October 2021: Irish Notes

Leathanach don Cheiliúraí

Fr Donncha O hAodha, Dalkey, Co Dublin

An Seachtú Domhnach Fichead Saor.
Bliain B • 3 Deireadh Fómhair

Réamhrá

I véarsa an Alleluia inniu, iarrann muid ar an Tiarna, i bhfocail N. Póil, ‘go n-osclaí sé súile ár n-aigne chun go dtuigfimis cad é mar údar dóchais dúinn ár ngairm ag Dia’ (Eif 1:17-18). Leis an fhírinne a rá, níl sé éasca dúinn áilleacht agus saibhreas ár ngairm mar Chríostaithe a thuiscint go hiomlán, ós rud é go bhfuil grá Dé chomh mór agus chomh fairsing sin. San Aifreann Naofa is féidir linn ár nguí a dhéanamh chun go mbeadh léirthuiscint níos fearr againn ar ‘fad agus leithead agus airde agus doimhneacht’ ghrá Dé (Eif 3:18).

Smaoineamh

Tá áilleacht ar leith ag baint le suáilce na macántachta. Bíonn meas agus uaisleacht speisialta le feiceáil i ndaoine a bhíonn oscailte, soiléir agus fírinneach.

Sa Soiscéal inniu labhrann an Tiarna linn go macánta agus le firinne faoi áilleacht an phósta faoi mar a bhunaigh Dia é.

     Ta codarsnacht mhór idir na Fairisínigh a chuir ceist ar Íosa mar go raibh siad ‘ag baint trialach as’, agus na leanaí simplí agus soineanta a thagann chuig Íosa: ‘Is lena leithéidí seo ríocht Dé’.

     Tá tábhacht agus luach ar leith ag baint leis an macántacht sa chaidreamh daonna: i gcás an lánúin phósta, idir cairde, i saol na clainne agus idir comhghleacaithe oibre.

     Bímís simplí, oscailte, macánta freisin le Dia, inár n-urnaí, óir is Eisean an Fhírinne féin (fch. Eoin 14:6).

 

 

An t-Ochtú Domhnach Fichead Saor.
Bliain B • 10 Deireadh Fómhair

Réamhrá

Tá féasta na beatha síoraí ullmhaithe ag Dia ár nAthair dóibh sin a chuireann fáilte roimh a ghrásta. Is é atá i liotúirge na hEaglaise ná tús na beatha síoraí seo. Sna sacraimintí, go mór mhór sa bhFaoistin agus san Eocairist, tugann an Tiarna an bheatha shíoraí dúinn. Trí ghrásta Dé sa saol seo tiocfaidh muid chuig glóir Dé sa saol atá le teacht.

Smaoineamh

‘Tá briathar Dé beoúil bríomhar’ a deirtear linn sa dara léacht inniu (Eabh 4:12-13). Ní ‘focal’ amháin é briathar Dé, ach Duine, an Duine-Dhia: Íosa Críost. ‘Rinneadh feoil den Bhriathar’ (Eoin 1:14). Mar sin, is é atá i gceist inár gCreideamh, thar aon rud eile, ná caidreamh pearsanta, cairdeas, grá don Té a ionchollaíodh ar ár son i mbroinn na Maighdine Beannaithe.

     Ós rud é gur tháinig ár Slánaitheoir chugainn mar bhriathar, is fiú go mór éisteacht le hÍosa. Ag Claochlú an Tiarna, comhairlíonn an tAthair Síoraí dúinn: ‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug me gnaoi; éistigí leis’ (Mth 17:5).

     Tá rud pearsanta simplí le rá ag Íosa Críost le gach duine againn. Éistimís go ceansa le guth ceanúil an Tiarna: trí roinnt ama a thabhairt gach lá don urnaí phearsanta, an Scrioptúr a léamh go mall, am a chaitheamh i gcomhluadar na Saicriminte ró-Naofa.

     Níl sé éasca dúinn éisteacht a dhéanamh sa lá atá inniu ann, mar go bhfuil an oiread sin gníomhaíocht agus ruathar ar siúl, an bogadh anseo agus ansiúd, tarraingt na meáin chumarsáide, an fón póca, srl. Ach is fiú go mór éisteacht leis an Té a bhfuil ‘briathra na beatha síoraí’ aige (Eoin 6:68).

 

 

An Naoú Domhnach Fichead Saor.
Bliain B • 17 Deireadh Fómhair

Réamhrá

Gabhaimís buíochas mór le Dia as an gcuireadh a thugann sé do gach duine againn bheith ina chuideachta, go mór mhór san urnaí is áille agus is cumhachtaí dá bhfuil ann: sé sin an Ceiliúradh Eocairisteach, an tAifreann Naofa.

Smaoineamh

Is amhlaidh nár thuig Séamas agus Eoin céard a bhí i gceist i ndáiríre le ríocht Dé (fch. an Soiscéal). Ní tiarnú ar dhaoine eile atá i gceist, ach freastal orthu, óir ‘níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán’ (Marc 10:45).

