Leathanach don Cheiliuraí – September

Newsletter, Family Mass and Irish Mass resources for the August are available free below.

We welcome you to use the following resources in any parish newsletter distributed free of charge.

This month’s Irish Notes were provided by An tAth Oilibhéar Ó Croiligh, Caisleán na Finne, Co. Thír Chonaill. Click here to download a PDF of the Irish Notes.

For more resources from our September issue, click here.

An 22ú Domhnach Saor 
3 Meán Fómhair 2017, Bliain A

Réamhrá

Seo Bliain A sa Liotúirge, bliain shoiscéal Mhatha. I dtraidisiún Ord na nDoiminiceánach deirtear linn, nuair a bhí Doiminic ag taisteal fríd an Spáinn agus fríd Dheisceart na Fraince ar a mhisean, go raibh cóip de Shoiscéal Mhatha i gcónaí leis. Ní hiontas ar bith é, nuair a bhí an Eaglais Chaitliceach faoi bhagairt ag eiriceachtaí éagsúla, gur ghlac Doiminic chuige an Soiscéal a raibh oiread machnaimh ann ar fhéin-aithne na hEaglaise. Tháinig Soiscéal Mhatha as cúlra il-chultúrtha agus il-chreidimh Aintíoch, áit a raibh idir Giúdaigh agus Gintlithe ag teacht isteach san Eaglais. Is in Aintíoch a tugadh an t-ainm Críostaithe ar lucht leanúna Íosa don chéad uair, agus is in Aintíoch a úsáideadh an téarma An Eaglais Chaitliceach don chéad uair.

Smaoineamh

Leanann soiscéal an lae inniu ar admháil chreidimh Pheadair. I soiscéal Mharcais bhí an téacs seo dírithe ar Íosa, ach leathnaíonn Matha amach é: tá Íosa i gceist, ar ndóighe, ach tá an Eaglais i gceist ag Matha chomh maith, agus ról Pheadair san Eaglais. “Is tusa Peadar…” I soiscéal an lae inniu insíonn Íosa dá dheisceabail fána bhás agus fána aiséirí, agus cuireann sé in iúl dá dheisceabail go mbeidh orthu féin a gcros a iompar chomh maith, más mian leo é a leanúint. Is léir go bhfuil rogha le déanamh ag deisceabal: “Cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a bheatha féin ar ceal?” An focal a aistrítear ‘beatha’ anseo, ‘psúché’ atá ann sa Ghréigis. Tá an focal ‘beatha’ cruinn go leor, ach ciallaíonn “psúché’ (psyche) “anam’ chomh maith, rud a fhágann go bhfuil macalla sa Ghréigis ní amháin don saol seo, ach don bheatha shíoraí chomh maith. Tá an teachtaireacht chéanna, teachtaireacht na croise, sa dara léacht chomh maith, ach curtha ar dhóigh eile: “cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneoidh sibh cad is toil le Dia” .. Leanann an fíor-dheisceabal toil Dé.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar son na ndaoine óga atá ar ais ar scoil i ndiaidh shaoire an tsamhraidh, go háirithe má tá siad ag toiseacht sa mheán-scoil don chéad uair. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  5. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna.
Amen.

Focal Scoir

A Íosa mhilis a d’fhulaing an Pháis
ar chrann na croiche ’s tú cloíte ag an bhás,
ba mhór do dheacair go dtáinig an lá.
Is daor a cheannaigh tú peacaigh Shíol Ádhaimh.
(Ár bPaidreacha Dúchais, 399)

AN DEASGHNÁTH DEIRIDH
An Bheannacht

Go raibh an Tiarna libh.
Agus le do spiorad.

Go raibh cuing reachta Dé ar an ngualainn seo;
Go raibh fiosrú an Spioraid Naoimh ar an gceann seo;
Go raibh comhartha Chríost san éadan seo;
Go raibh éisteacht an Spioraid Naoimh sna cluasa seo;
Go raibh boltanú an Spioraid Naoimh sa tsrón seo;
Go raibh amharc mhuintir neimhe sna súile seo;
Go raibh comhrá mhuintir neimhe sa bhéal seo;
Go raibh obair eaglais Dé sna lámha seo;
Go raibh leas Dé agus na gcomharsan sna cosa seo.
Gurab áit do Dhia an croí seo,
Agus gura le Dia, Athair uile, an duine seo.
Amen.
(Beannú na gCéadfaithe, Naomh Fursa, an 7ú Céad.)

Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh,
Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Amen.

An 23ú Domhnach Saor
10 Meán Fómhair 2017, Bliain

Réamhrá

Leanann Matha líne scéalaíochta Mharcais don chuid is mó, ach tá Soiscéal Mhatha difriúil ar dhóigheannaí tábhachtacha ó Shoiscéal Mharcais. Sa chéad áit, tá Matha i bhfad níos faide: níl ach sé chaibidil déag i Soiscéal Mharcais, ach tá ocht gcaibidil fichead i Soiscéal Mhatha. Míníonn na difríochtaí suntasacha atá i Matha cén fáth a bhfuil an Soiscéal chomh fada sin. I Soiscéal Mhatha, taobh istigh den líne scéalaíochta, tá míreanna fada teagaisc — an tSeanmóir ar an tSliabh, mar shampla. Léiríonn Matha go bhfuil Íosa láidir i ngníomh agus i mbriathar. Cluinimid fá ghníomhartha Íosa i measc a chuid deisceabal, agus ansin ó am go chéile bíonn sos ón insint ar na gníomhartha, agus bíonn machnamh nó teagasc Íosa ar ábhair éagsúla.

