Leathanach don Cheiliuraí: July/August

Download Irish Notes.pdf

 

An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh

Caisleán na Finn

Co Thír Chonaill

Email olivercrilly@gmail.com

 

An 14ú Domhnach Saor

3 Iúil 2016, Bliain C

Tús

Comhairle ón Dúchas:

Cóirigh do chos go luath chun Aifrinn,

cóirigh do bhéal chun briathra beannaithe,

cóirigh do chroí agus díbir an ghangaid as.

Smaoineamh

I soiscéal an lae inniu, tá Íosa i measc a dheisceabal. Sinne deisceabail Íosa sa lá atá inniu ann. Tá sé inár measc agus muid bailithe le chéile leis an Aifreann a cheiliúradh. Siúlann Dia linn ar chasán an tsaoil, agus bíonn Íosa inár measc nuair a thagaimid le chéile faoi anáil a ghrá agus nuair a roinneann sé linn a chorp agus a chuid fola san eocairist.

Ach tá rud eile i gceist sa soiscéal inniu. Ní amháin go bhfuil Íosa i measc a dheisceabal, ach cuireann sé amach roimhe iad chuig na bailte ina bhfuil sé féin le dul. Tá claochlú ag tarlú i saol na ndeisceabal. Go dtí seo is deisceabail iad, ach anois, tar éis do Íosa am a chaitheamh leo agus iad a theagasc, tá sé ag iarraidh orthu bheith páirteach sa mhisean atá aige féin. Rachaidh siad amach agus dhéanfaidh siad teagmháil le daoine chun iad a ullmhú do theacht Íosa. Agus beidh neart Íosa leo ina n-iarracht. Go dtí seo ba dheisceabail iad, ach tá Íosa ag iarraidh orthu bheith ina n-aspail, leis an dea-scéala a fhógairt go bhfuil Íosa ag teacht agus go mbeidh athrú ar a saoil dá bharr.

Tá teachtaireacht sa soiscéal dúinne inniu chomh maith. Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa mar dheisceabail, ach tá sé ag iarraidh orainne bheith inár n-aspail freisin. Tá sé ag iarraidh orainn dul amach ón Aifreann seo agus grá Dé agus teachtaireacht Íosa a scaipeadh i measc ár muintire agus i measc an phobail atá thart orainn.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Le bás na croise cheannaigh tú

sliocht mífhortúnach Éabha.

Ó shin anuas is beannaithe

an comhartha seo dár naomhú.

Ár bPaidreacha Dúchais 410

* * *

An 15ú Domhnach Saor

10 Iúil 2016, Bliain C

Tús

Tá ráiteas aoibhinn sa chéad léacht inniu. Deir Maois le pobal Iosrael: ‘Tá an Briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí.’ Má bhí sin fíor do phobal Iosrael, tá sé fíor ar dhóigh níos iomláine fós dúinne Críostaithe, go háirithe nuair a thagaimid le chéile leis an Aifreann a cheiliúradh. Tá Íosa inár measc, agus díreach mar a rinne sé lena dheisceabail an oíche ar tugadh suas é, osclaíonn sé na Scrioptúir dúinn agus briseann sé an t-arán.

Smaoineamh

Léacht as Leabhar Deotranaimí atá sa chéad léacht, agus sa Soiscéal glacann an fear óg chuige sliocht as Deotranaimí chomh maith agus é ag tabhairt freagra ar Íosa: ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus do chomharsa mar thú féin’. Sliocht é sin a bhí in úsáid go laethúil ag pobal dílis Iosrael mar phaidir. Tugadh ‘an phaidir Shemá’ air, mar thosaigh sé leis an fhocal Shemá: ‘Shemá, Yísrael, Adonai Elohenú, Adonai echad – éist, a Iosrael, An Tiarna ár nDia, is Aon é an Tiarna,’ agus ansin téann sé ar aghaidh: ‘Gráóidh tú…’ Grá iomlán gan eisceacht a éilíonn Dia ar a mhuintir, rud nach bhfuil furast. Lorgaíonn an fear óg bealach éalaithe: ‘Cé hé mo chomharsa?’, a deir sé. Is é sin, an féidir liom líne a tharraingt idir na daoine atá ar mo thaobhsa agus na heachtrannaigh nach gá dom bacadh leo. Diúltaíonn Íosa dó sin agus imíonn an fear óg. Níl an cheist aon phioc níos fusa dúinne inniu. Iarrann Íosa orainn grá fíor fairsing a bheith againn do gach duine atá thart orainn.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Bí, a Íosa, im chroíse i gcuimhne gach uair,

Bí, a Íosa, im chroíse le haithrí go luath.

