Leathanach don Cheiliúraí – June

The June Leathanach don Cheiliúraí are provided by An tAth Seán Terry, Cluain Uamha.

 

DOMHNACH  CINCíSE – 4ú Meitheamh 2017

Réamhrá

Inniu lá breithe na hEaglaise. Trí chumhacht an Spioraid Naoimh farainn, is le misneach a fhógraímid an Dea-scéal.

Smaoineamh

Nuair a mothaímid an taca sciobtha uainn, nach minic eaglach,  faiteach, scáfar sinn. Bhí an Máistir bailithe leis ar ais ar neamh agus na deisceabail, go faiteach, bailithe i dteannta a chéile. Go tobann líonadh leis an Spiorad Naomh iad, agus thosnaigh siad uile ag labhairt. Sa Spiorad céanna a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn. Is leor cumhacht an Spiorad Naoimh ionainn chun seasamh le misneach in aghaidh cora an tsaoil.

Guí an Phobail

Agus an Spiorad Naomh ár spreagadh, cuirimid ár riachtanais i láthair an Athar.

  1. Ar son Eaglais Dé; go mbeimid go léir aontaithe le chéile in aon Spiorad amháin. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar a son siúd atá ar lagmhisneach; go dtiocfaidh an Spioradh Naomh i gcabhair orthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Ar son othair an phobail seo; go ndéanfaimid gach iarracht cineáltas Chríosta dháileadh orthu. A Thiarna, éist linn.
  4. Ar son siúd atá gan teach; go dtiocfaidh tuiscint chugainn uile gurb iad ár mbráithre agus ár siúracha i gCríost iad    A Thiarna, éist linn.
  5. Ar a son siúd atá imithe ar shlí na fírinne, guímid suaimhneas síoraí dóibh uile.

A Thiarna, éist linn.

Tabhair cluas le héisteacht linn, a Thiarna, agus glac lenár n-achanaí, trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Le spreagadh an NaomhSpiorad, guímis chun an Athar.: Ár nAthair

Focal scoir:

Spiorad Dé romhainn, ionainn agus inár ndiaidh.

 

SOLÚNTAS NA TRÍONÓIDE RÓNAOFA – 11ú Meitheamh, 2017

Réamhrá

Mar is dual i dtús gach ceiliúradh, gearraimid fíor na croise orainn féin, ach ag teach le chéile ar Sholúntas na Tríonóide RóNaofa, tá éifeacht ar leith ag baint leis; In ainm an Athar….

 Smaoineamh

‘Sna laethanta nuair a chuirtí na páistí faoi scrúdú roimh an Chomhneartaithe, bhí sceitimíní ar Sheán bhocht ag seasamh dó os comhair an Easpaig, ach nuair a chuir the tEaspag an cheist seo air, ‘Inis dom mar gheall ar an Tríonód’, thosnaigh Seán ag stadaireacht. Ach nuair a dúirt an tEaspag, ‘Ní thuigim thú, a bhuachail’, phléasc Seán amach, ‘Tá sé do-thuigthe, is rúndiamhar í’.

Sea, is fíor, ach féach an tionchar atá ag an Tríonód ar ár mbeatha Chríostaí. Baisteadh sinn ‘In aimn an Athar….’ Mar a luas theanna, cuirimid tús le gach ceiliúradh, ‘In aimn an Athar..’ Féach chomh minic a bhíonn, ‘Gloir don Athair….’ mar conclúid ar ár n-urnaithe. Sa bhFaoirtin tugan an sagart aspalóid, ‘In anm an Athar….’ I bPaidir Eocairisteach II, deir an sagart, ‘Naomhaigh… na bronntansis seo le drúcht do Spioraid’ I bPaidir Eocairisteach III  ‘…  na tabhartais seo,,,,,a naomhú tríd an Spiorad céanna’ Agus féach a bhfuil dár gcreideamh fite fuaite sa Chré,, pé acu Cré Nicea nó Cré na nAspal. Tá ábhar maith machnaimh anseo.

Guí an Phobail

Le dóchas agus le creideamh cuirimid ár n-achanaí i láthair an Athar.

  1. Ar son na hEaglaise ar fud an domhain; go mbeannófá í le aoirí misniúla.

A Thiarna, éist linn.

  1. Ar son ár náisiún: go mbeidh ár slí maireachtála mar fhianaise ar an grá a mhúineann Íosa dúinn.  A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son na síochána: go mhbeimid uile gníomach ag saothrú ar son na síochána sa teaghlach, sa phobal agus sa láthair oibre. A Thiarna, éist linn.
  3. Ar son ár ndaoine muinteartha atá imithe romhainn agus are son na mairbh uile: go raibh siad i bpáirt leis na naoimh ag bainis an Tiarna ar neamh. A Thiarna, éist linn

A Athair ionúin, tabhair cluas le héisteacht lenár n-achaniní, trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

Le dóchas is le buíochas guímis chun an Athar mar a mhúin Íosa dúinn.

