October 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

An Séú Domhnach Fichead Saor
1 Deireadh Fómhair 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 

Bíodh aithne ar Chríost agat.
Céad Léacht 
(Ezícéal). Má thréigeann an drochdhuine a pheacaí, tabharfaidh sé a bheatha slán
Dara Léacht (Filipigh). Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost; bíodh aithne ar Chríost agat
An Soiscéal
 (Matha). Tháinig áiféala air agus chuaigh. Tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé

 

Smaoineamh

Tá, nó ar a laghad bhí tráth, eolas fóirleathan ar an dán Gaeilge faoi chomhairle don duine óg: ‘A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat – sara dtiocfaidh iomad ded aois aois, bíodh aithne ar Chríost agat’. Ní eolas faoi Chríost, ach aithne phearsanta ar Chríost. Tá seo ag teacht go hálainn lena deir Pól aspal ina litreacha, sa litir chuig na Filipigh agus eile. Ba chuid dlúth de chéad-teagasc an hEaglaise roimh an bhaisteadh é. Tá sé curtha go han-deas sa litir chuig na hEifisigh, áit a déantar codarsnacht idir an Seansaol, saol mar phagánaigh, agus an saol nua i gCríost, an Seansaol ag daoine ina mbíonn a n-aird ar nithe baotha, dealaithe amach ó bheatha Dé, tugtha don drabhlás. Ansin, i gcodarsnacht leis sin, deir Pól: ‘Ní mar sin a fhoghlaim sibhse Críost’ (Eifisigh 4:20), má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Ionann an teagasc faoi Chríost, agus an baisteadh i gCriost a chuaigh leis i dtús na hEaglaise agus a théann go fóill, agus caidreamh pearsanta le Críost. Nuair a dhírigh Pól aird na gCríostaithe ar Chríost ar neamh, ar dheis Dé, agus a n-aire a bheith ar na nithe atá thuas, ní éalú ón saol seo atá i gceist aige ach gríosadh dóibh gach neamhghlaine iontu féin a chur chun báis agus maireachtáil de réir an tSoiscéil. Ionann an bheatha Chríostaí agus aithris ar Chríost agus gach a leanann as. Ní caidreamh teibí nó fealsanta atá i gceist ach caidreamh beo, a thagann ó chleachtadh an chreidimh agus an urnaí, aithris a thagann mar bhronntanas ó Dhia. Tá ábhar machnaimh anseo dúinn i saol an lae inniu, idir óg agus aosta.

 

* * *

An Seachtú Domhnach
Fichead Saor

8 Deireadh Fómhair 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 

Bíodh bhur n-aire ar an rud uasal
Céad Léacht 
(Íseáia). Fíonghort Thiarna na Slua, is é teaghlach Iosrael é
Dara Léacht (Filipigh). Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúineas-sa daoibh, beidh Dia na síochána libh
Soiscéal (Matha). Cuirfidh sé an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile

 

Smaoineamh

Tugann an méid adeir Naomh Pól chuig na Filipigh sa sliocht dá litir a léadh inniu ábhar machnaimh dúinn maidir le caidreamh na hEaglaise le saol an lae inniu. Go minic maítear go gcuireann creideamh sa saol eile, agus sin le bheith mar príomhchúram acu, as do chreidmhigh aire ceart a thabhairt do chúrsaí an tsaoil seo nó meas ceart a bheith acu ar uaisleacht an duine dhaonna nó tuisicint do chúrsai cultúir. Ba cheart gur leor adeir Pól mar fhreagra ar a leithéid de líomhaint. Ní de thaisme briathra sin Phóil. Ba chuid den teagasc a mhúin sé a bhí ann, deir sé féin. Ó thaobh na suáilce Chríostaí agus na beatha i gCríost, is eol don Eaglais agus don chreidmheach ann briathra Chríost: ‘Bígí foirfe faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe’. Níl teora leis an ghlaoch chun foirfeachta sin sna cúrsaí a bhaineann le freagra ar theagasc an tSoiscéil.

Ach is ionann, i slí, maidir le cúrsaí na beatha daonna, mar a mheabhraíonn Pól dúinn, ‘mar fhocal scoir’ uaidh: ár n-aire a bheith ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta’. Ar éigin go bhféadfadh fealsamh morálta é a chur níos fearr. Is dual don chreidmheach spéis a chur i ngach gné den saíocht daonna – litríocht, ealaíon, agus eile

* * *

An Ochtú Domhnach
Fichead Saor

15 Deireadh Fómhair 2023

 

Iontróid
Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 

Aghaidh ar an dtodhchaí le fís agus freagra.
Céad Léacht (Íseáia). Dúirt Dia le hIosrael: ‘Ní hiad bhur smaointe mo smaointese’
Dara Léacht (Filipigh). Domsa is ionann bheith beo agus Críost
Soiscéal (Matha). An ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilím féin maith?