Bí, a Íosa, im chroíse le dúthracht go buan,

is a Íosa, a Dhia dhílis, ná scat thusa uaim.

Ár bPaidreacha Dúchais 162

* * *

An 16ú Domhnach Saor

17 Iúil 2016, Bliain C

Tús

Sa chéad léacht inniu cuireann Abráhám fáilte roimh an triúr fear ag Dair Mamré, agus gheibh sé amach de réir a chéile gur aingle iad, agus go bhfuil teachtaireacht an dóchais acu dó féin agus dá bhean Sára. Sa 15ú aois sa Rúis, ghlac an Péintéir Íocón clúiteach, Andréi Rubliev, an scéal seo mar ábhar don Íocón annamh: Íocón na Tríonóide. Seasann an triúr aingeal do thrí phearsa na Tríonóide, foinse gach grá agus íocón gach teaghlaigh.

Smaoineamh

Cuireann Máirtín Ó Direáin síos i ndán dá chuid ar lanúin óg a chuir seomra breise leis an sean-teach nuair a pósadh iad. As sin amach bhí a seomra leapan, a seomra cónaithe féin, acu, ach ní raibh ach cistin amháin agus tine amháin fós sa teach, agus bhíodh orthu a gcuid béiltí a ullmhú in aon seomra leis an sean-lanúin. Mar sin féin, bhí siombal ann le haithint go raibh teaghlach nus á bhunú. Bhí a bpota cócaireachta féin ag an lanúin úr, ‘ag cur pota ar leith ar theallach an dóchais’, mar a dúirt an file.

Tá dóchas ar leith in achan teaghlach. Bhí Íosa i láthair i dteaghlach Mháire, Mhárta – agus Lazarais – agus bíonn Íosa i láthair i dteaghlaigh s’againn féin chomh maith. Áit ar bit a mbíonn beirt nó triúr..

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

In ainm Athar,

in ainm Mic,

in ainm Spioraid,

Trí san Aon.

Caomhnaíodh Athair mé,

caomhnaíodh Mac mé,

caomhnaíodh Spiorad mé,

Rí uilechaomh.

Naomhaíodh Dia mé,

naomhaíodh Críosta mé,

naomhaíodh Spiorad mé,

Trí uilenaomh.

Cúnadh Trí mo dhúil,

cúnadh Trí mo rún,

cúnadh Trí mo shiúl,

agus mo ghlún gan chlaon.

Ár bPaidreacha Dúchais 353

* * *

An 17ú Domhnach Saor

24 Iúil 2016, Bliain C

Tús

Sílimid go mbíonn daoine fásta ag teagasc na bpáistí – tuismitheoirí, múinteoirí, sagairt – ach amannaí is iad na páistí a bhíonn i mbun an teagaisc. Ar ócaidí ar nós Aifreann Chéad Chomaoineach, nuair a chloisimid na páistí ag canadh: ‘Tagaimis le chéile chuig an Tiarna… tugaimis glóir dó…’, tugann sé léargas nua dúinn ar an rud a bhí ar eolas dúinn cheana féin, agus cuireann sé ag machnamh sinn ar an rud atá ar bun againn nuair a bhailímid le chéile leis an Aifreann a cheiliúradh Dé Domhnaigh.

Smaoineamh

Sa soiscéal inniu, tá Íosa ag míniú dá dheisceabail fán urnaí, á dteagasc faoi conas a bheith ag guí do Dhia an tAthair. Tabhair faoi deara:

1.  Iarrann duine dá dheisceabail ar Íosa iad a theagasc: ‘A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail’.

2.  Chuir an deisceabal an cheist sin ar Íosa toisc go bhfaca sé Íosa ag guí. Tosaíonn an soiscéal inniu: ‘Aon lá amháin agus Íosa in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail.’ I Soiscéal Lúcáis, bíonn Íosa ag guí go minic. Roimh gach ócáid mhór, téann Íosa ar leataobh, nó in airde sa sliamh, agus bíonn sé ag guí, amannaí i rith na hoíche ar fad.

3.  Nuair a mhíníonn Íosa dá dheisceabail conas a bheith ag guí, deir sé: ‘Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d’ainm…’ Is é sin, ba chóir dóibh muinín a chur i nDia mar athair cinéalta grámhar a amharcfaidh ina ndiaidh. Tá sin oiriúnach ar dhóigh speisialts i mbliain seo na trócaire.

