Leathanach don Cheiliuraí – August

CLAOCHLÚ CHLÓ AN TIARNA – 6ú Lúnasa 2017

RÉAMHRÁ

A Dhia na Glóire, taimid bailithe anseo inniu chun ár mbuíochas a chur in iúl duit.  Nach iontach an méid a bhronann tú orainn lá i ndiaidh lae!

 

SMAOINEAMH

Thug athrú ghné Chríost ar barr na sléibhe gearrfhéachaint dá dheisceabail ar ghlór Dé.  Ambaiste, nach raibh gá mór le sin. Bhí Páis Chríost ar tí tárlú.  Ina dhiaidh sin bheadh na deisceabail ina n-aonar agus contúirt ar ghach taobh díobh.  Masla, cruatan agus géarleanúint a bhí i ndán dóibh – mar a dúirt an Tiarna féin.

Is iontach an t-athnuachan spioraid  a thánaigh ar na deisceabail de bharr a tharla ar an sliabh.  Is amhlaidh le chúrsaí an tsaoil seo.

Go minic bíonn sé deacair gnúis Dé a fheiscint nuair a brúann cruatain an tsaoil go trom orainn – mí-ádh, easpa sláinte, bás.  Ní fuirist maitheasaí Dé a thuiscint nuair a fheiceann tú daoine ag fail bháis de bharr ocrais nó foréigin.  Is minic sinn uile buartha de bharr éagóra agus dóláis an tsaoil.

Cuireann Féile an lae inniu i gcuimhne dúinn go bhfuil Dia i n-gar dúinn de shíor, go mór-mhór in am an chruatain.

 

GUÍ AN PHOBAIL

Is iomaí rud atá de dhith orainn gach lá.  Ach bíonn Dia fial thar na bearta linn nuair a ghlaoimid air.

  1. Ar son na hEaglaise ar fad an domhain. Go raibh sí mar chomartha dóchais agus sóláis do chách, go mór-mhór iad uile atá buartha.

A Thiarna éist linn.

  1. Go dtuga Dia síochán dúinn in ár gcroithe, in ár dtealaigh agus i measc na náisiún.

A Thiarna éist linn.

  1. Rath Dé ar an aos óg. Go néirí go geal leo in a mbeatha agus in a saothar.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son iad uile atá ar a leathanta saoire ’um an dtaca seo. Go dtuga Dia athnuachan choirp agus spioraid dóibh uile.

A Thiarna éist linn.

  1. Guímís ar son na n-easlán. A Dhia na Trócaire tabhair leigheas luath dóibh.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son iad uile atá imithe ar shlí na fírinne. Fíor-bheo i gCríost go rabhdar uile.

A Thiarna éist linn.

A Dhia na Glóire, éist go ceannsa len ár nguí. Bí linn in am an lúcháir agus in am an bhróin. Neartaigh sinn agus coimeád slán sinn a chuireann ár muinín i dtuile do thtócaire. Sin é ár nguí chughat trí Chríost ár d’Tiarna.  Amen.

 

AN PHAIDIR

Agus sinn ag ullmhú le haghaidh Bia na Beatha Síorraí a ghlacadh, guímís mar a mhúin ár Slánaitheóir dúinn a dhéanamh.

 

FOCAL SCOIR

‘Beidh aimsear bhreá againn taréis an bhraon deireannaigh.’

Bímís araon réidh le haghaidh ghlóir Dé.

 

AN NAOÚ DOMHNACH DÉAG SAOR – 13ú Lúnasa 2017

Réamhrá

’Sé Dia ar ndídean agus ár ndóchas. Lán le muinín tagaimid i láthair Dé inniu ag gabháil buíochais leis as ucht a mhaitheasa dúinn de shíor.

 

SMAOINEAMH

Tusa amuigh i lár na farraige i mbád beag. An oíche go dorcha.An ghaoth ag séideadh go láidir.  Na tonnta ag teacht thar imeall an bháid. Seans go mbeidh tú i ndubh-aigéan na farraige gan mhoill. Go deimhin bhéadh éinne scanraithe.

Mar amhlaidh a bhí sé leis na deisceabail an óiche úd atá luaite i Soiscéal an lae inniu.  Is fuirist a thuiscint cé comh h-athasach agus comh bhuíoch a bhíodar nuair a thánaigh Críost in a measc chun iad a shábháil ón mbás a bhí ar tí tarlú.

Buíochas le Dia, is mar sin a bhíonn sé i gcónaí. Nuair a luíonn an saol go trom orainn;

nuair a dheallraíonn sé go bhfuilimid gan chabhair gan chara in am an ghátair – níl le déanamh againn ach ár muinín a chur go daingean i nDia uilchomhachtach.  Agus ní dhéanfaidh Dia faillí orainn.