 

Smaoineamh

Tá ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu faoi mar is cóir dúinn fís agus freagra a thabhairt le chéile agus sinn ag machnamh ar saol ár linne agus ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar romhainn amach. Is éasca géilleadh don chathú faoi smnaointe teibí, mar shampla ag rá: dá mbeadh spiorad ghlúin a imigh romhainn again, spiorad Vatacáin II agus mar sin de, an fhís a bhí ag an ghlúin sin nó ag an Chomhairle sin. Tá a fhios againn an freagra a thug an fáidh sa chéad léacht ar a leithéid de cheist. Tá fís ann dúinn i gcónaí agus is ag Dia, is é Dia féin, an fhís sin. Ach ní fiú tada fís gan comhoibriú daonna, muna ghlactar leis uainne. Ná cailltear i smaointe teibí sinn.

Rud lárnach do na léachtaí go léir inniu ná go bhfuil Dia i láthair linn, ach san am céanna mar Dhia na Glóire, le fís léirithe aige dár dtodhchaí, agus é dár nglaoch is dár ngairm freagra a thabhairt air, agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn le creideamh, le umhlaíocht agus le aithrí. Faoi mar a bhí ag Pól, is é Críost bun agus barr agus lár ar mbeatha go léir mar Chríostaithe. Ní mór bheith daingean sa chreideamh sin. Níor choir riamh dearmad a dhéanamh ar fhís an Dea-Scéil i gcoraí an tsaoil, fís nach réitíonn i gcónaí le fealsúnacht reatha. Glaoch saor ó Dhia an creideamh, a glactar leis go humhail, agus le haithrí mar gheall ar laigí daonna. Agus tugann an creidmheach aghaidh ar an ré le teacht le lán-dochas, mar is é Dia a spreag an fhís ann céaduair, agus tá sé linn le freagra cuí a thabhairt uirthi ague lena chur i ngníomh.

 

* * *

An Naoú Domhnach Fichead Saor
22 Deireadh Fómhair 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
Misean na hEaglaise lenár linn féin
Céad Léacht 
(Íseáia). Dúirt an Tiarna Dia le hIosrael: ‘Rug mé ar a láimh dheas ar Curus, rí na Peirse, chun na ciníocha a leagan ina fhianaise
Dara Léacht (Teasalónaigh). Cuimhnímid gan staonadh ar bhur ngrá, bhur gcreideamh agus bhur ndóchas
Soiscéal (Matha). Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia

 

Smaoineamh

Inniu Domhnach na Misean. Bíonn Domhnach Misean Domhanda ann gach bliain ar an Dara Domhnach Deiridh de mhí Dheireadh Fómhair. Bíonn léachtaí an Domhnaigh reatha againn, agus inniu tugann siad ábhar saibhir dúinn machnamh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla ar mhisean na hEaglaise le rúndiamhair shlánaithe Chríost a fhógairt don saol atá inniu ann. Sa Róimh beidh an ceiliúradh ann in tráth ag an tSionaid Speisialta ar na fadhbanna atá ag an Eaglais inniu i gcomhthéacs na soiscéalaíochta.

Fórsaí ag feidhmiú in éadan creidimh i nDia inniu. Scannail agus Daonnachas Cathach. Tá fórsai laidre ag obair i gcoinne chleachtadh an chreidimnh agus fiú creideamh i nDia inniu, agus sin ag gach leibhéal, sin don ghnáth duine agus don aos léannta. Tá feachtas eagraithe ag an daonnachas le cur in gcoinne aon chreideamh in aon neach nó fórsa nach bhfuil teacht air, nó uirthi, ag an reasún agus na céadfaí.

Lárionad an urnaí i misean na hEaglaise. Tá alán gnéithe ag baint le fógairt agus cosaint an dea-scéil, stair, eolaíocht agus alán rudaí eile. Ní mór aird a thabhairt orthu san go léir. Ach go bunúsach is rúndiamhair atá ann, a thuigtear agus a ghlactar lei le bua an chreidimh. Leis an creideamh a dhéanamh beo ní mór an urnaí, fírinne ar a leagtar béim ag Pól agus i dtraidisiun na hEaglaise. Is í Treasa Naofa Lisieux patrún na misiún, bean nár leag cos riamh thar a clochar sa bhFrainc.

Fógairt agus cosaint an chreidimh misean don tuata agus don chléir. Is ilghnéitheach na fadhbanna agus na tosca a bhaineann le fógairt agus cosaint fhírinní an tsoiscéil agus tá glaoch ag gach creidmheach a chion agus a cion féin a dhéanamh i misean seo na hEaglaise, le maireachtáil na beatha Críostaí, aire a thabhairt do na líomhaintí i gcoinne na hEaglaise, agus i gcoinne chreidimh i nDia. Is do thuataí agus chléir an misean sin inniu.

