Leathanach don Cheiliuraí: September

Download Irish Notes.pdf

 

Fiche Tríú Domhnach Saor, Blain C

Réamhrá

Tagaimid i láthair chun adhradh agus moladh a thábhairt dó agus cibé ní atá e dhith orainn a thábhairt ós a chomhair.

 

Smaoineamh

Tá an fhómhar tagtha, tá na feirmeóirí gnóthath na laethanta ag baint an arhbar agus tá na daltaí ag filleadh ar scoil don athbhliain acadúil. Tá cuid de la leanaí ag freastal ar an scoil don chéad uair, ag fágáil an nead agus ag gabháil amach ar an saol mór. Ón nóiméad a leagaimid cos ar an domhain go dtí go bhfaighimid bás,, caithaimid slán a fhaqgáil agus buaileadh amach ar turas mór an tsaoil, ag sracadh leis na dúshláin atá ós ár gcomhair amach. ‘Cibé nach ndéanann a chrois a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dhiesceabail agam.

Is cuimhin liom bheith ar an oilithreacht cáiliúl sa Spáin, an Camino roinnt blíanta ó shin. Bhí dream aosóg ón pharóiste mar chomhluadar agam. Thus mé comhairle dóibh gan mórán bagáiste a thábhairt leo ar an slí. In ainneoin sin, ag deire an chéad lá, tar éis cúig míle déag a dhéanamh ar chos, d’éirigh leo mála mór a líonadh le rudaí nach raibh riachtanach. Ceacht na h’oilithreachta, ceacht an tsaoil. Ní gá dúinn an iomarca rudaí saolta bhieth againn. Grá Dé agus grá ár gcomharsa; sin iad na príomh rudaí atá de dhíth orainn.

 

Guí an Phobail

Is é priomh-aithne Chríost go dtugaimis grá dá chéile agus go siúlaimis de réir a aitheanta. Anois tógaimis ár n’achainí don té a thug deis an ghrá dúinn sa chéad áit.

1.  Ar son ár bPápa Phroinsias, na h’easpaig agus an chléír uilig. Go mbé siad dílis i gcónaí do chraobhscaoileadh soiscéil thrócaireach Dé.

2.  Go mbéimid inann braith ar ghrásta De agus gan bheith ró-tógtha le rudaí saolta.

3.  Guimid ráth Dé ar mhúinteoirí, daltaí scoile agus iad ag tosnú bliain acadúil nua.

4.  Go dtuga Dia grásta na h’eagna dúinn ionas go mbéimid inann idirdhealú a dhéanamh idir ar fIor rud agus an rud bréagach, idir an a rud a shásann agus an rud a fhágann ocras sa chroí.

5.  Ar son gairmeacha don sagartóireacht, agus don bheatha rialta. Tábhair speagadh chroí do dhaoine óga misneach a bheith acu Íosa Chríost a leanúint mar cheannairí spioradálta san Eaglais.

6.  Dár gcáirde agus dár muintir féin atá imithe rómhainn. go bhfeice siad glóir Dé i dtalamh na mbeo.

Tábhair cluas dúinn a Thiarna agus muid ag impí ort. Cosain le do ghrá an phobail a a chuireann a muinín as do thrócaire. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ar dTiarna.

 

An Phaidir

Sinne atá cruthaithe in íomhá an t’athair a thug deis an ghrá dúinn, guímís faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir a dhéanamh.

 

Focail Scoir

Ní h’uasal ná h’íseal ach thuas seal agus thíos seal (Seanfhocal) (It doesn’t matter whether we are rich or poor, what we all have in common is that we experience the joys and sorrows of life).

* * *

 

Fiche Ceathrú Domhnach Saor, Blain C

Réamhrá

Ní féidir linn teorainn a chuir ar thrócaire Dé . Léiríonn an soiscéil dúinn inniu go bhfuil Dia i gcónaí ag iarraidh a maithiúnas a bhronnadh orainn. An t’aon rud atá ag teastáil uainne ná aithrí a dhéanamh. Ag tús an aifrinn tugaimís ár bpeacaí chun cuimhne.