4.  Agus deir sé leo bheith dóchasach go n-éistfear lena n-urnaí: ‘Gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgaíonn, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Gairim thú, a Rí na nDúl,

is tú mo rúnchara faoi rath,

uaimse ná hiompaigh do ghnúis,

óir is tú mo bhreith gan bhrath.

Is tú mo rí, is tú mo reacht,

is leat mo chroí, is leat mo chorp,

mo ghrá thú, a Chríost gan locht,

óir is leat m’anam anocht.

Ní dhéanfaidh mé a cheilt, a Rí,

go maire mé i do theach le m’ ré,

go n-ithe mé an fhleá de d’ mhéis;

ná fág mé do d’éis, a Dhé.

Aibeartach mac Coisse Dobhrán, 893 ad

* * *

An 18ú Domhnach Saor

31 Iúil 2016, Bliain C

Tús

Nuair a d’aistrigh an file Seamus Heaney Suibhne Geilt ón Sean-Ghaeilg go Béarla, fuair sé na focail a bhí fóirstineach don teideal. ‘Sweeney Astray’, a thug sé air. Bhí an focal astray beo ina chanúint féin, agus bhí sé so-thuigthe sa Ghaeilg, ar strae. Tá cuid mhór atá ar strae i dtuiscint an tsaoil agus i luachanna an tsaoil sa lá atá inniu ann, agus tugann léachtaí an lae inniu agus an soiscéal go háirithe dúshlán an tsaoil. Rud bunúsach atá ar strae i saol an lae inniu, baineann sé le hamharc. Síleann an saol nach bhfuil rud ar bith le sonrú ar domhain ach amháin an méid a fheicimid lenár súile fisiciúla.

Smaoineamh

Bhí stailc bainc ann i mBaile Átha Cliath sna seachtóidí. Ag am lóin lá amháin ar choirnéal Shráid na Mainistreach agus Shráid Uí Chonaill, bhí dhá líne daoine ina scuainí ag ciúáil ag ATM Bhanc na hÉireann agus Bhanc Aontas Éireann. Tháinig fear bocht anuas agus caipín leis ag iarraidh déirce. Níor thug duine ar bit aird air. Thiontaigh siad uaidh agus rinne siad neamh-shuim dá chás. Rith sé ó cheann ceann an líne agus é ag scairtigh amach, i gcanúint lár Bhaile Átha Cliath: ‘Yes can’t take it wit yes, yes can’t take it wit yes..’ Bhí teachtaireacht shoiscéal an lae inniu go beacht ag fear bocht Bhaile Átha Cliath.

Tá dhá thaobh leis an teachtaireacht atá ag Íosa dúinn:

1.  Gan muinín a chur i maoin an tsaoil seo nó i luachanna baotha an tsaoil seo;

2.  Ár muinín a chur sna rudaí a mhaireann agus a bheas buan, ní amháin sa tsaol seo, ach ar feadh na síoraíochta.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha…) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Gile mo chroí do chroíse, a Shlánaitheoir,

is ciste mo chroí do chroíse d’fháil i m’ chomhair.

Ós follus gur líon do chroí de m’ ghrása, a stór,

i gcochall mo chroí do chroíse fág i gcomhad.

Ár bPaidreacha Dúchais 423

* * *

An 19ú Domhnach Saor

7 Lúnasa 2016, Bliain C

Tús

‘Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine’.

Smaoineamh

Sa dara léacht inniu, ón Litir chuig na hEabhraigh, tá machnamh ar an chreideamh againn: ‘cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid’. Bíonn gá le creideamh nuair nach léir dúinn ceann scríbe ár n-aistir. Deir an Litir linn: ‘Trí chreideamh rinne Abráhám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i bpubaill in éineacht le hÍsác agus le Iácób, beirt a fuair an gealltanas céanna ó Dhia. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí’.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2   Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha…) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Dia dár sábháil

’s a Mháthair ghléigeal,

’s na Flaithis go bhfaighimid

agus bás in Éirinn.

Ár bPaidreacha Dúchais 363

* * *

An 20ú Domhnach Saor

14 Lúnasa 2016, Bliain C

Tús

I Leabhar Aifrinn Stowe, a scríobhadh i mainistir Naoimh Mhaelruáin i dTamhlacht i sléibhte Bhaile Cliath sa bhliain 800 AD, tá cur síos álainn ar an Aifreann mar ‘coinne na hEaglaise neamhaí agus talúnda’. Sin an áit a bhfuilimid inniu, i lár na hEaglaise neamhaí agus talúnda, i láthair Dé agus i láthair na n-aingeal agus na naomh.

