October 2022: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Seán Ó Coigligh
Dún Dealgan, Co Lú

 

Deireadh Fómhair 3
27ú Domhnach Saor

 

Réamhrá
Is iomaí corr a bhíonn ar bhóthar na tsaoil agus bíonn sé deacair lámh Dé a fheiceáil in ócáidí a chuireann buairt agus imní orainn. Inniu iarraimid ar Dhia ár gcreideamh a neartú, go háirithe nuair a bhíonn ualach trom le hiompar againn.

 

SmaoineamhI
Tá mír in Death of a Salesman le Arthur Millar ina fheicimid an teannas idir athair clainne agus a mhac. Tá an t-airgead ag éirí gann agus tarraingíonn seo fearg agus náire ar an mhac dá athair. Cúlaíonn a athair le náire. Ach tagann an mháthair i gcabhair air. Tugann sí comhairle dá mac. Lig dó, a deir sí, mar tá sé ar nós báidín bhig amuigh ar an fharraige mhór i rith stoirme.

     Tá Íosa ar nós an athar sin inniu. Tá tuirse, frustachas agus mífhoighne le brath ann agus é ag éisteacht le heaspa tuisceana a lucht leanúna. Tá Íosa gafa lena chinniúint féin agus tá imní agus faitíos air. Léiríonn Íosa a mhífhoighne leo nuair a dhéanann sé comparáid idir dualgais freastalaí agus dualgais a lucht leanúna. Tá Íosa gonta agus borb leo. Nach dtuigeann siad gur leor a bheith dílis dá theagasc chun a gcreideamh a neartú? Faoi mar a d’fhan sé féin dílis do thoil a athair. Faoi mar a dhéanfadh freastalaí dÍlis agus é i seirbhís a mháistir.

     Is ait an mac an saol. Agus is iomaí corr ar bhóthairín an tsaoil a chuireann as dúinn, a dhéanann ídiú ar ár gcreideamh i nDia agus a spreagann an cheist ionainn, ‘Cá bhfuil Dia?’. Níos déanaí déarfaimid An Phaidir agus déarfaimid na focail, ‘Go ndéantar do Thoil’ agus arís, ‘ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc’. Ní thuig linn a bheith dáiríre ag rá na focail seo gan creideamh atá dílis agus cinnte.

 

* * *

Deireadh Fómhair 10
28ú Domhnach Saor

 

Réamhrá

Is pobal fáilteach iad na Gaeil. Inniu feicimid tábhacht an fháilte a fhearraimid roimh an Tiarna. Go dtuga an Tiarna croíthe fáilteacha dúinn chun go mbeidh sé in ann feidhmiú ionainn agus go mbeimid in ann i gcónaí Dia a ghlóiriú inár mbeatha agus inár ngníomhartha.
 

Smaoineamh
Cruthaíonn Lúcás íomhá uaigneach, aonarach agus é ag cur síos ar Íosa. Inniu cloisimid faoin deichniúir lobhair a leigheas Íosa. Foghlaimímid faoi thábhacht an fhocail bhuíochais. Ach is í freagairt an naonúr eile a fhanann linn. Nádúrtha go leor chuir a ndíomuíochas isteach air.

     Tá ceacht le foghlaim againn ó scéal na lobhar agus é sin tábhacht chreideamh an duine. Nuair a bhuail Íosa leo ar an bhóthar d’impigh siad ar Íosa cuidiú leo. D’aithin siad é, an dream seo a chónaigh amuigh ar imeall an phobail, agus chuir siad fáilte roimhe.

     Tá an fáilte fíorthábhachtach i Soiscéal Lúcáis. Comhairlíonn Íosa dá chairde gan fanacht i mbaile nach fearann fáilte rompu. Ina n-impí léirigh siad an fáilte, a gcreideamh, a lig d’Íosa teacht i gcabhair orthu. D’aithin na lobhair an Tiarna. Thuig siad cérbh é agus an todhcaí úr a bheadh acu dá mba thoil Dé é. D’imigh siad leo le croíthe maithe móra chuig na sagairt ach rinne siad dearmad ar an Tiarna, gach duine acu ach amháin an duine a tháinig ar ais chun buíochas a ghábháil leis.

     Is iomaí rud a chuireann bac orainn agus sinn ag steachailt leis an saol. Múineann ár gcreideamh i nDia go bhfuil an Tiarna réidh chun cuidiú linn. Ach ní mór dúinn an chéad choischéim a ghlacadh agus iarradh air. An focal fáilteach a léiríonn ár gcreideamh i gcumhacht agus i dtoil Dé.

* * *

Deireadh Fómhair 16
29ú Domhnach Saor

 

Réamhrá
Tá croí follán riachtanach don bheatha. Tá croí umhal riachtanach chun a ligint do Dhia sinn a threorú de réir a thola. Guimis inniu nach mbeidh Dia riamh bodhar dá n-achainíocha ach go mbeimid i gcónaí in ann glacadh lena thoil.

Smaoineamh
Tá macalla an Magnificat le brath i Soiscéal an lae inniu. Agus í ag adhradh Dé aithníonn Muire, máthair Íosa, Dia na nIosraelíteach mar Dhia atá go hiomlán ar thaobh na n-íseal; Dia a thugann áit speisialta dóibh siúd nach fhaigheann cothrom na féinne sa saol.