 

Smaoineamh

Deirtear gurb é an príomh difríocht idir an chreidimh Chríostaí agus na mór-chreidimh domhanda eile ná. cé go mbaineann na mór-chreidimh eile le tóir an dhuine ar Dhia, ach go mbaineann an Chríostaíocht le tóir Dé ar an dhuine daonna.

Leag an Pápa Phroinsias an bhliain seo amach mar ‘Bhliain an Thrócaire’ ag iarraidh orainn bheith trócaireach dá chéíle mar atá Dia linn. Is léir don phápa go bhfuil an easpa thrócaire taobh thiar de a lán de na droch rudaí atá tarlú sa domhain fé lathair. Is léir go bhfuil an ciníochas (racism) ag méadú. Tá sé sin le feiceáil sna Stáit Aontaithe idir na daoine gorma agus daoine bána agus fiú idir an díospóireacht a bhí ag súil le linn an feachtas Brexit sa Bhreatainn; na teifigh agus a leithéid a choinneáil amach as an tír.

Tháinig bean ón pharóiste s’againne chugam le déanaí ag iarradh orm litir a scríobh ar a shon. Is bean álainn, cráifeach, fíor-sheasmhach agus macánta í. Bhí sí ag iarraidh post beag a fháil mar chailín aimsire nó bhean ghlantacháin chun roinnt airgead a shaothrú don teaghlach. Rinne sí roinnt glaoch telefón agus scríobh sí cúpla litir. Dúirt sí liom. ‘Nuair a chualadar mo shloinne b’shin deire an scéal, ˜níor chuala mé tada uathu ina dhiaidh sin.

Bíonn Dia trócaireach i gcónaí. Tugann sé ghrásta dúinn trócaire bheith againn dá chéile.

 

Guí an Phobail

‘A Dhia, oscail mo bhéola agus foilseoidh mó bhéal do mholadh. S’é Dia a bhronnann gach uile ní atá de dhíth orainn. Mar sin is féidir bheith muiníneach go ghlacann sé lenar idirguíonna.

1.  Guímís ar son na h’eaglaise ar fud an domhain. Go leana sí ag craoibhscaoileadh soiscéil throcaire Dé agus maithiúnas dár bpeacaí.

2.  Gúimís ar son ar bPápa naofa Phroinsias. Go dtuga Dia sláinte, neart agus misneach dhó agus é ag iarraidh an Eaglais a athnúachán chun go mbé sí níos tuisceanach dóibh siúd atá taobh amuigh nó ar imeall na hEaglaise.

3.  Guímís ar son an phobail Dé seo. Go mbé an deis againn aithrí a dheanamh agus braith ar mhaithiúnas Dé atá ar fáil i Sacrimint na Faoistine.

4.  Guímís ar son an t’aos óg, go h’áirithe dóibh siúd ata ag freastal ag choláistí triú leibhéil don chéad uair. Go gcumhdaí Dia agus Muire iad agus coinnigh slán iad ó bhealach na h’aimhleasa.

5.  Guímís ar son na n’easlán cibé áit a bhfuil siad, do dhoctúirí, banaltraí agus aoine a thugann aire dóibh siúd atá in ísle brí

6.  Guimis ar son daoine atá imithe ar shlí na fírinne, go hairithe ár múintir féin. Failtigh rompu       isteach i solas do ghlóire.

A Thiarna Dia, méadaigh ár ngrá agus neartaigh ár gcreideamh. Dlúthaigh le chéile sinn mar chlann Dé. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

 

An Phaidir

Iarraimid anois go mbéímid trócaireach dá chéile, mar atá Dia, ar n’athair linne.

 

Focail Scoir

A Dhia ná tréig do chlann, nádiúltaigh sinn,

ach inár gcontúirt, cuidigh linn.

Go moltar chóiche ar gach taobh

an t’Athair, an Mac, is an Spiorad Naomh.

* * *

 

Fiche Cúigiú Domhnach Saor, Bliain C

Réamhrá

San Aifreann, cuireann Briathar Dé dúshlán ós ár gcomhair agu tugann Íosa a choirp dúinn. Anois agus muid ag teacht le chéile mar bhall choirp Chríost, go dtuga Dia cróithe atá lán le ghrá do chách ach go h’airithe siúd ata in aimsir an ghatair.