Smaoineamh

I soiscéal an lae inniu tá machnamh ar ról chomhthionól na hEaglaise ó thaobh na moráltachta de. Tá seasamh daingean ag pobal na hEaglaise i leith droch-iompar bhaill ar bith den phobal. An té nach n-éisteann le comhthionól na hEaglaise, “bíodh sé mar bheadh Gintlíoch nó Bailitheoir Cánach (i.e. peacach poiblí) ann”. Deirtear fosta: “Gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh, beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh”.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna.
Amen.

Focal Scoir

Bí, a Íosa, im chroíse i gcuimhne gach uair,
Bí, a Íosa, im chroíse le haithrí go luath.
Bí, a Íosa, im chroíse le dúthracht go buan,
is a Íosa, a Dhia dhílis, ná scar thusa uaim.
(Ár bPaidreacha Dúchais 162)

AN DEASGHNÁTH DEIRIDH
An Bheannacht

Go raibh an Tiarna libh.
Agus le do spiorad.

Go raibh cuing reachta Dé ar an ngualainn seo;
Go raibh fiosrú an Spioraid Naoimh ar an gceann seo;
Go raibh comhartha Chríost san éadan seo;
Go raibh éisteacht an Spioraid Naoimh sna cluasa seo;
Go raibh boltanú an Spioraid Naoimh sa tsrón seo;
Go raibh amharc mhuintir neimhe sna súile seo;
Go raibh comhrá mhuintir neimhe sa bhéal seo;
Go raibh obair eaglais Dé sna lámha seo;
Go raibh leas Dé agus na gcomharsan sna cosa seo.
Gurab áit do Dhia an croí seo,
Agus gura le Dia, Athair uile, an duine seo.
Amen.
(Beannú na gCéadfaithe, Naomh Fursa, an 7ú Céad.)

Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh,
Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Amen.

An 24ú Domhnach Saor
17 Meán Fómhair 2017, Bliain A

Réamhrá

Tháinig fás as cuimse ar an Eaglais óg in Aintíoch. Tá cur síos iontach ag Naomh Lúcás i nGníomhartha na nAspal ar shaothar Bharnabas agus Phóil agus a gcairde. Ní amháin gur chraobhscaoil siad an Soiscéal go díograiseach i measc phobal Iosráel, ach d’fhógair siad slánú do na Gintlithe, do na cainteoirí Gréigise a fuair siad rompu sa chathair. Bhí rath ar a gcuid oibre, agus tháinig na mílte daoine, idir Ghiúdaigh agus Gintlithe, isteach san Eaglais. Cuireann an cúlra sin crot dá chuid féin ar Shoiscéal Mhatha, a múnlaíodh sa chomhthéacs sin. Bhain gairdeas agus lúcháir leis an scéal, ach thóg sé ceisteanna faoi cad is Críostaí ann. Ní leor anois gur Giúdach thú. Ní ceist teangan nó náisiúin atá ann a thuilleadh. Léiríonn an Soiscéal seo cé hé Íosa agus cé hé nó cé hí an deisceabal maith. Deir Matha nach leor na focail cuí a rá. Caithfidh an deisceabal dílis an gníomh a dhéanamh: toil Dé a chomhlíonadh.

Smaoineamh

Tá sampla fíor-thábhachtach i soiscéal an lae inniu den ghníomh a éilítear ar an deisceabal dílis. Agus ní rud furast é. Iarrtar ar an deisceabal maithiúnas a thabhairt, agus maithiúnas a thabhairt go fial. Tá grá agus maithiúnas Dé gan teorainn. Cuireann Peadar ceist ar Íosa: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn sé i m’aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?” Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n-uaire, ach go dtí seacht n-uaire seachtód”. Tá ciall níos drámatúla fós sa Ghréigis. Ciallaíonn na focail chéanna “seacht n-uaire iolraithe faoi seachtó”. 7×70=490. Sa Sean-Tiomna bhí bua ar leith ag an uimhir 7. Bhí bua níos mó arís le 7×7. Tar éis 49 bliain bheadh bliain iubhaile ann. Maitheadh fiacha agus ligeadh príosúnaigh saor. Maithiúnas ginearálta a bhí ann. Má ghlacann tú le 7×70=490, sin 7x7x10. Sin maithiúnas ginearálta nó amnesty iolraithe faoi deich.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna.
Amen.

