Leathanach don Cheiliuraí – April 2018

We welcome you to use the following resources in any parish newsletter available free of charge. Please give credit to the author or Intercom. This month’s Irish Notes are provided by Fr Padráig Ó Cochláin, Arklow, Co Wicklow.

Click here to download or print a PDF of these resources.

You can find more features and resources from our April issue here.

 

1ú Aibreán
Domhnach Cásca

Réamhrá/Intro

Tá Íosa ár dTiarna aiséirithe ó na mairbh! Bíodh áthas agus gliondar croí orainn. Ceiliúraimís ar neamh agus ar talamh! Tá deireadh leis an mbás, leis an olc, leis an bpeaca! Alleluia!

 

Smaoineamh – Aifreann na Maidine (Eoin 20:1-9)

Is sinne Pobal Dé, clann Dé, deartháracha agus deirfiúracha. Táimid tar éis an Carghas a chaitheamh ag urnaí, ag staonadh, ag déanamh déirce. Táimid tar-éis Turas na Croise a thaisteal in éineacht le hÍosa. Táimíd tar éis an Suipéar Deireannach a chaitheamh agus É inár measc, ach inniú le háthas gan teorainn ceiliúraimid ceartlár ár gcreideamh, ár ndóchas, agus ár ngrá. Tá sé fíor! Tá sé fíor! Tá Íosa ár dTiarna aiséirithe ó mhairbh, agus ár sean namhaid, an bás, a scrios. Moladh, buíochas, adhradh, agus glóir do Dhia, an tAthair, an Mac, agus an Spiorad Naomh.

Is é seo an céad lá den tseachtain. Is é seo an lá a cheiliúraimid an céad lá dár slánú agus mairfidh sé go brách. Tá aistriú tagtha ar ár saol nach féidir a chasadh ar chúl. Tá an tuama folamh agus Íosa imithe romhainn go Iarúsailéim. Tá na línéadaí caite ar leathtaobh agus an bás scriosta. Téimis isteach sa tuama le Peadar agus le hEoin Bruinneal, agus creidmis. Alleluia!

Is sinne clann Mac Dé, an Slí, an Fhírinne, agus an Bheatha. Ná géillimis don bhás a choíche. Mairimis as seo amach ins an Bheatha úrnua! Alleluia!

 

Guí an Phobail

A Dhia, Athair na Glóire, tabhair cluas dár bpaidreacha, ar an lá seo lán ded’ ghrásta¸agus dáil orainn inniu, do mhaitheasaí gan teorainn.

1.  Líon croí ár bPápa Proinsias le háthas agus é ag cur do bheannacht ar cheithre harda an domhain. A Thiarna, éist linn.

2.  Dáil do ghrá ar Chríostaithe i ngach aon áit go scaipfidh siad an fíorchreideamh go forleathan ar an domhain uile. A Thiarna, éist linn.

3.  D’aiséirigh do Mhac Íosa ag léiriú gur treise ba mhó a bhás agus a bheatha síoraí ná an daonnacht. Go dtuga an tír seo aitheantas ceart duit agus do theactaireacht do Mhic inár dlithe agus inár saol. A Thiarna, éist linn.

4.  Go mairimis mar chlann ionúin lena chéile, le creideamh, dóchas, agus grá dár gcomharsan idir óg agus aosta. A Thiarna, éist linn.

5.  Tabhair suaimhneas sioraí dóibh siúd atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. Fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire. A Thiarna, éist linn.

Thánaigh na mná le freastal ar Íósa tar éis a bháis. Trí idirghuí na Maighdine Muire iarraimid ort, a Dhia, ár n-intinní a shásamh, trí Chríost, do Mhac, Íosa Criost. Áiméan.

 

Ár nAthair Intro

Dírimis ár n-intinn ar Dhia, ár nAthair, agus muid ag súil le haiséirí glórmhar.

 

Focal Scoir

‘D’éirigh Críost ó mhairbh Trína bhás rug bua ar an bhás Do na mairbh thug beatha arís’.

Liotúirge Bíosántach, Tropaire na Casca

* * *

 

8ú Aibreán – An Dara Domhnach den Cháisc

Réamhrá

Tá rian na dtarnaí inár bpeacaí ach tá síocháin ar fáil ó Spiorad Dé. Ná bi dichreidmheach ach creidmheach! … Mo Thiarna agus mo Dhia!

