Leathanach don Cheiliuraí: October

Download Irish Notes.pdf

 

Micheál O’Muircheartaigh

Dunleeer, Co Louth

 

27 Domhnach

2ú Deireadh Fómhair 2016

 Réamhrá

Bhí athdhearbhú ag teastáil fiú ó na haspail. ‘Méadaigh an creideamh ionainn’, a d’iarr siad. Is údar misnigh gur bhraith fiú deisceabail roghnaíthe Íosa an gá le tíolacadh an chreidimh a lorg.

 

Smaoineamh

Mhúin Íosa dá dheisceabail a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanann sé cur síos ar sheirbhíseach a thuig go raibh sé níos fearr gníomhú de réir a chreidimh seachas a bheith ag gearán faoi easpa creidimh. Thuig Íosa go raibh sé chomh deacair aghaidh a thabhairt ar an dúshlán le crann maoildeirge a bhogadh le creideamh amháin. Mar a deir an seanfhocal tosaíonn gach turas le céim amháin. ‘Sé bunús an chreidimh ná tuiscint a bheith againn ar ár n-oibleagáídí agus ár ndualgais i leith Dé agus glacadh leis go bhfuilimid ag brath ar Dhia. Ba é Adam, ag labhairt ar ár son, a dúirt don chéad uair, ‘nílim sásta freastal a dhéanamh.’ Mar chodarsnacht treoraíonn Íosa a dheisceabail a rá: ‘Níl ionainn ach seirbhísigh; ní dhearnamar ach ár ndualgas.’ Is dócha gurb é bun agus barr an chreidimh ná ár spleáchas iomlán ar Dhia a aithint agus na dualgais a leanann ón adhmháil sin a chomhlíonadh.

 

Guí an Phobail

1.  Guimís do thíolacadh an chreidimh … A Thiarna, eist linn.

2.  Guímís go dtiocfiadh fás i gcarthanas le fás mheoin … A Thiarna, eist linn.

3.  Guímís do chreideamh mar thoradh ar fhlaithiúlacht chroí … A Thiarna, eist linn.

4.  Guímís gur féidir linn focal Dé a chur i ngníomh … A Thiarna, eist linn.

Dia ár n-Athair, iarraimid ort cur lenár gcreideamh agus éisteacht lenár nguí. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Le creideamh agus i ngrá guímid i bhfocail an Tiarna.

 

Focal scoir

Caomhnaíonn Creideamh an fear a choimeádann creideamh.

* * *

 

28 Domhnach

9ú Deireadh Fómhair 2016

Réamhrá

Len ár gcreideamh a bheith lárnach in ár saoil, dúradh linn, an tseachtain seo caite, na dualgais a thagann as gairmeacha ár gcreidimh a chomhlíonadh. Mar chuid de sin gabhaimís Buíochas le Dia a chothaíonn sinn.

 

Smaoineamh

Nuair a bhuaileann Críost leis an lobhar tá codarsnacht le feiceáil idir an té atá neamhglan agus an fhoinse íonachta. Buaileann an té atá marbh (nach mór) le údar agus deontóir na beatha. Ardaíonn Críost é ó éadóchas an bháis cinnte go cruthaíocht nua, aistrithe ó riocht truaillithe agus cinniúint scoite ag léiriú cumhachta an Messiah. Leigheastar an lobhar agus nuair a fhilleann sé ar a mhuintir molann sé go hard Cumhacht Dé agus obair Chríost. Bhraith sé lámh leigheasaithe Dé; tá sé íonaithe, athchóirithe agus neartaithe ina chreideamh agus a bhuíochas. A Íosa, sín amach do lámha gortaithe agus beannaigh do mhuintir; slánaigh agus athchóirigh iad agus tarraing chugat féin iad ag léiriú grá duitse agus dá chéile.

 

Guí an Phobail

1.  Guímís do thíolacadh an altaithe (gift of thanksgiving) … A Thiarna, eist linn.

2.  Guímís do thíolacadh an tionchair dheimhnigh ar shaol na ndaoine thart orainn … A Thiarna, eist linn.

3.  Guímís do thíolacadh na fáilte … A Thiarna, eist linn.

4.  Guímís do thíolacadh an ghrá inár dteagmhálacha éagsúla … A Thiarna, eist linn.

Dia ár n-Athair, iarraimid ort cuidiú linn flaithiúileacht chroí a thaispeáint do dhaoine eile. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Le buíochas ó chroí, guímís chun an Athar.

 

Focal scoir’

Ó fhás go haois, Is ó aois go bás, a Chríost sínigh do dhá láimh anall tharainn.

* * *

 

29 Domhnach

16ú Deireadh Fómhair 2016

Réamhrá

Coinnigh leis an méid a múineadh duit mar tá a fhios agat go bhfuil sé fíor,a scríobh Naomh Pól.