     Is é an cruthúnas is mó go bhfuil fíor-ghrá againn do dhaoine ná go bhfuil muid toilteanach cur as dúinn féin ar mhaithe leo san. D’iompair Íosa ualach ár gcionta muidne ar an gCrois (fch. an chéad léacht). Rinne an Tiarna freastal orainn trína Íobairt.

     Is é an Íobairt seo eisint nó bunbhrí an Aifrinn. ‘Aon íobairt amháin is ea íobairt Chríost agus íobairt na hEocairiste’ (Caiticiosma 1367). San Eocairist múineann an Tiarna dúinn conas freastal a dhéanamh ar a chéile, agus is tríd an Eocarist a thugann sé dúinn an grásta le bheith in ann cur as dúinn féin ar son daoine eile: daoine eile sa chlann nó san áit oibre nó sa saol sóisialta.

 

An Tríochadú Domhnach Saor. Bliain B
Domhnach Domhanda na Misean
24 Deireadh Fómhair

Réamhrá

Ar an Domnach Domhanda seo na Misean, molann an tAthair Naofa Proinsias dúinn machnamh a dhéanamh ar fhocail seo N. Lúcáis i nGníomhartha na nAspal: ‘Ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn’ (4:20). Ní féidir linne gan gliondar agus áilleacht an tSoiscéil a roinnt lena lán daoine eile.

Smaoineamh

Sa Soiscéal inniu feicimid cineáltas an Tiarna agus é ag tabhairt radharc go míorúilteach don bhfear déirce dall. Tríd an slánú a thairgeann sé dúinne, osclaíonn an Tiarna ár súile muidne freisin ionas gur féidir linn tuiscint a fháil ar an mbeatha shíoraí.

     Ar Dhomhnach seo na Misean tugtar seans dúinn go léir áilleacht ár ngairme mar aspail Chríost a thuiscint arís. Is ag Críost atá ‘solas na beatha’ (Eoin 8:12), ach as a mhór-ghrá is mian leis an solas sin a scaipeadh trí do shaol tusa agus trí mo shaol mise. Cé gur pheacaigh muid go léir, tá an ghairm agus an cumas againn go léir solas Chríost a roinnt lena lán daoine aile.

     Conas gur féidir linn solas Chríost a roinnt le inár ngnáth- shaol laethúil? Ar an gcéad dul síos is féidir linn guí ar son daoine eile agus íobairtí a ofráil suas ar a son. Cuireann muid ‘lúchair an tSoiscéil’ in iúl chomh maith tríd an grá a bhíonn againn d’ár gcomharsain, trínár gcairdeas, ár ndea-shampla agus trínár bhfocail chomh maith. Cé an fáth nach labhródh muid faoi Íosa, ár ndóchas, ár solas agus ár ngrá?

 

An tAonú Domhnach Tríochad Saor.
Bliain B • 31 Deireadh Fómhair

Réamhrá

Is minic a ghoirtear ‘Sacraimint an Ghrá’ ar an Eocairist, ós rud é gurb é Íobairt aon-Mhic Dé ar ár son é an tAifreann Naofa. Agus muid ag glacadh páirt ghníomhach anois san Ofráil naofa seo, is féidir linn cabhair a lorg ón Tiarna chun go méadóidh sé ar ár gcarthannacht agus chun go mbeidh grá níos mó againn do Dhia agus d’ár gcomharsana lá i ndiaidh lae.

Smaoineamh

Cuirtear an chéad aithne, is é sin aithne an ghrá, ós ár gcomhair i Liotúirge an Bhriathair inniu. Ní hé amháin gurb aithne é an grá, ach is ón ngrá a eascraíonn ár ndínit agus ár gcuspóir mar dhaoine daonna. Cruthaíodh ar dheilbh Dé muid (fch. Gein 1:28). Ós rud é gurb é Dia an grá (1 Eoin 4:8), ciallaíonn sé sin go bhfuil an ghairm chun an ghrá sáite go fíor-dhomhain ionainn go léir a cruthaíodh de réir deilbh Dia an ghrá.

     Bíonn éagsúlacht ag baint le gairmeacha pearsanta daoine sa saol seo: pósadh, saol singil, sagartóireacht, srl, ach tá an ghairm chéanna againn chun an ghrá ag gach uile dhuine. Is tríd an grá amháin a thagann muid ar ár gcomhlíonadh mar dhaoine agus mar Chríostaithe. Is é atá sa naofacht ná iomláine an ghrá.

     Foghlaimíonn muid an grá ón Tiarna, go mór mhór on mbronntanas a dhéanann sé de féin ar an gCrois agus san Eocairist. Bíonn fíor-ghrá againn sa mhéid go ndéanann muid tabhartas dínn féin i mion-eachtraí agus i mór-eachtraí an tsaoil.