Leathanach don Cheiliuraí: November

Download Irish Notes.pdf

 

Na Naoimh Uile, Sollúntas

Réamhrá

Ar an bhféile álainn seo breathnaíonn muid ar ár ndeartháracha agus deirfiúracha go léir atá in éineacht le Críost ar Neamh. I gcomaoin leis an Eaglais uilíoch éisteann muid arís leis an ngairm chun na naofachta a bhronann an Tiarna orainn go léir, cibé áit a bhfuil muid agus cibé slí bheatha atá againn.

 

Smaoineamh

Sa Soiscéal feiceann muid an Tiarna ag teagasc na sluaite ar an gcnoc. Tá sé ag labhairt freisin le gach duine againne anseo inniu. Mar adeir Caiticiosma (nó Teagasc Críostaí) na hEaglaise Caitlicí (CEC): ‘Is iad na biáide is croílár de sheanmóireacht Íosa’ (u. 1716). Sna biáide tugtar portráid dúinn de phearsa Íosa fhéin ionas gur féidir linn aithne dhomhain a chur air agus é a leanúint inár ngnáthshaol.

     Díríonn an Tiarna na biáide ag chuile dhuine. Glaoitear ar gach éinne san Eaglais chun bheith ina naomh. Uaireanta b’fhéidir go gceapann muid nach féidir bheith ina naoimh ach daoine atá fíor-eisceachtúil, saineolaithe de shaghas éigin. Ní mar sin adeir an Tiarna. Ag deireadh na Seanmóra ar an Sliabh deimhníonn Íosa: ‘Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe’ (Mt 5:48). Tugtar an cuireadh céanna dúinn go léir.

     Conas is féidir linn bheith in ár naoimh? Is é atá i gceist ná grásta an bhaiste a chur i bhfeidhm lá i ndiaidh lae trí ghnáth-eachtraí an tsaoil, ár gcuid oibre a dhéanamh chomh maith agus is féidir linn, grá a thabhairt dár muintir agus dár gcomharsana, agus ár gcaidreamh pearsanta le Dia a dhoimhniú i gcónaí trí na sacraimintí agus an urnaí. Taispeáineann an ‘mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh’ (Ap 7:9) ar chuala muid faoi sa Chéad Léacht, gur féidir an Tiarna a leanúint i ngach áit agus i gcónaí in ár saol.

 

Guí an Phobail

Tógaimís ár n-achainí os comhair ár nAthar uilechumhachtaigh le lán-mhuinín as a ghrá dúinn.

1.  Ar son ár bPápa Proinsias, ár nEaspag X, agus na heaspaig agus an chléir go léir. Go dtuga Dia neart agus eagna dóibh i gcónaí i dtreo go ndéanfaidis an bealach chun na naofachta a theagasc go tréan.

2.  Ar son daoine óga. Go dtuige siad grá an Tiarna dóibh agus go nglaca siad lena chuireadh é a leanúint trí ghnátheachtraí an tsaoil.

3.  Ar son na n-easláin. Go dtuga Dia faoiseamh dóibh agus go neartaí sé iad chun an Chrois naofa a iompar le hÍosa agus bheith páirteach ina Aiséirí chomh maith.

4.  Ar ár son féin. Go nglaca muid go diongbháilte leis an ngairm chun na naofachta, agus go n-iarra muid an Tiarna a leanúint trí ghnáthdhualgaisí laethúla ár mbeatha.

5.  Ar son iadsan go léir atá imithe ar shlí na fírinne, go mór mhór ár muintir féin, iadsan a fuair bás le déanaí, agus iadsan nach gcuimhnítear orthu.

6.  Ar son ár n-intinní pearsanta féin.

Sin iad ár n-úrnaithe, a Athair lán-thrócaireach, a chuireann muid os do chomhair le hidirghuí na Naoimh uile, agus trí Chríost ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa maraon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focail Scoir

A Thiarna, déan naomh díom trí d’mhórchomhachta,

A Thiarna, déan naomh díom trí impí na Maighdine glórmhaire,

A Thiarna, déan naomh díom agus cuirtear áthas ar do Mháthair,

Mar is uaitse a fuair sí na grásta.

