September 2019: Leathanach don Cheiliuraí

22 Domhnach Saor C
1 Meán Fómhair 2019

Réamhrá
Fáiltím romhaibh go léir chuig chóisir ár dTiarna.

Smaoineamh
Is é seo an chéad uair gur tuigeadh dom go mb’fhéidir gurb é Soiscéal an lae inniu an bunús lenár nós fanúint ag bun an tSéipéil! ‘…nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle…!’ Smaoiním ar ár bPápa Proinsias nuair a chloisim an soiscéal seo. Tugann sé cuireadh dos na bochtáin agus dóibh siúd atá ar an imeall chun béile leis chun a bhreithlá a cheiliúradh. Cé eile againn a dhéanann a leithéid? Smaoiním siar níos mó ná ceathrú céid go dtí mo chéad Aifreann. B’é an nós cuireadh oscailte, poiblí, a thabhairt don bpobal ar fad. Ábhar bróid nó iontais nó áthais dom, go raibh beagnach gach éinne ann, idir óg is aosta, shaibhir is dhaibhir. Tá sé mar chuid dár nádúr nó dár laigeacht, cloí leothu san a cheapaimíd a bheith cosúil linn, a bhfuilimid compordach leo, a bhfuil aithne againn orthu. Ach nuair a bhrisimíd tríd na teorainneacha mínádúrtha sin, blaisimid an daonnacht chéanna ionainn go léir, agus grá ár gCruthaitheora ag sileadh trínár gcuisleanna; grá a sháraíonn gach deacracht agus a bhriseann agus a leánn gach deighilt. I súilibh Dé, táimíd go léir ar chomhchéim; tá stádas agus dínit dhoimhin dhaonna ag gach duine. Is aíonna ag an bhféasta céanna sinn, baill de chlann Dé.

Guí an Phobail
1. D’aontacht i measc Críostaithe ar fud an domhain. A Thiarna éist linn.
2. Do pháistí agus do lucht léinn ag tosnú scoilbhliana nua. A Thiarna éist linn.
3. Do na feirmeoirí ag baint an fhómhair. A Thiarna éist linn.
4. Dóibh siúd atá tinn. A Thiarna éist linn.
5. Do na mairbh. A Thiarna éist linn.

A Dhia uilechumhachtaigh, deonaigh ár n-achainíocha a ghlacadh tríd do mhac Íosa Críost. Áiméan.

An Phaidir
Mar chlann aontaithe, guímís chun ár n-Athair d’aonghuth:

Focal Scoir
Tá an chóisir thart, an béile ite, comhrá is cuideachta ag críochnú, i ngrá agus in ainm Dé, imímís faoi shíocháin Chríost.

* * *

23 Domhnach Saor C
8 Meán Fómhair 2019

Réamhrá
Fáilte agus fiche romhaibh.

Smaoineamh
Lasmuigh de Lios Mór, in iarthar Phort Láirge, tá áit darb ainm na Túir. Clann nó fear a raibh fonn air caisleán mór a thógáil, a bheadh níos mó ná Caisleán Srón na Caillí sa cheantar. Thosnaigh sé leis an ngeata, thóg sé caisleán beag mórthimpeall an gheata, agus ní raibh a dhóthain airgid aige chun an príomhchaisleáin a thógáil! Tharla sé go minic ag deireadh Ré an Tíogair Cheiltigh: eastáit tithíochta neamhchríochnaithe ar fud na tíre. Anois díreach a bhuaileann an smaoineamh mé: an é seo a tharla don Eaglais Chaitliceach in Éirinn? Go raibh easpa grá, ceal ceannasaíochta chun seirbhisí Críostaí a choiméad ar siúl go héifeachtach. Nó an é go raibh easpa phleanála i gceist? Ní rabhamar in ann déileáil leis an dearcadh saolta, easpa sagart, mí-úsáid… Ní rabhamar in ann na bunluachanna a athaint, a thuiscint, agus a bhuanú. Anois níl go leor daoine (óga) nó maoine chun an tigh a chríochnú.