Dar ndóigh, is giorra cabhair Dé ná an doras.  Dá bhrí sin, ná bímís eaglach riamh.

Dia linn agus Dia romhainn de shíor.

 

GUÍ AN PHOBAIL

Ar nós lucht déirce sinn ag teacht de shíor i láthair Dé ag impí air freastal orainn in ár

n-gannchuid.

  1. Ar son ár bPápa Prionnsiais agus na n-easpag uile. A Dhia, neartaigh iad sa chreideamh agus sa charthanacht.

A Thiarna éist linn.

  1. Guímís ar son cíníocha an domhain, go mór-mhór iad ata i ngéarghá. Go dtuga Dia síochán agus cothrom na féinne dóibh uile atá brúite faoi chois an ocrais agus na h-éagóra.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son ár n-daltaí scoile uile atá ag súil le torthaí scrúduchán an tsamhraidh. Go n-éirí go geal leo in a gcúrsaí léinn anois agus sa tsaol amach rompu ina dhiaidh.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son chách atá i bhfad ón a muintir agus ón a dtíortha dúchais. Faoi choimirche Dé agus na Maighdine Muire iad araon.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son iad uile a thugann aire do lucht na n-easlán agus dóibh siúd atá ag dul in aois. Go dtuga Dia a luach dóibh anseo agus sa tsaol atá le teacht.

A Thiarna éist linn.

  1. Cónaí faoi shuaimhneas dóibh uile atá imithe rómhainn, go háirithe ár muintir féin, ár gcairde agus iad uile a chabhraig linn ar an saol seo.

A Thiarna éist linn.

A Thiarna Dia, tá muinín againn as do mhaitheasa nach dtránn.  Éist len ár nguí agus treoirigh sinn ar shlí an tslánaithe.  Sin é ár nguí chughat trí Chríost ár d’Tiarna.  Amen

 

An Phaidir 

A Rí na glóire, táimid ag iarraidh do dhéirce sinne a ligeann isteach go teach na féile.

Guímís chun an Athair faoi mar a mhúin ár Slánaitheóir dúinn a dhéanamh.

 

Focal Scoir

‘A Íosa, a Íosa, coiméad na caoire ar na gleannta míne agus ar na móinéir chaoine.’

Go dté sibh uile slán.

 

DEASTÓGÁIL NA MAIGHDINE BEANNAITHE MUIRE

(LÁ FHÉILE MUIRE ’SAN bhFÓMHAR)

15ú Lunasa 2017 

REAMHRÁ

‘Dia go leaga an rath orainn, ’is an Mhaighdean Mhuire go leatha a brat orainn.’

Ar lá fhéile na Maighdine Beannaithe déanaimís lúcháir as an nglóir a bhronn an Tiarna uirthi nuair a bhí a ré rite aici ar an saol seo.

 

Smaoineamh

Is mian leis an dteastailí eolas cruinn faoin aistear a bhreathnú sar a chuireann sé chun bóthair.  Cá bhfuil an ceann scríbe ?  Conas is fearr é a bhaint amach ?  An bhfuil fadhbanna faoi leith ar an mbealach? Cá fhad é an turas ?  Gan eolas mar sin beidh an taistealaí i mbaol dul ar strae ar an aistear.

Cuidíonn Féile an lae inniu linn a thuiscint cad tá i ndán dúinn nuair a bheidh ár ré rite againn ar an saol seo.  Tá súil againn go mbeimid araon i gcomhluadar na Maighdine agus na naomh uile i bPárrthas na nGrást.  Nach iontach na suailcí a bhronnann Dia orainn cé acu beo nó marbh sinn !

Anois lár an Fhómhair agus tá na feirmeoirí lán-ghnóthach ag baint an fhómhair.  Buíochas mór le Dia as an bhflúirseacht bídh a bhíonn againn anseo in Éirinn bliain in ndiaidh na bliana.  Moladh go deo le Dia !

’Sí an Mhaighdean Mhuire príomh-thortha an fhómhair a aimsigh Mac Dé trín a bhás agus a aiséirí ghlórmhar.  An áit a bhfuil an Mhaighdean Bheannaithe anois, le cúnamh Dé beimid in a cuideachta ar feadh na síoraíochta.

Is ceart agus is cóir dúinn bheith áthasach agus dóchasach ar an lá seo, la fhéile Deastógála na Maighdine Muire.

 

GUÍ AN PHOBAIL

Tá Dia láidir agus Máithair mhaith aige.  Tagaimid i láthair Dé inniu ag guí ar ár son féin agus ar son an chine daonna.