 

Smaoineamh

Tá dóirse ár gcroí dúnta le heagla, lenár bpeacaí, le dichreideamh, le rian na dtarnaí, le h-uamhan Aoine an Chéasta . Ach tá leigheas ar an eagla, ar an olc, ar an bpeaca. Seasann Íosa, Mac Dé, Mac an Athar, inár measc agus deireann sé go lách linn ‘Síocháin daoibh!’ Maitheann Sé ár bpeacaí dúinn le grá síoraí. Leigheasann Sé muid le trócaire, le saoirse ón bpeaca. Briseann sé an glas den doras dúnta, den chroí crua. Scaoileann Sé saor sinn ón mbás agus ón ainnise. Oscail doras do chroí agus lig isteach Íosa, Rí an Domhnaigh, Rí na Cruinne. Is méanar dúinn a Chríostaithe a chreideann gurb É Íosa an Críost. Ocht lá atá imithe ó aiséirí Íosa ó na mairbh. Tabhair i Leith do mhéar agus féach a dhearnana, sín amach do lámh agus cuir ina chliathán í, abair le do chroí iomlán ‘Mo Thiarna! Mo Dhia!’ Creid!

 

Guí an Phobail

A Dhia na glóire Tabhair misneach dúinn lenár n-urnaithe agus muid ag brath ar do thrócaire.

1.  Tabhair do shíocháin don domhain uile, don eaglais, agus dúinn go léir. A Thiarna, éist linn.

2.  Dár bPápa Proinsias agus dár neaspaig go nglacfaidh said go bríomhar le teachtaireacht do ghrá. A Thiarna, éist linn.

3.  Dóibh siúd atá ag fulaingt faoi bhrú na héagóra agus an pheaca, go dtuga siad aird ar mhaithiúnas an Spioraid Naoimh. A Thiarna, éist linn.

4.  Go n-athneoidh gach duine ar neamh agus ar talamh gur tusa ár dTairna agus ár nDia. A Thiarna, éist linn.

5.  Go dtuga pobal an domhain ómós do bhronntanas na beatha. Líon gach croí le beatha núa an aiséirí. A Thiarna, éist linn.

6.  Tabhair suaimhneas síoraí dár muintir ata imithe ar shlí na fírinne. A Thiarna, éist linn.

Éist go lách le urnaithe d’eaglaise, a Thiarna agus bronn orainn do ghrástaí, trí Íosa Criost, do Mhac, ár dTiarna Aiméan.

 

Ár nAthair

Glacaimís leis an Spiorad Naomh agus guimís chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánitheoir dúinn.

 

Focal Scoir

A Thiarna Dia, beir uaim gach rud a choinníonn uaitse mé A Thiarna Dia, tabhair dom gach rud a threoraíonn chugatsa mé A Thiarna Dia, scar liom féin mé, ionas go mba leatsa mé go hiomlán.

* * *

 

15ú Aibreán
An Tríú Domhnach den Cháisc

Réamhrá

Thaispeáin Íosa É féin do na deisceabail tar-éis dó aiséirí ó na mairbh. D’oscail sé a n-aigne go dtuigfidís na scrioptúir. Osclaímis anois ár n-aigne agus ár gcroí le fáilte a chur roimh Íosa san Aifreann.

 

Smaoineamh

D’aiséirigh Íosa ó na mairbh trí lá tar-éis dó bás a fháil ar an gcros. Déanann an Eaglais séasúr iomlán na Cásca a cheiliúradh mar aon lá amháin. Séasúr sé seachtaine ag ceiliúradh na rúndiamhara a thárla Domhnach na Cásca. Bhí scéin agus uamhan ar a chairde. Shíl siad gur taibhse a bhí ann. Chonaic said a lámha, agus a chosa agus rian na dtarnaí ach fós bhuail scanradh iad. Bhí sé dian orthu samhlú gurbh é Íosa a bhí ina measc agus é aiséirithe ó mhairbh. Le scanradh a bhaint díofa ghlac sé blúire d’iasc agus d’ith ina láthair é. Nuair a thuig said gurbh é a bhí ann dáiríre d’oscail sé a 
n-aigne go dtuigfeadh siad na scripotúir agus a raibh scríobhtha ina leith. Rinne sé finnéithe don aiséirí díofa, ag fógairt aithrí agus maithiúnas peacaí ina ainm do na náisiúin uile.

     Bronnann Íosa agus an Eaglais saol na Cásca orainn a lá a baistítear sinn. Is finnéithe muidine don Soiscéal, don aithrí agus do mhaithiúnas peacaí. Ag an Aifreann aithníonn muid Íosa i mbriseadh an aráin. Osclaímis ár súile, scaoilimis dinn an scanradh, tuigimis go bhfuil Íosa Críost féin inár measc, ina chorp agus a chuid fola, i mbriathra beannaithe na scripotúr, agus ina phobal, an Eaglais.

 

Guí an Phobail

Thug Dia Abrahám, agus Dia Ísác, agus Dia Iacób, agus Dia ár n-aithreacha, glór dá Mhac Íosa. Iarraimid anois ar Dhia a ghlór a nochtadh trí éisteacht le achnaithe a phobail.