Guí an Phobail
1. D’aontacht i measc Críostaithe ar fud an domhain. A Thiarna éist linn.
2. Do pháistí agus do lucht léinn ag socrú síos sa scoilbhliain nua. A Thiarna éist linn.
3. D’fheirmeoirí ag baint an fhómhair. A Thiarna éist linn.
4. Dóibh siúd atá tinn. A Thiarna éist linn.
5. Do na mairbh. A Thiarna éist linn.

A Dhia uilechumhachtaigh, deonaigh ár n-achainíocha a ghlacadh tríd do mhac Íosa Críost. Áiméan.

An Phaidir
Guímís mar a mhúin Íosa dúinn:

Focal Scoir
Iarrann Íosa orainn ár saolta agus ár muinín ar fad a bhunú agus a bhuanú ann.

* * *

24 Domhnach Saor C
15 Meán Fómhair 2019

Réamhrá
Más caillte atá tú, tá tú san áit cheart! Fáilte.

Smaoineamh
Blianta fada ó shin is mé im’ mhac léinn thíos i mBrú na Gráige, in Iarthar Dhuibhneach, le dream ó Mhaigh Nuad, bhuaileas isteach chuig Thomás Ó Cinnéide. Bhronn sé cóip dá dhírbheathaisnéis Ar Seachrán orm, agus scríobh sé nóta gairid go hana-mhall lena láimh loite le pianta sa chló Gaelach: ‘le gach deaghuí amach óm’ chroí’. Scéal a bheatha ag taisteal is ag ól, ag teip is ag tosnú arís. Smaoiním ar sheanchara a scríobh chugham: ‘am éigin agus tú ag altóir Dé guigh ar mhac chomharsan a chuaigh ar seachrán Sí i gceo an amhrais agus a chaill a shlí.’ Bhí grá agus cúram speisialta ag Íosa dóibh siúd a bhí caillte. Níl le déanamh ach na h-uaireanta agus na slite ar chuamar ar strae a aithint, aithrí a dhéanamh; agus aird a thabhairt ar ghlaoch maiteach ár Slánaitheora; lúcháir fháilteach Dé, ár dtuismitheoir is ár n-aoire a bhlaiseadh; agus filleadh ar bhóithrín na bhfíréan i dtreo an tsolais agus na síochána.

Guí an Phobail
1. D’imircigh agus do gach éinne atá ar strae nó as baile. A Thiarna éist linn.
2. Dóibh siúd a chaill … iad a chaill airgead, post, páiste, tuismitheoir nó cara. A Thiarna éist linn.
3. D’fheirmeoirí ag baint an fhómhair. A Thiarna éist linn.
4. Dóibh siúd atá tinn. A Thiarna éist linn.
5. Do na mairbh. A Thiarna éist linn.

A Dhia uilechumhachtaigh, deonaigh ár n-achainaíocha a ghlacadh tríd do mhac Íosa Críost. Áiméan.

An Phaidir
Sinne atá ar seachrán, guímís chun an Athar:

Focal Scoir
Más ar strae nó ar seachrán sinn, tá Dia linn. Cabhraíonn sé linn casadh agus filleadh ar fhoinse an ghrá.

* * *

25 Domhnach Saor C
22 Meán Fómhair 2019

Réamhrá
Cosúil le maor an tsoiscéil, beidh fáilte romhainn go léir.

Smaoineamh
Ní thuigim an soiscéal seo. Mar sin, nil ach tuairimíocht neafaiseach sa mhéid seo a leanas. Má’s grá Dé atá i gceist sa pharabal, is dócha go nglacfaimís go léir leis gur dheineamar faillí; thugamar neamhaird go minic ar phríomhchuspóir agus croílár na hEaglaise: grá gan chríoch ár gCruthaitheora a aithint is í a roinnt lenár gcomharsana. Ar an dtaobh eile de, má’s grá Dé atá I gceist sa pharabal, smaoiním ar an iliomad cásanna ina mbíonn sagairt agus caitlicí ag gearán nuair a ‘tugtar sacraimintí ró-éasca do dhaoine ná tagann ar Aifreann in aon chor.’ Tuiscint eile b’fhéidir is ea: má bhíonn rudaí ag titim as a chéile (mar a thá san Eaglais faoi láthair) go mbíonn géarghá le cleachtais úrnua. Is dóigh liom gurb é an moladh nó múineadh ó Íosa sa pharabal seo ná cinní cliste, críonna a dhéanamh agus sin nag plé le daoine; agus a bheith go flaithiúlach fáilteach le cách.

