilechumhachtaigh, is sa ghrá is mó a thaispeánann tú do chumhacht. Dearc go cineálta ar ár nguí, óir níonn muid é trí Chríost ár dTiarna, a thugann faoiseamh do gach croí.

 

An Phaidir

Aitheanta an tSlánaitheora dár dtreoradh agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal scoir

A aingil uasail, a aingil Dé, cabhraigh liom ar fud an lae; bí le m’ais go síoraí dlúth, ná lig don diabhal mé a chur amú.

* * *

18 Deireadh Fómhair
29ú Domhnach le linn na bliana
Domhnach na Misean

Is é seo Domhnach na misean inniu. Ag smaoineamh ar na céadta sagart, bean rialta agus tuata atá ag obair i gcéin faoi láthair, tá sé de dhualgas orainn smaoineamh ar ár bpáirt i spréadh an tsoiscéil.

 

Smaoineamh: Mt 22:15-21

Seo ceann de na freagraí is mó a thug Íosa ar an gceist sin, an muintearas idir dhualgais an tsaoil agus dualgais na flaithis. Tá sé níos tábhachtaí inniu ná mar a bhí riamh. Nach minic a cheistíonn muid sinn féin an bhfuil muid dílis go leor don Tiarna, nó an bhfuil eagla orainn ár ndroim a thabhairt leis an domhan. Tá muid faiteach an soiscéal a chur i láthair gan leithscéal, eaglach roimh dheachtóireacht an tuairim inghlactha. Níor thoisigh an Tiarna cogadh cultúrtha, ach dfhág sé soiléir é gur cheart don Chríostaí a dhualgas a dhéanamh i dtaca lena chomrádaithe, ach a shaol a sholáthar do Dhia amháin. Maireann muid i ré a thugann ocáid dúinn ár gcreideamh a íonghlanadh, mórán nach bhfuil riachtanach a fhágáil ar leathtaobh, agus Íosa a leanstan le croí glan éadtrom. Is é seo tús agus ceannscríbe an mhisin.

 

Guí an Phobail

1. Don Eaglais ar fud an domhain; nach dtiocfaidh meath ná easpa uchtaigh uirthi an Soiscéal a chraobhscaoileadh ar fud na cruinne, i ngach ré agus i ngach glúin. A Thiarna, éist linn.

2. Ar son ar misinéirí sa bhaile agus i gcéin, go gcoinneoidh Dia slán sábháilte iad, agus saor ó gach baol. A Thiarna, éist linn.

3. Ar son na Críostaithe nach bhfuil saoirse creidimh acu, go h-áirithe i dtíortha ina bhfuil ansmacht, cogadh no éagóir. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na mairbh; go dtuga Dia dóibh an oidhreacht geallta aige do chlann Dé. A Thiarna éist linn.

 

A Athair atá mín agus cóir, tabhair dúinn an mhaith a lorg agus a dhéanamh agus freastal ort i ngach gné den saol. Trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tSlánaitheora dár dtreoradh agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal scoir

Slán leat, a Mhuire, slán leat, a Íosa, slán leis an gcrann ar céasadh Críost air. Nár dhéanadsa peaca go bhfillead arís ort.

* * *

25 Deireadh Fómhair
30ú Domhnach le linn na bliana

Nach méanar dúinne atá ábalta teacht le chéile i gcomhluadar dhiaga an Aifrinn! Nuair atáimid i mbaol an chuidiú dhiaga a chailliúint, is ansin ba cheart dúinn machnamh a dhéanamh ar chomh mór an rúndiamhar é an tAifreann, agus ar an mbeannacht iontach a bronnadh orainn a bheith i láthair le fíor-chreideamh Chaitlicigh san Eocairist ró-naofa.

 

Smaoineamh: Mt 22:34-40

Is É Íosa an Máistir. Tá dhá chineál ceistiú sna soiscéal: ceistiú an deisceabail agus ceistiú diúltóra. Níl ‘fhios ag an deisceabal cad atá roimhe. Tá a cheistiú fiosrach, ag teacht óna chroí, ag bualadh le croí. Ní fios dó an ceann scríbe. Ach an diúltóir, níl slí ar bith roimhe, níl rúndiamhar ar bith amach roimhe. Tá sé cinnte den tús agus den deireadh agus cuireann sé an cheist, ní le eolas a aimsiú ach leis an slí a dhruid. Go ró-mhinic síleann muid nach ceart ceist a chur, bíonn eagla orainn roimh an slí. Agus insíonn an saol dúinn go bhfuil na freagraí uilig le fáil abhus, nach ceart muinín a chur san rúndiamhar. Ach is deisceabail sinne, agus caithfidh muid foghlaim le bheith inár ndeisceabail gan stad. Osclaíonn an Tiarna ár mbeola le go n-éisteoidh muid le cluas dheisceabail, beola a labhraíonn an Briathar, agus cluas a éisteann leis.

 

Guí an Phobail

1. Don Eaglais ar fud an domhain, go h-áirithe ar son ár bPápa Proinsias; go gcumhdaí Dia é agus go mbeannaí sé é le sláinte agus fad saoil. A Thiarna éist linn.

2. Do mhúinteorí i scoileanna Chaitlicigh agus do lucht léinn, óg agus aosta; go dté siad i dtóir ar an bhfírinne agus ar thobar na fírinne, Críost ár dTiarna. A Thiarna, éist linn.

3. Dúinn féin uilig; go raibh ocras na fírinne orainn agus solas Dé dár dtreoradh ón méid atá bréagach. A Thiarna, éist linn.

4. Dóibh súid atá tinn, i gcorp nó in intinn, sa bhaile nó sna h-otharlanna; go bhfaighe siad leas agus faoiseamh ón Tiarna. A Thiarna, éist linn.

5. Dóibh siúd atá imithe ar shlí na fírinne, go h-áirithe N., N.; go ndéana Dia trócaire orthu, agus go raibh siad ina láthair ar feadh na síoraíochta. A Thiarna, éist linn.

 

An Phaidir

Aitheanta an tSlánaitheora dár dtreoradh, agus briathar Dé dar dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá …

 

Focal scoir

Nach iontach áilleacht na cruinne agus obair Dé inár n-anam. Go dtuga sé radharc a shúile féin dúinn leis an áilleacht sin a fheiceáil, agus maireachtáil dá réir.

 

To download this page, click here.