 

Smaoineamh

Ní chiallaíonn parabal an bhreithimh éagóraigh go bhfuil Dia cósúil leis an duine sin. Is soiscéal codarsnachta é. Tá an parabal ag iarraidh a léiriú cé chomh difriúil is atá Dia agus an breitheamh éagórach; léirítear toilteannas Dé freagra a thabhairt dúinn. Gealltar freagairt tapaidh cheart a thabhairt má tá an t-am, an dúthracht agus an tsuim againn ár n-aird a dhíriú uainn féin agus ar Dhia a chothaíonn sinn. ‘Sé creideamh amháin a théann I bhfeidhm ar Íosa. Theip ar gach rud eile – saibhreas, neart, cáil nó cumhacht – dul ina luí air. Tá an cheist sin a chuir Íosa ag cur as dúinn i gcónaí: ‘Nuair a thiocfaidh Mac Dé, an bhfaighidh sé aon chreideamh ar domhan?’

 

Guí an Phobail

1.  Guimís do thíolacadh seasmhacht paidreacha dílse  … A Thiarna, eist linn.

2.  Guimís do dheabhóid domhain toil Dé a dhéanamh … A Thiarna, eist linn.

3.  Guimís do thíolacadh eagna a aimsiú as focal Dé. A Thiarna, eist linn.

4.  Guímís don mhisneach bealaí Dé a leanúint agus toil Dé a chomhlíonadh. A Thiarna, eist linn.

Dia ár n-athair, iarraimid ort cuidiú linn ríocht na córa agus na síochána a bhaint amach. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Le buíochas ó chroí, guímís chun an Athar.

 

Focal scoir

Guimis go ndéantar toil Dé.

Is beatha é Toil Dé.

* * *

 

30 Domhnach

23ú Deireadh Fómhair 2016

Réamhrá

Is í an umhlaíocht bunchloch na naofachta.

 

Smaoineamh

Is í an umhlaíocht bunchloch na naofachta. Tá sé doiligh meon inmheánach a chothú agus deacair a cheilt más ann dó. Bíonn suim ag daoine umhala ionat; tugann siad seans duit agus bíonn meas acu ort. Tá an bua ag daoine cumasacha ardú meanman a thabhairt do dhaoine eile nuair a bhíonn siad leo. Is é an bród, ar ndóigh, a théann in aghaidh na humhlaíochta. Tá sé deacair an bród a cheilt agus níos deacra fós é a dhíbirt. Is é an bród peaca na sinsear, bun agus barr gach peaca. Iompraíonn an té atá lán de fhéin é féin ar bhealach atá éagsúil leis an té a bhfuil spás ina chroí do Dhia agus do dhaoine eile. Nochtaíonn ár nurnaí agus ár ndearcadh, agus sinn ag guí, a lán fúinn féin agus is tré urnaí a nochtaitear Dia dúinn.

 

Guí an Phobail

1.  Guímís do thíolacadh le cineáltas a thaispeáint do dhaoine eile  … A Thiarna, eist linn.

2.  Guimís gur féidir linn an bród a stoitheadh as ár gcroíthe … A Thiarna, eist linn.

3.  Guímís gur féidir linn ár smaointe a shoiléiriú in ár nintinn … A Thiarna, eist linn.

4.  Guímís gurb é toil Dé go néistear lenár ngúithe … A Thiarna, eist linn.

Dia, ár n-Athair, iarraimid ort cuidiú linn le teacht ar bhealach atá taitneamhach i do shúile. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Guimis go ndeantar toil Dé anois agus í gconaí.

 

Focal scoir

Is é an Paidrín páirteach an treoraí go Flaitheas Dé.

* * *

 

31 Domhnach

30ú Deireadh Fómhair 2016

Réamhrá

Cosúil le Zaccheus, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil agus a ghuth a chloisint.

 

Smaoineamh

Is peacaigh sinn ar fad. Tá an cuireadh céanna ar fáil do chách. Tá an sprioclá tagtha; caithimid an rogha a dhéanamh anois. Tháinig Íosa len ár bpeacaí a mhaitheamh dúinn agus chun é sin a chur i gcrích chuir sé fáilte roimh peacaigh poiblí – cáineadh Íosa mar gheall ar seo. Tá sé ag iarraidh orainn, i bhfocail Naomh Pól,’ bailiú timpeall air’. Ni maithiúnas éasca é. Ní mór don duine a lorgaíonn maithiúnas léiriú trí chúiteamh agus trí aithrí gur ghlac sé go hiomlán ina chroí le flaithiúlacht Dé. Is ansin a ghlacaimid le hoidhreacht an ghealltanais, nach féidir leis an mbás ‘sprid domhúchtha an tsaoil’ atá ionainn a chloí.

 

Guí an Phobail

1.  Guímís don mhisneach Críost a leanúint … A Thiarna, eist linn.

2.  Guímis do ghrásta aithrí … A Thiarna, eist linn.

3.  Guimís do thíolacadh cleachtais chearta inár ngnó … A Thiarna, eist linn.

4.  Guímís go gcuirfí deireadh le saothrú daoine soghonta … A Thiarna, eist linn.

Dia ár n-Athair, iarraimid ort misneach a thabhairt dúinn agus athrú inár saoil a chothú. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Tagaimís le chéile roimh Dhia le haithrí inár gcroíthe agus ag guí.

 

Focal scoir

Freagair mé a Chríost, a chara mo chroí

An charraig seo í mo chroí, corraigh í.