Guí an Phobail
1. Do mhaoir Dé: sagairt agus easpaig agus an pápa Proinsias, agus éinne a bhfuil freagracht san Eaglais orthu. A Thiarna éist linn.
2. Dóibh siúd a dhein damáiste in áit nó in ainm ghrá Dé. A Thiarna éist linn.
3. D’fheirmeoirí ag baint an fhómhair. A Thiarna éist linn.
4. Do na n-easlán. A Thiarna éist linn.
5. Do na mairbh. A Thiarna éist linn.

A Dhia uilechumhachtaigh, deonaigh ár n-achainíocha a ghlacadh tríd do mhac Íosa Críost. Áiméan.

An Phaidir
Guímís chun an Athar mar a mhúin Íosa dúinn:

Focal Scoir
An té ná fuil cráifeach, ní foláir dó bheith glic.

* * *

26 Domhnach Saor C
29 Meán Fómhair 2019

Réamhrá
‘Beo nó marbh, beidh fáilte romhat i Séipéal Dheilgnis!’ a dúirt an sagart paróiste le Maeve Binchy nuair a loirg sí cead a sochraid a bheith ann. I gcomhthéacs soiscéal an lae inniu, d’fhéadfaimís a rá: saibhir nó daibhir, beidh agus bíonn fáilte romhaibh i dtigh agus i gcroí Dé.

Smaoineamh
Ní féidir liom mórán a rá mar gheall ar Lazaras bocht agus an fear saibhir. An chontrárthacht an rud is mó a théann i bhfeidhm orm. Bíonn sé le feiscint go coitianta. Smaoiním ar bhean atá ag fail báis le hailse. Dúirt sí: ‘an méid daoine gur oibrigh mé leo, agus ar chabhraigh mé leo, a chuir lámh ina mbás féin. Agus tá mise ag iarraidh maireachtaint.’ Sampla eile: D’iarr fear ar ealaíontóir pictiúr de ghleann álainn i gCiarraí go mbíodh sé ag rothaíocht tríd a pheinteáil, bunaithe ar ghriangrafanna a bhronn an coimisinéir uirthi. Idir an dá linn, faraoir bhuail stróc an fear bocht a d’ordaigh an pictiúr, agus nuair a chonaic sé an píosa ealaíona don gcéad uair, ní raibh sé sásta ar chor ar bith leis. ‘Teastaíonn uaim an ‘tarraingt’ a mhothú,’ a dúirt sé ag amharc ar an ngleann (sa phictiúr). De bharr an stróic, ní raibh sé in ann rothaíocht a thuilleadh, agus theastaigh uaidh mothú na rothaíochta a bhlaiseadh trí mheán an phictiúir. Cosúil leis an bhfear saibhir sa Soiscéal, bhí athrú ollmhór tar éis teacht ar a shaol agus ar a dhearcadh. Tá sé deacair, gan ghrásta Dé, dul ó shuíomh amháin go suíomh eile.

Guí an Phobail
1. Do na bochtáin – go bhfaighe siad a bhfuil de dhíth orthu is go gcoiméadaí siad a ndínit. A Thiarna éist linn.
2. Do na daoine saibhre – go dtuige said doimhneacht na daonnachta agus go gcabhraí siad leo siúd atá ag strácáil. A Thiarna éist linn.
3. Dóibh siúd atá tinn – go nglaca siad lena gcruachás agus go dtaga biseach orthu idir mheon is chorp. A Thiarna éist linn.
4. Do na mairbh – go maire siad go buan i ngrá is i ngrásta Dé. A Thiarna éist linn.

An Phaidir
Má’s ocrach sinn ag lorg aráin, nó má thá tart marfach de bharr easpa uisce nó dóchais, guímís chun ár Slánaitheora:

Focal Scoir
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.

* * *

Fr Ned Hassett
Abbeyside, Co Waterford
edmondhassett@eircom.net

Download this page here