 

Smaoineamh

Deir an tseanfhocal: ‘Ní thuigeann an sách an seang’, s’e sin a rá nach bhfuil mórán tuiscint croí ag an duine a bhfuil mórán ar an duine a bhfuil beagán. Ta sé sin chomh fíor inniu agus a bhí in aimsir Amóis mar a chualamar sa chéad léacht.

Ón nóiméad a thoghadh é mar Phápa tá Proinsias ag diriú ár n’aire air na bochtán; na teifigh, seandaoine, aoine nach bhfuil cothrom na Féinne ar fáil acu. Ag teacht ón Mheirceá theas agus óna dheoise féín i mBuenes Aires, tá fíor-thuiscint aige ar chrúachas na mbochtán agus gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Is léir dhó chomh maith go bhfuil mórchuid saibhreas an domhain i bpócaí mionlach beag daoine cumasach ‘sibhse a bhrúionn faoi chois bochtáin na tíre’ (An chéad léacht). Is léir don phápa go gcaithfidh an Eaglais bheith láidir ag labhairt amach ar son siadsan nach bhfuil guth ná tionchar acu.

Úsáideann sé ráiteas go minic agus é ag caint nó ag scríobh ‘our throwaway culture’ s’é sin a rá go bhfuil an oiread sin béim ar chúrsaí eacnamaíochta agus brabach in áit bheith ag roinnt saibhreas an tsaoil ar dhaoine nach bhfuil gnéithe bunúsach an tsaoil acu, ionas go mbeadh cothrom na Féinne ar fáil do chuile dhuine. Ceann de na droch-torthaí ar seo ná an dochar atá a dhéanamh don timpeallacht.

Ag deire an lae, is iad na gnéithe is tabhachtach dúinn ar an tsaol ná an chaidreamh atá eadrainn mar chlann Dé, an chaidreamh atá againn le Dia agus an chaidreamh atá againn don timpeallacht a thug Dia dúinn ar iasacht.

 

Guí an Phobail

A Athair fhlaithiúl, tugann tú gach uile ní atá de dhíth orainn. Éist go h’umhal anois, Impímid ort, le guí do phobail.

1.  Don Eaglais ar fud an domhain. Go leanfaidh sí i gcónaí ag diriú ár n’aire orthu siúd nach bhfuil cothrom na Féinne ar fáíl acu.

2.  Dár bPápa Proinsias. Go dtuga Dia sláinte, neart agus misneach dhó agus é ag craobhscaoileadh soiscéil thrócaireach Dé ar fud an domhain.

3.  Guímid ar son na síochána, go dtuga Dia neart agus misneach dóibh siúd atá ag obair ar son na síochána ar fud an domhain.

4.  Do thorthaí an Spiorad Naoimh agus don misneach atá ag teastáil uainn chuile lá, chun an maith a dhéanamh agus an t’olc a sheachaint.

5.  Dóibh siúd nach bhfuil mórán fáilte rompu inár bpobal féin: an lucht siúil, na teifigh, daoine ó thíortha iasachta, go ruaigaimid an ghráin as ár gcroíthe agus go mbeimid inann éadan Chríost a aithint i ngach duine.

6.  Guimís ar son daoine atá imithe ar shlí na fírinne, go hairithe ár múintir féin. Failtigh rompu isteach I solas do ghlóire.

A Dhia a athair uilechumhachtaigh, bí linn ar ár oilithreacht ar thalamh. In aimsir an dhóláis go dtuga tú sólás dúinn, in aimsir an dorchadais go dtuga tú solas dúinn, agus in aimsir an bhaoil go gcumhdaí thú muid, trí Chríost ár dTiarna, Amen.

 

An Phaidir

Tagann gach uile ní atá againn o chroí an Athair. Is eol dhó gach rud atá inár gcroíthe. Mar sin is féidir linn ár idirguíonna a thábhairt ós a chómhair.

 

Focail Scoir

A Íosa, a cheannaigh mé,

A Íosa a bheannaigh mé,

le saol na saol

go raibh leat i bhFlaitheas mé.