Smaoineamh

Sa dara léacht inniu, ón Litir chuig na hEabhraigh, cuirtear i gcuimhne dúinn nach bhfuilimid scaite amach ar ár gconlán féin sa chreideamh, san Eaglais, agus go háirithe nuair a thagaimid le chéile leis an Aifreann a cheiliúradh. Ní raibh riamh san Eaglais in Éirinn sna céadta tosaigh aon áit do spioradáltacht ‘mé féin agus Íosa’. Muintearas a bhí i gceist, pobal aontaithe le chéile, ag urnaí le chéile, ag ofráil an Aifrinn le chéile. Agus is mar a chéile é ag Eaglais an Tiomna Nua, mar a léirítear mar shampla i nGníomhartha na nAspal, agus mar a léirítear sa Litir chuig na hEabhraigh.

Sa léacht atá againn inniu, deirtear ‘ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d’fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall’. Tá an slua sin thart timpeall orainn sa bheatha Críostaí, le linn dúinn bheith ag urnaí, agus go háirithe anseo le linn an Aifrinn. Táimid i measc na n-aingeal agus na naomh, i lár na hEaglaise neamhaí agus talúnda.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha…) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Beannacht leat, a Mhuire,

beannacht leat, a Chríost.

Go gcumhdaí sibh ár n-anam

go dtige sinn arís.

Beannacht leat, a Theach Dé,

agus beannacht Dé inár dtimpeall.

Nár scara uainne grásta Dé

go bhfillfimid chun a theampaill.

Ár bPaidreacha Dúchais 133

* * *

Deastógáil na Maighdeana Beannaithe Muire

15 Lúnasa 2016

Tús

D’fhógair an Pápa Pius XII dogma na Deastógála sa bhliain 1950, ach téann fréamhacha na Féile i bhfad siar i stair na hEaglaise, ag toiseacht san Oirthear, b’fhéidir i Iarúsailéim. Sna meánaoiseanna bhí nós ann barraí agus torthaí an fhómhair a bheannú ar an lá seo, go háirithe i ndeisceart na hEorpa. Sa Ghaeilge tugtar an t-ainm Lá Fhéile Muire san Fhómhar ar Fhéile na Deastógála go dtí an lá atá inniu ann.

Smaoineamh

Deir na scoláirí linn go raibh fréamhacha dheabhóid Mhuire, agus féiltí agus teidil Mhuire go domhain san Eaglais Oirthearach ó chéadta tosaigh na hEaglaise. Ach tá deabhóid na Maighdeana Muire fréamhaithe go domhain san Eaglais in Éirinn chomh maith. D’fhógair an Pápa Pól VI an teideal: Muire, Máthair na hEaglaise, in 1965, ag deireadh Chomhairle na Vatacáine, ach sa Leabhar Breac a cuireadh le chéile i dtús na 15ú aoise luaitear an teideal, Muire, Máthair na hEaglaise neamhaí agus talúnda. In Muire Mhór, a foilsíodh ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta sa bhliain 1959, thug an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire C.Í. liosta de theidil ar Mhuire a luaigh an file Piaras Mac Gearailt san 18ú aois:

Crann soilse is criostal na Críostaíochta;

Farraige na daonnachta;

Grianán na glóire;

Réaltán eolais gach seachránaigh;

Bean réitigh na feirge;

Seomra séad na suáilce;

Tuile na ngrás;

Tonn Chlíodhna na trócaire.

Tá an teideal deireannach sin (cosúil le ‘tsunami na trócaire’) iontach oiriúnach do Bhliain seo na Trócaire.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na macléinn atá ag fanacht ar thorthaí a gcuid scrúduithe. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

5.  Guímid go mbeidh aimsir mhaith ag na feirmeoirí agus ag na hiascairí. A Thiarna, éist linn.

6.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

Mhaighdean mhilis ’fuair coinneal na ngrása thuas,

a mháthair na n-aingeal ar a ngoileann gach pápa nua,

más áil leat sinne, déan guí ar an Athair gach uair,

is ar ghrá do linbh tabhair bille go Parthas dúinn.

Ár bPaidreacha Dúchais 453

* * *

An 21ú Domhnach Saor

21 Lúnasa 2016, Bliain C

Tús

Sa chéad léacht ó Ísáia agus i Soiscéal Lúcais tá radharc againn ón lár, ó stair phobal thofa Iosráel agus ó thús na hEaglaise. Féachaimid féin ar an scéal ón taobh eile, ó dhá mhíle bliain níos faide anonn sa stair agus ó áit de áiteacha imigéiniúla an domhain. Bainimidne leis na náisiúin, há góím, taobh amuigh de phobal Iosráel. Dea-scéala dúinne go raibh fairsingeacht ag teacht i bplean Dé don chine daonna.