Ár bPaidreacha Dúchais 229

* * *

 

An Dara Domhnach Tríochad Saor. Bliain C

Réamhrá

San Aifreann Naofa, ní hé amháin go dtagann muidne i láthair an Tiarna, ach níos tábhachtaí fós tagann seisean go grámhar chugainne lena ghrásta. Labhrann sé linn go pearsanta i Liotúirge an Bhriathair agus tagann sé i láthair go fírinneach faoi chruth an aráin agus an fhíona i Liotúirge na hEocairiste.

 

Smaoineamh

‘Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo’ (Lc 20:38). Sna seachtainí seo de mhí na Samhna, ag deireadh bliain an liotúirge, cuireann an Eaglais mar Mháthair ghráúil solas na beatha síoraí os ar gcomhair go minic sna léachtanna. Tá sé tábhachtach, riachtanach fiú, ár radharc a choinneáil ar an tsíoraíocht. Níl aon chiall le turas an tsaoil muna bhfuil ár gceann cúrsa á lorg againn.

     Tugann an bheatha shíoraí caoi dúinn chun eachtraí an tsaoil seo a fheiceáil i gceart. Sin mar a fheiceann muid sa Chéad Léacht nuair a fhanann an chlann sin na Macabéach dílis do dhlithe a sinsear de bharr a ndóchais sa bheatha shíoraí. Cabhraíonn sé linne chomh maith eachtraí ár saoil – na dúshláin agus na fadhbanna, chomh maith leis na buanna agus leis an áthas – a fheiceáil i gcomhthéacs ár dturais chun na síoraíochta.

     Is fiú smaoineamh ar Neamh go minic, go mór mhór sa mhí seo ina n-ofrálann muid a lán paidreacha agus Aifrinn ar son na marbh. Creideann muid i gComaoin na Naomh agus tá dóchas láidir againn go mbeidh muid páirteach chomh maith ar an lá úd i solas na glóire, i dteaghlach an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, in éineacht leis an Mhaighdean Bheannaithe agus na Naoimh uile. Inniu (6 Samhain) Féile Naoimh uilig na hÉireann. Cé nach gceiliúrtar an fhéile seo go liotúirgeach i mbliana, guímís ag ár muintir atá imithe ar Neamh romhainn muid a stiúradh chuig teach an Athar lá i ndiaidh lae.

 

Guí an Phobail

Le lán-dóchas tugann muid ar n-urnaithe roimh Dhia na mbeo:

1.  Ar son ár bPápa Proinsias, ár n-Easpag X agus na hEaspaig go léir; go leana siad dár stiíuradh ar an mbealach chuig an bheatha shíoraí.

2.  Ar son na marbh, go dtuga Dia radharc a ghnúise dóibh.

3.  Ar son ár ndeartháracha agus ár ndeirfiúracha a fhulaingíonn géarleanúint de bharr a gcreidimh; go dtugtar diongbháilteacht agus faoiseamh dóibh.

4.  Ar son na mbochtáin agus na daoine dífhostaithe; ar son na n-easláin agus iadsan atá in ísle brí; go neartaítear iad le grásta Dé agus le grá a gcomharsan.

5.  Ar son daoine pósta; go neartaítear iad ina ndílseacht dá chéile, agus go ndéantar iad a stiúradh le chéile chuig an bheatha shíoraí.

6.  Ar ár son féin, go leana muid orainn lenár radharc ar an tsíoraíocht, ionas go mbeidh dóchas diaga i gcónaí inár n-anamnacha.

A Athair síoraí, Dia na mbeo, cuireann muid ar n-intinní faoi do chúram caoin, le hidirghuí na Maighdine Beannaithe agus trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focail Scoir

Míle fáilte romhat, a Chorp an Tiarna,

tá tú agam anois;

glan an áit ‘na bhfuilir,

díbir rúta an pheaca;

is a Mhaighdean ghlórmhar,

tar i m’choimhdeacht.