Focal scoir

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh.

 

SOLÚNTAS CHORP AGUS FHUIL RÓNAOFA CHRÍOST – 18ú Meitheamh 2017

Réamhrá

Seo mar a deir Íosa linn i Soiscéal na féile seo, ‘An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí sige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach’.

Smaoineamh

Ar feadh daichead bliain san fhásach, mhúin Dia do na daoine gur uaidh féin a thgann gach ní, ‘uisce as an gcarraig chrua….manna nárbh eol do d’aithreacha’. Deir Pól linn, ‘Ós aon bhuilín amháin é, níl ionainne, dá líonmhaire sinn, ach aon chorp amháin toisc go gcaithimis go léir an t-arán céanna’. Ón uair a cuireadh i bpáirt le Críost sin inár mbaisteadh, cothaítear sinn lena chorp agus lena fhuil ag bord na hEocairiste.

Guí an Phobail

Toisc nach ar arán anháin a mhairimid ach ar gach ní a thagann ó bhéal Dé, le dóchas, cuirimid ár n-achanaí ina láthair.

  1. Cothaítear sinn le hArán na Beatha; bímis flaithiúl go háirithe leo siúd atá bocht agus faoi phian an ocrais. A Thiarna, éist linn.
  2. Ós aon sinn i nglacadh an t-arán céanna: bímis i bpáirt le chéile i ngach aon slí. A Thiarna, éist linn.
  3. Ar son dhaoine óga: go mbeidh Briathar Dé agus dea-shample a sinsir mar spreagadh acu. A Thiarna, éist linn.
  4. Ar a son siúd atá imithe romhainn: go raibh acu radharc ar ghlóire Dé ar feadh na síoraíochta. A Thiarna, éist linn.

Tabhair do chabhair lách do do phobal, a Thiarna, agus glac lenár nghuí, trí Chríost ár dTiarna

An Phaidir

Mhúin Íosa dúinn nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar gach focal a thagann ó bhéal Dé, mar sin guímis:

Focal scoir:

A Íosa mhilis,

ní suíochán duit mo theanga,

ní lóistín duit mo chroí;

ach bronn orm do bheannaitheacht,

‘s go bhfana sí agam  choíche

 

DOMHNACH XII Le Linn na Bliana – 25ú Meitheamh 2017        

Réamhrá

Bíodh focail seo an tsalmaire mar ábhar dóchais againn agus sinn bailithe do Eocairist:

                                         Leanfaidh cineáltas is fábhar mé

                                         gach uile lá de mo shaol.

                                         I dteach an Tiarna a mhairfidh mé

                                         go brách na breithe.        

Smaoineamh

Tá Iarimia boch faoi sceimhle, ‘Eagla ar gach aon taobh’, ach féach mar a thánaig misneach agus dóchas chuige, ag rá, ‘Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna, óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc’. Molann Pól dúinn gan a bheith thíos de bharr pheaca Ádhaimh, ‘mar is fairsinge go mór ná sin a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh ar mhórán de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost’. Spreagann Íosa na deisceabail a bheith misniúil, ‘ná bíodh aon eagla oraibh’. Is mar sin dúinne freisin os comhair an tsaoil, cuma cad a thagann inár n-aghaidh.

Guí an Phobail

Mar phobal Aifrinn anseo inniu, tugaimis chun cuimhne muintir an ghátair agus an sceimhle ar fud an domhain uile atá ag brath ar ár nguí ar a son.

  1. Ar son clann Dé uile: go gcloise siad Briathar Dé is go ndéana siad beart dá réir. A Thiarna, éist linn.
  2. Ar son ár bPápa, ar son Easpaig, agus ar son tréadaithe uile na hEaglaise: go bhfása siad i ngrásta agus go raibh toradh ar a saothar. A Thiarna, éist linn.
  3. Ar a son siúd atá thíos de bharr easpa ghrá: go gcasa an taoide dóibh is go dtaga siad slán chun cuain. A Thiarna, éist linn.
  4. Ar son ár gcairde agus ar son ár ngaolta atá imithe romhainn: go gcónaí siad sa tsíocháin. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna, éist lenár nguí agus neartaigh sa chreideamh sinn, trí Chríost ár dTiarna.

An Phaidir

‘Táimse leatsa agus tusa faoi mo choimirce,’ a deir an Tiarna. Mar sin guímis:        

Focal scoir

Tusa, crioslaigh thú féin chun comhraic.

Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit.  (Ir, 1:17)