Is trathúil an glaoch ar thuatai, tuath agus cléir lenár linn féin, tráth cuí le sionad san Eaglais in a bhfuil an Eaglais ag iompaí ar a muintear go leir machnamh ar chúrsaí sin ár linne le na hathraithe cuí a dhéanamh san Eaglais ionas go mba bhfearr fógairt a misin don domhan an lá atá inniu ann.

 

* * *

An tAonú Domhnach
Tríochad Saor

29 Deireadh Fómhair 2023

 

Iointróid

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: 
An Eaglais agus a ministreacht seanmóireachta agus beart de réir briathra
Céad Léacht 
(Malací Fáidh 1:14-2:2, 8-10). Shleamhnaigh sibh ón mbealach, agus le bhur dteagasc bhain sibh tuisle as mórán.
Dara Léacht 
(1 Teasalónaigh 2:7-9, 13). Bhíomar sásta ní hamháin an Dea-Scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith.
An Soiscéal 
(Matha 23:1-12). Ní mar a chéile beart agus briathar acu.

 

Smaoineamh

Sagairt agus a ministreacht seanmóireachta: ‘Is ó bheola an tsagairt a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é’

Tá macalla bhriathra sin Malací 2:7 le braith síos tríd na haoiseanna maidir le príomh-dhualgas easpag agus sagart, is é sin le rá an dualgas an Dea-Scéal a fhógairt. Tá béim curtha air i Riail Thréadach an Phápa Greagóir Mhóir. Uaireanta meastar gurbh é príomh-chúram na sagart ná ceiliúradh an Aifrinn agus Sacraimint an Athmhuintearais. Leagtar béim i doiciméidi Eaglasta na blianta deirneacha seo nach mar sin atá. Deir an Bunreacht Aspalda ar an Eaglais (Lumen Gentium) de chuid na Comhairle Vatacáin II (alt 25) an méid seo: ‘I measc phríomh-dhualgaisí na hEaspag tá áit thar chuimse ag fógairt an tSoiscéil’. Agus pas beag ina dhiaidh sin (alt 28) luann sé an rud céanna maidir leis na sagairt: ‘Trí chumhacht shacraimint na nOrd, agus in íomhá Chríost an tArdsagart Siorraí, déantar iad (na sagairt) a choisreacan leis an Soiscéal a fhógairt, bheith ina n-aoirí ar na fíréin, agus an liotúirge diaga a cheiliúradh’. Tá seo mínithe níos iomláine sa doiciméid den Chomhairle Chéanna ar ‘Ministreacht na Sagart’ (alt 4): ‘Faigheann pobal Dé a aontacht sa chéad áit trí Bhriathar Dé Bheo, gur dual a chuardach ó bheola an tsagairt (le tagairt do Malací v2:7). De bhrí nach féidir le aoinne bheith sabháilte nár ghlac leis an creideamh ar dtús, tá ag na sagairt, mar comhghleacaithe lena nEaspaig, mar príomh-chúram fógairt shoiscéal Dé do chach. Sa tslí seo comhlíonann siad ordú an Tiarna: ‘Agus dúirt sé (Íosa) leo: ‘Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile’ (Marcas 16:15). Is sa chaoi sin a chuireann siad (na sagairt) pobal Dé ar bun agus a dhéanann siad é a fhorbairt’.

Ní héasca an cheist í conas a Dea-Scéal as fhógairt an lá atá inniu ann. Is féidir a bhfuil le rá ag doiciméidí na Comhairle a thógaint maraon lena dúirt Céad Litir Pheadair (3:15-16) leis na creidmhigh sa chéad aois den ré seo: ‘Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost’. Ní mór teachtairescht an tSoiscéil a fhógaiirt i gcomhthéacs na bhfadhbanna agus an amhrais a bhíonn ag creidmhigh ár linne maidir le cúrsaí creidimh agus moráltachta, leis an creideamh a neartú ina gcroíthe féin agus le go mbeidis réidh, más gá, freagra a thabhairt ar na hagóidí a dhéantar ina choinne. Caithfidh na hiarrachtaí seo díriú orthu siúd a thagann ar Aifreann go rialta, agus súil a choimeád sa mhéid is féidir orthu siúd nach dtagann ar Aifreann go rialta a thuilleadh. Tá sé tábhachtach chomh maith míniú a thabhairt ar phríomh-phrionsabail an chreidimh, seachas a míniú a theoranú do reinnt ábhar faoi leith. Bheadh sé inmholta an míniú seo ar an gcreideamh a dhéanamh le ceangal leis na léachtaí liotúirgeacha. Faigheann a lán sagart deacair seo a dhéanamh, ach mar sin féin is inmholta an ceangal a dhéanamh le téacsanna an Bhíobla sna léachtaí sa liotúirge le go dtuigfadh an creidmhigh agus daoine eile nach cumadóireacht dá cuid fein teagasc na hEaglaise, ach gur dílseacht do theagasc Chríost agus na luathEaglaise é.

 

* * *