Smaoineamh

Sa chéad léacht agus sa soiscéal inniu, léirítear plean fairsing Dé: leathnóidh an slánú amach thar críocha Iosráel go dtí na tíortha is faide ar shiúl, go dtí na náisiúin go léir: ‘i dtreo na n-oileán i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir’ (Ísáia). Deirtear sa soiscéal: ‘Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé’. I soiscéal Lúcáis is minic Íosa ag suí chun boird le daoine éagsúla – siombal an mhuintearais – agus anseo inniu ag an Aifreann táimidne ag suí chun boird na hEocairiste, aontaithe le hÍosa agus lena chéile. Sinne, a bhí scaite amach in imigéin an domhain, táimid bailithe isteach i gcomhluadar an Tiarna, agus bronnann sé orainn arán na beatha síoraí.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na macléinn atá ag fanacht ar thorthaí a gcuid scrúduithe. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

5.  Guímid go mbeidh aimsir mhaith ag na feirmeoirí agus ag na hiascairí. A Thiarna, éist linn.

6.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

A Spioraid Naoimh,

a bheonn gach rud beo,

a ghluaiseann gach créatúr,

a bhunaíonn an uiledhúil

A nglanadh go glinn gléineach,

ag cealú a ndearmad,

ag cneasú a gcréachta,

is Tú an fíorbheatha againn,

lonrach,

iontach,

ag múscailt an chroí

óna chodladh cianaosta.

Hildegard de Bingen

* * *

An 22ú Domhnach Saor

28 Lúnasa 2016, Bliain C

Tús

Tá beannacht álainn againn ó Naomh Fursa, naomh as Iarthar na hÉireann. Tugtar Beannú na gCéadfaithe air, agus luann sé na céadfaithe éagsúla. I líne amháin, ag tagairt do radharc na súl, deir sé: ‘Go raibh amharc mhuintir neimhe sna súile seo’. Téann sin go maith leis na tagairtí don chreideamh sa Litir chuig na hEabhraigh. Má bhíonn amharc mhuintir neimhe inár súile, beimid in ann fíor-bhrí an Aifrinn a aithint. Ní mar shlua anaithnid atáimid bailithe anseo, ach mar fhíréin Chríost. Aithnímid an Críost aiséirithe sa phobal agus in íobairt an Aifrinn.

Smaoineamh

Sa dara léacht inniu, ón Litir chuig na hEabhraigh, tá alt a mhúsclaíonn an tsamhlaíocht ionainn. Cur síos atá ann ar shaol eile, nó ar a laghad, sin an chéad chosúlacht atá air. Ach nuair a fhéachaimid air le súile mhuintir neimhe, aithnímid gur cur síos atá ann ar an Eaglais agus ar an Aifreann. Is féidir linn a shamhailt go bhfuil guth ag labhairt linn agus muid bailithe thart ar an altóir ag an Aifreann. Seo an méid atá á rá: ‘Tá sibh tagtha go dtí Sliabh Síón agus cathair Dé bhí, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach, agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis; mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar an uile dhuine, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta, agus Íosa, idirghabhálaí an Chonartha nua’. Nach álainn an smaoineamh é?

Is ionann é ar ndóighe, leis an íomhá san Aifreann nuair a chanaimid ‘Is naofa, naofa, naofa thú.’ le Dia maraon le sluaite na n-aingeal. Agus is ionann é le tuiscint Leabhar Aifrinn Stowe ar an Aifreann mar ‘coinne na hEaglaise neamhaí agus talúnda’. Tá an téama céanna ag Scott Hahn ina leabhar, The Lamb’s Supper, ina bhfuil trácht aige ar an Uan i Leabhar an Apacailipsis, agus ina ndéanann sé tagairt don sliocht seo as an Litir chuig na hEabhraigh. Is iontach an rud é bheith in ann briseadh amach as cuingreacha an amhairc fhisiciúil agus sracfhéachaint a fháil ar shaol neamhaí.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

1.  Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.

2.  Guímid ar son na macléinn atá ag fanacht ar thorthaí a gcuid scrúduithe. A Thiarna, éist linn.

3.  Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.

4.  Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.

5.  Guímid go mbeidh aimsir mhaith ag na feirmeoirí agus ag na hiascairí. A Thiarna, éist linn.

6.  Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna. Amen.

Focal Scoir

A Íosa, a Mhic Dháiví,

a thug dúinn amharc ar an lá,

go mbeire tú ár n-anam leat slán

go Cathair na nGrást.

Ár bPaidreacha Dúchais 12

* * *