1.  Ar son ár bPápa Proinsias, ár neaspaig, agus gach duine a thugann cabhair dúinn, go n-osclaí siad ár n-aigne chun an Tiarna, trína ndea-oibreacha, a ndea-sampla, agus a ndea-comhairle. A Thiarna, éist linn.

2.  Go dtuga Dia misneach dúinn go léir, gan scanradh a bheith orainn, agus É inár measc. A Thiarna, éist linn.

3.  Dóibh siúd atá ag fulaingt faoi láthair, na h-easláin, imircigh, daoine gan dídean, na bochtáin, peacaigh, go bhfaighe siad cabhair agus sólás dinn agus muid ag tabhairt fianaise don aiséirí. A Thiarna, éist linn.

4.  Go dtuga deisceabail Íosa aird ar a bhriathra agus go leana siad a dea-chomhairle le glór a thabhairt dó. A Thiarna, éist linn.

5.  Dár dtír dhúchais, go gcoinní sí dílis don chreideamh, d’Íosa Críost, don Mhaighdean Bheannaithe, Muire, agus do bhronntannas na beatha. A Thiarna, éist linn.

A Dhia na glóire cuirimid ár ndóchas ionat go mbronnfaidh tú ár n-achaníthe orainn trí Íosa Criost, do Mhac, ár dTiarna. Áiméan.

 

Ár nAthair

Tabhair dúinn a Athair ár n-arán laethúil agus maith dúinn ár bpeacaí agus muid ag guí faoi mar a mhúin do mhac Íosa dúinn a dhéanamh.

 

Focal Scoir

An t-arán ar den talamh é, nuair a ghairtear Dia anuas air, ní gnáth arán níos mó atá ann ach an Eocairist. Tá an dá ghné uirthi sin, gné thalamhaí agus gné neamhai, agus mar an gcéanna, ár gcoirp atá páirteach san Eocairist, ní somhillte dóibh níos mó, mar go bhfuii dóchas an aiséirí acu.

Naomh Irenaeus

* * *

 

22ú Aibreán
Ceathrú Domhnach den Cháisc

Réamhrá

Thóg Dia a Mhac, Íosa Críost, ó mhairbh agus rinne dínn clann Dé. Táimid anseo inniu faoi chúram an Aoire Mhaith ag brath ar a ghrá dúinn.

 

Smaoineamh

Nach breá an tráth seo den bhlian! An tEarrach, na laetha ag dul i méid, an dorchadas ag cúlú, an cré agus an tír ag teú suas, an féar úr ag fás, na caoiraigh ag léimt sna goirt, agus Íosa, an tAoire Maith aiséirithe ó mhairbh.

Thug Íosa a bheatha ar an gcros, ar ár son, mar gur fíor aoire é. Sheas sé ar son na fírinne agus an ghrá in éadan an oilc bhréagaigh. Níor theith sé, mar go bhfuil fíorgrá aige dúinn. Aithníonn sé gach caora sa tréad, mar sin aithníonn muid an fíor aoire.

Inniú an Domhnach a dhéanann an Eaglais machnamh ar an ghairm a thugann Dia do gach duine. Is cuma an duine a bheith pósta nó gan pósadh, óg nó sean, saibhir nó daibhir, tuismitheoir nó duine aonarach, sagart nó bean rialta, tá gairm tugtha ag Dia do gach uile dhuine nach féidir le h-aon duine eile í a chomhlíonadh.

Is fearr i gcónaí obair ná caint. Cén cineál freagra a thugaim do chuireadh Íosa? An bhfuil mé fial flaithúil le mo chuid ama, le mo chairdeas, le mo chroí. Tá Íosa lán de ghrá domsa. An bhfuil mise leath chomh flaithiúil le mo fhreagra? Cén bealach a bhfuil an tAoire Maith ag iarraidh orm taisteal?

 

Guí an Phobail

A Dhia, ár nAthair, léirigh tú do ghrá dúinn nuair a sheol tú chugainn do Mhac Íosa Críost, an tAoire Maith. Éist anois lenár bpaidreacha a sheolann muidine chugat ar an Domhnach speisialta seo.

1.  Is é an Pápa Proinsias bhiocáire Íosa Críost ar talamh. Cuidigh leis tréad na hEaglaise a threorú san fhírinne ar a h-oilithreacht ar neamh. A Thiarna, éist linn.

2.  Aithníonn an tAoire Maith a thréad. Tabhair grásta agus flaithiúlacht do gach duine a ghairm a aithint agus freagra fial a thabhairt duit lena shaol. A Thiarna, éist linn.

3.  Guimis ar son na caoiraigh atá imithe amú go bhfille siad go luath chun sábháilteacht an Aoire Mhaith. Caomhnaigh ionainn omós do bhronntanas na beatha. A Thiarna, éist linn.