     Chreid scríbhneoirí an tSean Tiomna nach dtréigfeadh Yahweh a phobal riamh. Feicimid é seo i scéal Eacsadais nuair a threoraigh Maois na sclábhaithe amach as an Éigipt. Fiú nuair a thiontaigh siad ina choinne d’fhan Yahweh dílis dá phobal arís agus arís eile. Is é seo an Dia a chloiseann achainní agu impí na mbochtán, a anawim. Is é seo an Dia céanna a leag na prionsaí óna gcathaoireacha agus a d’ardaigh na daoine ísle. Is é seo an Dia a neartaíonn iad siúd a chreideann ann, a líon lucht an ocrais le nithe fónta agus a chuir uaidh na daoine saibhre follamh.

     Aithníonn Dia creideamh láidir na baintrí i soiscéal an lae inniu. Díríonn Íosa ár n-aird ar a hiompar, iompar atá le moladh. Seo bean, a raibh a trioblóidí féin aici, ach a thuig go raibh cabhair Dé gearr di agus níor stop sí ina himpí go dtí gur éist Dia léi. Croí umhal, oscailte, dáiríre na baintrí; croí nár chaill uchtach i ngrá Dé agus a thuig nach raibh cluasa Dé bodhar dá hachainíocha. Dia an anawim. Má tá lucht leanúna ár dTiarna ag iarraidh eiseamlár den chreideamh a shantaíonn siad is é croí na baintrí atá ag teastáil uathu.

 

* * *

Deireadh Fómnhair 23
30ú Domhnach Saor
Domhnach na Misean

 

Réamhrá
Is é saothar na hEaglaise teachtaireacht fuascailteach ár dTiarna a chraobhscaoileadh. Is misean cróga é agus is linne uilig é. Guimis inniu go dtuga an Tiarma misneach dúinn chun a bheith dílis inár saothrú i ngort Dé.

 

Smaoineamh
Is é slánú gach uile duine toil Dé agus luíonn an smaoineamh seo ag croílár Shoiscéal Lúcáis. Léirigh Íosa toil a Athair tré uirísle an pheacaí a mholadh. Go minic molann an Tiarna dá lucht leanúna aithris a dhéanamh orthu siúd in áit iompar doicheallach, stuacánta, ardnósach, iata na bhFairisíneach. Go minic chuir an comhairle seo olc ar údaráis na nGiúdach.

     Thuig na peacaigh agus na hísle seo go raibh gá le trócaire Dé ina mbeatha, rud nár cheadaigh a reiligiún féin. Mar sin chuir siad fáilte roimh an deis nua a thug an Tiarna dóibh. Todhchaí nua. Dóchas. An dóchas a thagann ó héisteacht le briathar Dé.

     Faoi mar a tharla d’Íosa go minic cuirtear go láidir i gcoinne luachanna an tSoiscéil. Ní gá ach súil a choimeád ar an nuacht chun an cos ar bholg a dhéantar ar pobail ar fud an domhain a fheiceáil; an tromaíocht a dhéantar orthu siúd a labhraíonn amach in éadan na daoirse agus a ghlacann an seasamh cróga ar son an chirt agus na cothromaíochta. Lóchrann an tí sholais i lár an dorchadais.

     Is í seo obair na hEaglaise; solas Dé, dóchas Dé, a scaipeadh i measc iad siúd a bhfuil dearmad déanta ag an saol mór orthu; orthu siúd atá ina gcónai ar an imeall; iad siúd atá gafa le drugaí, le bochtanas, lucht an eadóchais; anawim an lae inniu. In Éirinn agus thar sáile.

 

* * *

 

Deireadh Fómhair 30
31ú Domhnach Saor

 

Réamhrá
An rud is giorra don chroí is ea is deise don bhéal, a deir an seanfhocal. Go dtuga Dia croí dúinn ina mbeimid in ann é a ghlóiriú inár mbriatha agus inár ngníomhartha.
 

Smaoineamh
Nuair a chloisimid faoi iompar Zacchaeus i Soicéal inniu tagann na focail ‘Beart de réir mo bhriathar’ chun intinne; an manna a bhí ag Oisín agus na Fianna fadó. Níor leor an focal labhartha dóibh gan fírinne a mbriathra a bheith le feiceáil ina ngníomhartha. Thug na Gaeil laochas ar seo!

     Is beag laochais a bhí le feiceáil i measc roinnt Críostaithe ins an Afraic Theas nuair a bhí dlíodóir óg Hiondúigh Mohandas Karamchand Gandhi ag smaoineamh ar tiontú ar an Chríostaíocht agus theastaigh uaidh freastal ar shéirbhís eagalsta. Ach cuireadh cosc air dul isteach sa tséipéal. Tugadh an téarma maslach ‘kaffir’ air agus dúradh leis nach raibh áit ann dá léithéid. Blianta ina dhiaidh sin d’fhiafraidh misinéir Críostaí, E. Stanley Jones, de Gandhi cén fáth nár ghlac sé riamh leis an Chríostaíocht. Ag féachaint siar ar an eachtra sin dúirt Gandhi, ‘I like your Christ but I don’t like your Christians’! Breithiúnas damanta ar lucht leanúna Íosa!

     Aithnímid creideamh láidir i ngníomartha duine agus is e seo an dúshlán a chuirtear roimh Zacchaeus inniu. Feallaire agus gadaí a bhí ann agus b’fhuath leis an phobal a leithéid. Ach léiríonn Zacchaeus an claochlú atá i ndán don duine a chuireann a mhuinín go hiomlán i mbriathar Dé. Faraor, níl a fhios againn ar fhan Zacchaeus dílis do na geallúintí a rinne sé d’Íosa. Ach is ionann an dúshlán a thug Íosa dó agus an dúshlán a thugann an Tiarna dúinn inniu.