Ár bPaidreacha Dúchais 117

* * *

 

An Tríú Domhnach Tríochad Saor. Bliain C

Réamhrá

I mí seo na Samhna, guímid go speisialta ar son iadsan atá imithe ar shlí na fírinne. Cabhraíonn sé linn go léir ár radharc a choinneáil ar an mbeatha shíoraí agus muid i mbun gnáthdhualgaisí an tsaoil.

 

Smaoineamh

‘Tá an Tiarna ag teacht ag rialú na náisiún go cothrom’. Sin mar a chan muid sa Salm inniu. Tá téama an Bhreithiúnais á chur os ár gcomhair sna léachtanna go léir an Domhnach seo. Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas cothrom ar iomlán na staire. Is cúis dóchais é an Breithiúnas Deireanach (féach Benedicht XVI, Spe Salvi, 41-44), agus b’shin é an dearcadh ar an mBreithiúnas a bhí ag na fíréin ag tús na hEaglaise. Cuirfidh an Tiarna deireadh le gach éagóir dá raibh riamh ann nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir.

     Mar adeir an Teagasc Críostaí: ‘Faigheann gach duine tar éis bháis dó cúiteamh síoraí ina anam neamhbhásmhar trí bhreithiúnas’ (CEC 1022). Is turas é ár saol anseo, inar gá dúinn iarracht a dhéanamh i gcónaí an Tiarna a leanúint trí ghnátheachtraí an tsaoil. Deir N. Eoin na Croise: ‘Ar nóin bheag agus deireadh ár saoil, tabharfar breithiúnas orainn de réir an ghrá atá ionainn’. Níl teorainn ar bith leis an bhfás is féidir linn a dhéanamh sa charthanacht. Grá Dé agus grá dár gcomharsain: sin bun agus barr na naofachta.

     Sa dara léacht labhraíonn N. Pól faoin tábhacht a bhaineann leis an obair laethúil. Ní rud teoriciúil é an grá Críostaí. Cuireann muid ár gcarthanacht i bhfeidhm trí obair an lae. Tugann muid grá do Dhia agus grá do dhaoine eile sa mhéid is go ndéanann muid ár gcuid oibre go coinsiasach. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh air gur chaith Íosa Críost tríocha bliain (as tríocha a trí) agus é ar talamh ag obair lá i ndiaidh lae i gcuideachta na Maighdine Beannaithe agus N. Iósaef.

 

Guí an Phobail

Is é an tAifreann an phaidir is cumhachtaí riamh ó is rud é gurb é Íobairt an Tiarna féin é. Mar sin, cuireann muid ár n-intinní go léir os comhair an Tiarna le lán-mhuinín.

1.  Ar son ár nAthar Naofa Proinsias, ár n-Easpag X, agus an chléir uile; go leana said orthu ag teagasc an tSoiscéil go lách agus go cróga.

2.  Ar son polaiteoirí agus ceannairí sibhialta; go n-oibrí siad i gcónaí ar son dínit an duine daonna.

3.  Ar son an teaghlaigh: idir tuismitheoirí, páistí, sean-tuismitheoirí, báibíní agus báibíní gan breith: go maire siad faoi chúram Dé, agus faoi bhrat Mhuire.

4.  Ar son teifigh agus príosúnaigh, ar son iadsan nach bhfuil bia le n-ithe acu; go mblaise siad trócaire Dé agus grá ó dhaoine eile.

5.  Ar son daoine óga: go raibh aithne acu ar Chríost agus go leana siad é go lúcháireach.

6.  Ar son iadsan atá ag ullmhú don tsagartóireacht agus don bheatha rialta: go neartaítear a ndiongbháilteacht; agus freisin go dtaga méadú ar ghairmeacha eaglasta.

A Athair caoin, molann tú dúinn gach rud atá de dhíth orainn a iarraidh uait. Cuireann muid na hurnaithe seo os do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focail Scoir

Molaimid Íosa Críost,

molaimid é ‘na shaoire.

Agus de ghnáth, a Thiarna, trócaire,

is go rabhaimid ag moladh do ghlóire

insa tsíoraíochat dhéanach.