4.  Ar son Críostaithe uile an domhain go dtiocfaidh siad le chéile mar aon tréad amháin faoi chúram Mac Dé. A Thiarna, éist linn.

5.  Amhail Muire, Máthair do Mhic, cuidigh linn, freagra dearfach a thabhairt do Dhia i ngach gné dár saol. A Thiarna, éist linn.

A Athair grámhar is sinne do thréad. Coiméad sábhailte an Eaglais a bhunaigh tú trí Íosa Críost do Mhac, ár dTiarna, Íosa Críost. Áiméan.

 

Ár nAthair

Le heagna an Spioraid Naoimh agus le sampla Íosa aithníonn muid tú mar Athair grámhar agus muid ag guí.

 

Focal Scoir

A Dhia is tú mo chara. Nuair a bhím uaigneach bíonn tú ann.Nuair a bhím fuar téann tú mé, nuair a bhím caillte treoraíonn tú mé, nuair a bhíonn sé dorcha, tugann tú solas dom.

Paidreacha na Gaeilge Eagraithe 
ag Donla Uí Bhraonáin

* * *

 

29ú Aibreán
An Cúigiú Domhnach den Cháisc

Réamhrá

Mise an fhinúin fhíor, sibhse na géaga. An té a fhanann, ionamsa agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh. Tá Íosa, an fhínúin fíor anseo inár measc, agus muid ag brath go hiomlán ar a ghrá.

 

Smaoineamh

Is iontach an planda an fhiniúin. Caithfear an-chuid ama a chaitheamh á bhearradh agus á choinneáil i gceart. Ach má thugtar cúram ceart dó tugann sé toradh fiúntach don té a amharcann ina dhiaidh. Má chaitheann tú seal ama ag breathnú ar an duine a thugann cúram don fhiliúin cuireann sé iontas ort cé chomh foighdeach agus chomh díograiseach is atá sé. Caithfear gach rud a dhéanamh le cúram is le grá fiú. I ndeireadh an lae fásann crann agus géaga a leathann amach go fairsing ach iad bearrtha go cruinn amhail obair ealáionta. Is iontach an rúndiamhair í an dóigh a oibríonn an saothraí agus an nádúr le chéile chun finiúna a chruthú mar thoradh.

Is iontach an duine É Íosa Críost, an fhiniúin fhíor agus a Athair an saothraí. Is iontach an rúndiamhair í gur féidir leis cónaí ionainn agus torthaí foirfe a chur i gcrích inár saol féin. Is é Íosa an fhiniúin agus is muidine na géaga.Ní thiocfaidh toradh foirfe uainn gan Íosa a chónaí ionainn. Tugaimis glóir do Dhia trí thoradh mór a dhéanamh dár saol.

 

Guí an Phobail

A Dhia, ár nAthair, is tú an saothraí agus Íosa an fhiniúin. Cuidigh linn inár saol dea thoradh a fhógairt agus tabhair aird go ceansa ar ár bpaidreacha.

1.  Dáil anuas an Spiorad Naomh ar an Eaglais agus go háirithe ar ár bPapa, Proinsias, agus ar na h-easpaig, go gcenglaí siad sinn leis an bhfíocreideamh. A Thiarna, éist linn.

2.  Go líonfar gach teaghlach le grá Dé agus le h-omós do Íosa Críost. A Thiarna, éist linn.

3.  Go dté do ghrá go smior ionainn go dtabharfaidh muid cúram do gach créatúr a chruthaíonn tú ón duine is lú go dtí an duine is mó, ón leanbh go dtí an duine atá in aois. A Thiarna, éist linn.

4.  Tabhair grá agus grásta dóibh siúd nach bhfanann in Íosa Críost go bhfeice siad go soiléir an rúndiamhair a léiríonn tú os comhair a súile agus go dtiontaí siad a naigheanna i do threo. A Thiarna, éist linn.

5.  Rug Muire, Máthair Íosa, an toradh is mó riamh, a Mac. Go bhfana gach máthair dílis dá bpáistí agus go bhfeice siad glóir Dé ag lonrú as a súile. A Thiarna, éist linn.

Tugadh glóir don Athair sa mhéid go dtugann muid tortha mór uainn agus go mbeidh muid inár ndeiceabail ag Íosa Críost, ár dTiarna. Áiméan.

 

Intro Ár nAthair

Dúirt Íosa ‘Mise an Fhínúin fhior agus is é m’Athair an saothraí’. Guimís anois chuig an Saothraí, ár nAthair, go ndéantar a thoil ar an dtalamh.

 

Focal Scoir

A Thiarna mhilis céad mile fáilte, a Mhic Mhuire, gráim thú.Cé hé mise ar chóir dom teacht chugat? A Rí Neimhe, déan cúinne beag dom.

* * *