  1. Rath is beannacht ar an Eaglais mór-thimpeall an domhain. Go bhfana sí dílis don tSoiscéal.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son ceannairí polaitíochta i gcéin agus i gcóngar. Go gcuirdis leas an phobail chun chinn gan stad gan staonadh.

A Thiarna éist linn.

  1. Guímís ar son Pobal Dé an pharóiste seo. Dia linn de ló agus d’óiche.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son iad uile atá gan teach gan dídean sa tír seo. Go mbeimís lán-dícheallach ag freastal orthu siúd atá i gcontúirt.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son mná rialta uile na hEaglaise. Rath Dé orthu agus ar chách a chaitheann a saol go dúthrach i sheirbhís Dé agus na gcomharsan.

A Thiarna éist linn.

  1. Dóibh siúd atá imithe ón saol seo. A Thiarna, fáiltigh isteach iad i do ríocht.

A Thiarna éist linn.

A Dhia na Glóire, tabhaire aire don chlann a cheannaigh do Mhac go daor ar an gCrois.  Treoir sinn ar shlí an ionracais.  Go mbeimid lá éigin leat-sa agus leis an Maighdin Bheannaithe i gcomhluadar na naomh . Sin é ár nguí chughat trí Chríost ár d’Tiarna.  Amen.

 

PAIDIR

A Thiarna na Féile, tagaimid i do láthair inniu ag iarraidh Arán na Beatha uait.

Guímís mar a mhúin an Tiarna dúinn a dhéanamh.

 

FOCAL SCOIR

‘Ó ’Mhuire Mhathair, mo mhíle grá thú,

mo choimirce chúnta in am gach lá thú,

mo dhochtúir leighis, tinn agus slán, tú,

agus m’urra breá beannaithe le Flaitheas na ngrás thú’.

Rath Dé oraibh-se uile.

 

AN FICHIÚ DOMHNACH SAOR – 20dh Lúnasa 2017

RÉAMHRÁ

“Cuirim suas m’intinn le h-intinn an Aifrinn

mo chroí, mo smaointe agus m’aigne;

tré impí na Bantiarna Beannaithe

cion críostaí go bhfaghad-sa den Aifreann.”

(Clólann Chnoic Mhellerí ; Urnaithe na nGael, 1975. lch. 62)

Smaoineamh

An cogadh is mó atá ar siúl ar an domhan seo, anois agus i ngach aois, ní féidir linn é a fheiscint.  Ach, mo léan, tá rian an chogaidh seo thar a bheith soiléir ó thus ama.

An cogadh sin, an choimhlint sin – cad is mó atá á lorg againn ar an saol? – Mo leas féin nó leas na gcomharsan ?

Baineann sé le nadúr an duine aire a thabhairt duit féin agus dod’ ghnó féin.  Dar ndóigh, níl aon rud mí-cheart le sin.  Ach, nuair is cuma linn cad a tharlaíonn d’éinne eile, go mór-mhór iad atá lag agus iad atá i n-géarghá, is cinnte go ghfuilimid imithe ar seachrán ó chosáin Dé.

Cuireann Íosa in iúl dúinn go soiléir i Soiscéal an lae inniu to bhfuil gach éinne mar a chéile i measc Pobal Dé.  Agus tá ionad réidh aige do chách i ríocht na bhFlaitheas.

Ná déanaimís idirdhealú idir na daoine go bhfuil meas againn orthu agus iad siúl nach dtaithníonn linn.  Tá grá Dé gan teorainn. Déanaimís ár ndícheall dea-shampla Chíost a chur i gcrích.

 

GUÍ AN PHOBAIL

A Dhia na múrtha fáilte, éist go caoin linn agus muid ag impí ort teacht i gcabhair orainn agus ar chách atá faoi chruatan ag an am seo.

  1. A Thiarna, treoirig an Eaglais ar a h-oilithreacht tríd an saol seo. Go mbeimid araon farat i ríocht na bhFlaitheas ag deireadh ár saol.

A Thiarna éist linn.

  1. A Dhia na síochána tabhair síocháin dúinn. Go raibh athnuachan spioraid agus dóchais acu uile atá thíos de bharr cogaidh agus coimhlinte.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son sinn uile atá bailithe anseo le h-aghaidh Aifreann an Domhnaigh. Go bhfanaimís dílis don Tiarna go deo.

A Thiarna éist linn.

  1. Dóibh siúd atá imithe ar strae sa tsaol seo. A Dhia na Trócaire, treoirigh ar ais iad chughat-sa, tobar na trócaire.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son iad uile atá i bhfad ó bhaile ag craobhscaoileadh an tSoiscéil, go mór-mhór ár misinéirí féin. Go gcuire Dia an rath orth uile.

A Thiarna éist linn.

  1. Leaba i measc na naomh dóibh síud atá imithe romhainn ón tsaol seo. Solas, séan and síochán d’anamacha na bhfíréan.

A Thiarna éist linn.