Ár bPaidreacha Dúchais 376

* * *

 

Sollúntas Chríost Rí na nUile. Bliain C

Críoch le hIubhaile na Trócaire

Réamhrá

Inniu ar an lá a gcríochnaíonn Iubhaile Neamhghnách na Trócaire gabhann muid buíochas le Dia as na grástaí go léir a bhronn sé ar a phobal naofa le linn na bliana seo.

 

Smaoineamh

Taispeáineann soiscéal an lae inniu an méid a d’fhulaing an Tiarna ar ár son. Is é Rí na Trócaire é Íosa Críost. D’ofráil sé a Pháis go grámhar chun muid a shaoradh ónár bpeacaí. Mar adeir N. Pól ag deireadh an Dara Léacht, dhein Críost síocháin ‘le fuil a chroise’ (Col 1:20). Inniu cuireann an Eaglais críoch le hIubhaile neamhghnách na Trócaire. Is ceart agus cóir dúinn breathnú ar ghnúis ghrámhar ár Slánaitheora ar an lá seo ach go háirithe.

     Le linn Bliain na Trócaire mhol an Pápa Proinsias go minic dúinn ‘glacadh leis an trócaire, agus bheith trócaireach le daoine eile’. Is dúshlán é seo ar feadh ár saoil ar fad. Glacann muid le trócaire an Tiarna go háirithe i Sacraimint na hAithrí agus an Athmhuintearais. Cuireann an tAthair Naofa an-bhéim ar Shacraimint seo na Faoistine ina chuid teagaisc, agus freisin trína shampla pearsanta. Is fiú an cheist a chur orainn féin: An bhfuil grá agam don Sacraimint seo? An dtuigim gurb í Sacraimint na Trócaire Diaga í, gurb í Sacraimint na saoirse agus Sacraimint an áthais í? Faoi mar adeir an Pápa Proinsias: ‘Sa bhFaoistin maitheann an Tiarna ár gcuid peacaí agus déanann sé dearmad orthu’.

     Le cúnamh Dé, beidh toradh eile ar an Iubhaile: go mbeidh muidne féin trócaireach le daoine eile. Uaireanta bíonn sé fíor-dheacair dúinn maithiúnas iomlán a thabhairt do dhaoine. Ceapann muid nach féidir linn a leithéid a dhéanamh; ach le cabhair an ghrásta, agus le hidirghuí na Maighdine Muire, Máthair na Trócaire, is féidir linn maithiúnas a thabhairt de réir chroí Íosa. Anois agus muid ag Aifreann anseo, smaoinímis an bhfuil duine ann gur deacair dúinn rud éigin a mhaitheamh dó nó di, agus déanaimis iarracht os comhair an Tiarna maithiúnas iomlán a thabhairt dóibh.

 

Guí an Phobail

A Athair na Trócaire, tá a fhios againn go bhfuil tú i gcónaí ag breathnú orainn le grá gan chuimse, agus gur féidir linn labhairt leat le lán-mhuinín agus Abba ‘athair’ a thabhairt mar ainm ort. Ar an ábhar sin cuireann muid ár n-achainaíocha romhat go dóchasach:

1.  Go mbeannaítear ár bPápa Proinsias, agus go nglaca muid lena mholadh go gcuirfimis fáilte roimh thrócaire an Tiarna, agus go mbeadh trócaire againn féin ar ár gcomharsain i gcónaí.

2.  Go gcuire an domhan mór aithne ar Chríost agus ar a thrócaire diaga, agus go raibh lúcháir orthu dá bharr.

3.  Go nglana muid féin as ár gcroí gach éad agus uabhar i dtreo go mbeadh lúcháir Dé orainn go brách.

4.  Go raibh grá ar leith againn do Shacraimint na hAithrí agus an Athmhuintearais mar thoradh buan ar Iubhaile Neamhghnách na Trócaire.

5.  Go raibh trócaire Chríost le braith acusan go léir a bhfuil gá acu leis, acusan a bhfuil bochtanas anama nó coirp á fhulaingt acu.

6.  Go raibh trócaire ag Dia orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne.

Sin iad ár n-achainíocha chugat, a Thiarna. Deonaigh dúinn iad trí íobairt ár dTiarna san Aifreann seo.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focail Scoir

A Íosa, a Dhia’s a Chara go buan,

ar son do chuid fola tabhair trócaire dúinn.