Focal Scoir

Cuimhne Dé os cionn mo chuimhne,
leath mo pheacaí ní thig liom a insint,
gach ar inis mé ’s nár inis mé,
tá mé ag iarraidh pardúin ar Íosa Críosta
i láthair chathaoir na faoistine.
Ó a Thiarna a fuair pianta agus a d’fhulaing an Pháis,
do do stialladh le hiarann ó bhun go barr,
ina dhiaidh sin fuair tú tarcaisne ’gus na créachtaí ar do láimh.
Ó a Thiarna, is ag iarraidh do choimirce atáim.
(Ár bPaidreacha Dúchais, 139)

AN DEASGHNÁTH DEIRIDH
An Bheannacht

Go raibh an Tiarna libh.
Agus le do spiorad.

Go raibh cuing reachta Dé ar an ngualainn seo;
Go raibh fiosrú an Spioraid Naoimh ar an gceann seo;
Go raibh comhartha Chríost san éadan seo;
Go raibh éisteacht an Spioraid Naoimh sna cluasa seo;
Go raibh boltanú an Spioraid Naoimh sa tsrón seo;
Go raibh amharc mhuintir neimhe sna súile seo;
Go raibh comhrá mhuintir neimhe sa bhéal seo;
Go raibh obair eaglais Dé sna lámha seo;
Go raibh leas Dé agus na gcomharsan sna cosa seo.
Gurab áit do Dhia an croí seo,
Agus gura le Dia, Athair uile, an duine seo.
Amen.
(Beannú na gCéadfaithe, Naomh Fursa, an 7ú Céad.)

Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh,
Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Amen.

An 25ú Domhnach Saor
24 Meán Fómhair 2017, Bliain A

Réamhrá

Tá abairt iontach suimiúil i gcaibidil 13 i Soiscéal Mhatha: “Gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, is cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean” (Mt 13:52). Is furast cuimhneamh ar an tagairt: Matha a trí déag, caoga a dó. Is fiú cuimhneamh air: tugann na soláirí scrioptúrtha “síniú Mhatha” ar an abairt. Is eochair í do intinn an tSoiscéalaí, saghas aicearra isteach sa Soiscéal. Tháinig Soiscéal Mhatha as cathair Aintíoch. In Aintíoch bhí pobal il-chultúrtha. Nuair a maraíodh Naomh Stiofán in Iarúsaileim, bhí brú ar lucht leanúna Íosa. Tháinig cuid acu chuig Aintíoch. De bhunadh Giúdach iad féin, ach fuair siad rompu Gintlithe a raibh Gréigis acu — ethné — eachtrannacha. De réir a chéile tháinig idir Ghiúdaigh agus Gintlithe isteach san Eaglais. Tá Soiscéal Mhatha suite san idirspás il-chultúrtha, idir sean agus nua. Freagraíonn an sean do na Giúdaigh: tá an soiscéal lán de thagairtí don sean-Tiomna, do chomhlíonadh theachtaireacht na bhfáithe. Freagraíonn an nua do na Gintlithe: Tá an soiscéal lán de thagairtí do na heachtrannaigh agus do dhaoine ar an imeall, agus don teachtaireacht go bhfuil slánú Chríost ar fáil ag náisiúin uile an domhain.

Smaoineamh

Baineann soiscéal an lae inniu le Matha go speisialta. Ní scéal faoi chúrsaí pá atá ann, ná faoi chomhionannas sóisialta. Scéal atá ann faoin slánú uilíoch, agus faoi ghrá fairsing flaithiúil Dé. Seasann na hoibrithe do na Giúdaigh agus na Gintlithe (na Náisiúin). Is iad na Giúdaigh na hoibrithe a shaothraigh ón mhaidin agus i mbrothall an lae. Is iad na Gintlithe na hoibrithe a tháinig go mall, agus a fuair tuarastal iomlán díreach mar a fuair na Giúdaigh a raibh stair fada acu mar phobal tofa Dé. Tá grá Dé, agus maithiúnas Dé, fial, fairsing flaithiúil.

Guí an Phobail

Táimid bailithe le chéile i láthair Íosa agus i measc na n-aingeal agus na naomh. Cuirimid ár nguí agus ár n-achainí os comhair Dé, ar son na hEaglaise agus ar son an domhain mhóir.

  1. Guímid ar son na ndaoine atá ag taisteal ar muir, ar tír nó san aer, go dtiocfaidh siad abhaile slán. A Thiarna, éist linn.
  2. Guímid ar son na ndaoine atá tinn nó faoi bhrú de chinéal ar bith, agus ar son a muintire agus ar son duine ar bith atá ag tabhairt aire dóibh nó atá buartha fúthu. A Thiarna, éist linn.
  3. Guímid ar son na ndaoine atá ag fulaingt de bharr cogaidh nó anró. A Thiarna, éist linn.
  4. Guímid ar son na marbh. (ainmneacha..) Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna Dia, cuirimid na paidreacha seo os do chomhair trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna.
Amen.

Focal Scoir

Gairim thú, a Rí na nDúl,
is tú mo rúnchara faoi rath,
uaimse ná hiompaigh do ghnúis,
óir is tú mo bhreith gan bhrath.