A Thiarna, neartaigh ár gcreideamh agus méadaigh ár ngrá.  Cabhraigh linn bheith dílis duit le linn ár ré. Go mbeimid mór-chríoch ag caitheamh ár saol ar mhaithe na gcomharsan.

Sin é ár nguí chughat trí Chríost ár dTiarna.  Amen.

AN PHAIDIR

Is trí chuireadh an Tiarna atá muid uile rannpháirteach i shacraimint na h-altóra.  Guímís anois chun an Athair faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.

FOCAL SCOIR

Go dtuga Dia deoch daoibh as an dtobar nach dtránn, ’is go dtuga Sé slán go ceann cúrsa sibh uile. Imigí faoi shíochán.

 

An t’Aonú Domhnach Fichead Saor – 27ú Lúnasa 2017

RÉAMHRÁ

‘A Thiarna, gráim thú,

mar is ag triall ort a thánas

ag iarraidh do ghrásta

trí thoradh do Pháise

agus trí impí do Mháthair.’

 

SMAOINEAMH

Go deimhin, is iomaí tréithe atá riachtanach d’éinne a bhéas mar cheannaire i measc Pobal Dé. Tá sé sin le feiscint aon uair a cheaptar Pápa nó easpag in a mór-gcúram. 

Ba chóir d’aoire san Eaglais bheith léannta, críonna agus i n-don daoine a spreagadh chun an tSoiscéil a chur i gcrích in a saol.  Ach an rud is riachtanái ar fad ná creideamh ó chroí in Íosa Chriost, Aon-Mhac Dé.  Nuair d’admhaigh an t’Aspal Peadar an creideamh sin roghnaigh Íosa é mar bhun-chloc agus ceannaire san Eaglais.

Ní mór chreideamh mar sin ag cách gur mhaith leo bheith áirithe i measc Pobal Dé.

Is eol dúinn cé chomh dílis a bhí Peadar don chreideamh, ainneoin a chuid lochtanna.  Chaill sé é féin ar son an Tiarna.  Sin an dílseacht atá de réir tréithe an Chríostaí, de réir tréithe an deisceabail i ngach aois.

Ní leor béalghrá a thabhairt don chreideamh. Ní leor seirbhís Dé ar nós cuma liom.  Is gá dúinn bheith dílis ó chroí d’Iosa, dílis ó chroí don chreideamh, ammhail leis an Aspal Peadar.  Gan an dúthracht sin, gan an dílseacht sin, beidh an creideamh ag dul in laghad.  Más mian linn oidhreacht uasal an chreidimh a dháileadh ar na glúinte seo romhainn bímís dílis do Dia agus dílís don chreideamh sin le linn ár saol.

 

GUÍ AN PHOBAIL

Níl teora le thíolaicí Dé. Tagaimid i láthair an Tiarna inniu ag glaoch air a chabhair a dháileadh go fial orainn agus ar chách a bhfuil éileamh orthu.

  1. Ar son na hEaglaise mór-thimpeall an domhain. Go dtabhairfidh sí le fios do chách grá Dé dá mhuintir uile.

A Thiarna éist linn.

  1. Go raibh maithiúnas and cáirdeas i measc na náisiún. Go n-éirí linn go léir maireachtáil le chéile sa tsíochán.

A Thiarna éist linn.

  1. A Thiarna, toradh a gcuid oibre d’fheirmeoirí agus dóibh uile a sholatharaíonn ár gcuid bídh dúinn lá i ndiadh lae. Go mbeimís flaithiúl do lucht ocrais an domhain.

A Thiarna éist linn.

  1. As son iad uile atá ag dul in aois. Dia go leaga an rath orthu.

A Thiarna éist linn.

  1. Dóibh siúd atá faoi ghéarleanúint ar son an chreidimh. Go dtuga Dia misneach agus athnuachan spioraid dóibh in am an chruacháis.

A Thiarna éist linn.

  1. Ar son na marbh. Go rabhdar in a mbeatha go deo i láthair Dé.

A Thiarna éist linn.

A Thiarna Dia, is tusa tobar na féile.  Cuidigh linn agus le chách a chuireann ár muinín i dtuile do thrócaire.  Fóir orainn in am an riachtanais. Sin é ar nguí chughat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

AN PHAIDIR

Agus sinne ag seasamh gualainn ar ghualainn i láthair Dé guímís chun an Athair a thugann aire thar na bearta dúinn de shíor.

FOCAL SCOIR

‘Moladh, glóir agus onóir bheirim go deo duit, a Fhíor-Mhic Dé.’

  • Go ndéanaimís araon beart do réir ar mbriathair le linn na seachtaine seo romhainn.