Ár bPaidreacha Dúchais 153

* * *

 

An Chéad Domhnach den Aidbhint. Bliain A

Réamhrá

Agus muid ar thóir na naofachta, is minic go ndéanann muid tosach nua inár mbeatha spioradálta. Inniu ar an Chéad Domhnach den Aidbhint déanann muid tosach úrnua le háthas, agus le cúnamh grásta ár dTiarna atá le teacht chun muid a shlánú.

 

Smaoineamh

     Inniu tá muid ag tosnú ar bhliain liotúirgeach nua le séasúr na hAidbhinte. Tá muid lán áthais agus dóchais mar go bhfuil an Tiarna, ár bhFuascailteoir ag teacht chugainn: ‘Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shlánú’ a chan muid san Alleluia (Sm 84:4). Molann an Eaglais dúinn tús nua a dhéanamh inár saol, chun fáiltiú roimh ár Slánaitheoir. Tá sé in am dúinn dúiseacht as ár gcodladh, adeir N. Pól sa Dara Léacht.

     Conas is féidir tús nua a dhéanamh? Tríd an ghuí. Tá sé tábhachtach, fiú riachtanach tréimhse ama a chaitheamh gach lá ag comhrá leis an Tiarna. Ní rud casta é an ghuí; ní gá go mbeadh sé foirmeálta. Is comhrá grámhar é leis an Tiarna a ghlac le colainn daonna díreach chun gur féidir linn labhairt leis go muiníneach séimh. Ag tús na bliana nua seo déanaimís rún daingean, le cabhair an ghrásta, roinnt ama a chaitheamh gach lá in agallamh pearsanta le Dia.

     In Urnaí an Aifrinn inniu d’iarr muid ar Dhia fonn a thabhairt dúinn dul in airicis Chríost. Ritheann muid i dtreo an Tiarna trínár n-urnaí laethúil. Ag an am céanna tá a fhios againn go bhfuil an Tiarna ag rith inár dtreo muidne i gcónaí, chun a ghrásta a bhronnadh orainn agus muid a stiúradh chun caidreamh níos doimhne a bheith againn leis. I séasúr seo na hAidbhinte is féidir linn bheith níos cóngaraí do Mhuire: Is í Taibearnacal beo an tSlánaitheora í.

 

Guí an Phobail

Chuir an tAthair síoraí a Mhac muirneach chugainn chun muid a fhuascailt ón bpeaca, agus chun an bheatha shíoraí a thairiscint dúinn. Cuireann muid ár n-intinní go léir os a chomhair mar sin trína mhac Críost:

1.  Is mian le Dia go mairfimis mar chlann dílis dó féin. Guímis go neartaí sé creideamh gach baill den Eaglais, i gcomaoin lenár n-athair naofa Proinsias.

2.  Go bhfóire Dia ar ainniseoirí uile a chlainne idir pheacaigh agus bhochta agus lucht galair.

3.  Iarraimis ar Dhia an formad agus an t-éad a ruaigeadh as ár gcroí agus as ár n-aigne.

4.  Tháinig ár Slánaitheoir chugainn i mbroinn a Mháthar; trí idirghuí na Maighdine Beannaithe, guímis ar son gach bean atá ag iompar clainne agus ar son gach leanbh atá sa bhroinn.

5.  Go nglaca muid go léir le grásta speisialta na hAidbhinte chun fáiltiú roimh an Tiarna atá ag teacht inár dtreo chun an slánú a bhronnadh orainn.

6.  Iarraimid trócaire ár Slánaitheoira orthusan go léir atá imithe ar shlí na fírinne; go mbronntar solas na glóire orthu.

Cothaigh sinn le do ghrásta ó Neamh, a Athair na trócaire. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:

 

Focail Scoir

Seacht gcéad déag fáilte naoi n-uair agus fiche

Roimh Mhac Dé na glóire agus na Maighdine Muire.

Ár bPaidreacha Dúchais 551

 

Fr Donncha Ó hAodha

Dalkey,

Co Dublin

* * *