* * *

 

Fiche Seú Domhnach Saor, Bliain C

Réamhrá

Deir Pól sa dara léacht inniu: ‘…bíodh tóir agat ar on ionracas, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an bhfoighne agus ar an láchas…’ Táimid i láthair Dé mar phobail ag iarraidh go líonfar ár gcroíthe lena grástaí céanna ionas nach mbéimid ró-thógtha le chúrsaí an tsaoil.

 

Smaoineamh

Taimid anois in aimsir an fhómhair. Ta na laethanta ag druidim isteach. Tá mór-oibre an fhómhair bainte amach ag na feirmeoirí. Na laethanta seo chomh maith, tá na fáinleoga ag fágáil slán leis an tír seo, ag gabháil amach ar turas fada, thall go deisceart Sasana, chuig an Fhrainc, trasna na farraige, isteach go mórroinn na h’Aifrice chomh fada leis an Aifric theas agus Namibia, áit a chaitheann siad an gheimhridh. Níl na saineolaí cínnte cad a thugann fios a sheolta dhóibh ar an mór thuras seo. An é teocht an ghrian, léas mhaighnéadach an chruinne ?(Magnetic rays of the earth) Pé scéal é, deanann siad an turas seo bliain i dhiadh bhliain, ag filleadh ar an tí seo i Mí Aibreáin, chuig an cheantar agus an sciobóil céanna.

Cad iad na rudaí a thugann brí agus treoir dúinne mar dhaoine, ar slí na beatha? Nach iad an chreideamh, an dóchas agus an ghrá. Tá an trí rud seo fite fuaite agus ag freastal ar a chéile. Mar a dúirt Pápa Phroinsias: ‘Nuair a mhúchtar solas an chreidimh, go minic múchtar solas an dóchais ina theannta.

Tá aithne againn uilig ar daoine a bhfuil an iomarca airgead agus maoin an tsaoil acu ach nach bhfuil sásta.

Tá roinnt rudaí saolta ag teastáil do chuile dhuine ach nuair a bhíonn an iomarca againn, de ghnáth cad a thárlaíonn ná go n’éirimid crua-chroíoch agus santach agus ní bhíonn mórán aird ná meas againn ar daoine bochta.

 

Guí an Phobail

Tháinig Íosa ar thalamh mar sholas ón athair agus chun grá Dé a léiríú dúinn. Anois tógaimis ár idirguíanna don té a thug deis an ghrá dúinn sa chéad áit.

1.  A Dhia, a athair uilechumhachtaigh, tabhair neart agus misneach dár bpápa Phroinsias, do na h’easpaig agus do gach aoine atá ag freastal ar an phobal atá roghnaithe agat.

2.  Do misinéirí agus dóibh siúd atá ag scaipeadh an soiscéil thar lear. Tabhair aire, misneach, agus dóchas dóibh. Cuimhnimíd go háirithe orthu siúd atá ag obair in áiteacha a bhfuil an fhoréigin agus an dúnmharú in ard réim iontu.

3.  Do dhaoine atá ag lorg brí agus treor ar slí na beatha. Go mbé solas Chríost rompu i gcónaí.

4.  Do dhaoine atá imithe ar strae, go h’áiríd daoine óga atá fé smacht an óil no drugaí agus atá gan solas ar bith acu chun iad a threorú.

5.  Do Thaoisigh, ceannairí agus dóibh siúd atá tofa chun seirbhís poiblí. Go mbeidh an fhírínne, an t-iomlán agus an t-ionracas mar threoirthéad acu i gconaí.

6.  Dóibh siúd atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. Go raibh said leat de shíor i bhflaitheas na naomh.

A Dhia, a athair uilechumhachtaigh, cabhraigh linn i gconaí cloí le d’aitheanta. Trí chumhacht an Spiorad Naoimh, go mbé an deis againn an mhaith a dhéanamh, an t’olc a sheachaint agus bheith dílis do do thoil. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna, Amen.

 

An Paidir

Nochtadh Íosa dúinn mar shlánaitheor do na ciníocha. Mar sin is féidir le chuile dhuine glaoí ar mar athair.

 

Focail Scoir

Go dtuga Dia bia nuair a bhéas ocras orainn,

deoch nuair a bhéas tart orainn,

airgead nuair a bhéas sé de dhíth orainn,

agus Flaithiúnas in eis ár mbáis.

* * *