Leathanach don Cheiliuraí: February

Réamonn Ó Muirí
Armagh

Click here to download our February Leathanach don Cheiliuraí.

 

An Cúigiú Domhnach – 5 Feabhra 2017

Réamhfhocal
Salann an Talaimh agus Solas an Domhain, sin cúpla teideal a thugann Íosa ar a dheisceabail. Is cóir dúinn mar sin leanúint le dea-oibreacha i bhfianaise Dé agus i bhfianaise daoine eile. San Aifreann seo iarraimid ar Íosa an grásta a thabhairt dúinn go mbeimid mar sholas geal ag loinnriú i ndorchacht an tsaoil seo.

Smaoineamh
Sa cheád léacht inniu tá na deoraithe i ndiadh pilleadh chun a’ bhaile. Déanann siad casaoid ar Dhia nach dtugann sé aire dá dtroscadh. Míníonn an fáidh dóibh nach bhfuil ansin ach leath den deaobair, go bhfuil dualgas ortha aire a thabhairt dá gcomharsa. Tá an téama céanna ag Íosa. Caithfidh baint a bheith ag na deisceabail le daoine. Glaonn sé Solas an Domhain ortha agus is cóir don solas sin daoine eile a threorú chun Dé. Is cóir dár bhfianaise mar dheisceabail iontas a chur ar dhaoine! Nuair a leanann muid lorg Chríost soilsíonn an loinnir sin an bealach don té a bhí sa dorchacht. Tagann Críostaí eile mar sin isteach sa tsaol.
Cad iad na dea-oibreacha a chuirfimid romhainn a dhéanamh i rith na seachtaine seo? Bia a thabhairt don té a bhfuil ocras air? Dídean a thabhairt don té nach bhfuil baile aige? Éadach a thabhairt don té nach bhfuil snáithe air? Is mar sin a mholann muid Dia.

Guí an Phobail
Agus sinn cruinnithe thart ar Thábla an Tiarna, guímid go humhal ar Dhia éisteacht lenár riachtanais agus leis na mianta atá faoi cheilt inár gcroíthe.

1. Guímid ar son ár bPápa Proinsias, ar son easpaig, sagairt, agus mná rialta a fuair glaoch briathar Dé a theagasc, neartaigh iad le ionspioraid an Spioraid Naoimh. A Thiarna éist linn.
2. Cuidigh linn a Thiarna, déan salann an talaimh dínn, déan solas an tsaoil dínn. A Thiarna éist linn.
3. Is iomdha duine atá gan bhaile sa tsaol seo; go gcluine Críostaithe a scréach agus dul i gcabhair orthu. A Thiarna éist linn.
4. Ar son na daoine breoite in ár bpobal – tusa a d’ulaing páis, a Íosa, tabhair sólás dóibh inniu.
5. Go bhfaighe anamacha na bhfíréan suaimhneas síoraí, go soilse solas Dé orthu.

A Athair, líon ár gcroíthe le trócaire, go rabhaimid i gcónaí réidh freastal ar a chéile trí Chiost ár dTiarna. Áiméan.

An Phaidir
Is Solas an Domhain é Íosa, a sholas ag loinnriú orainn, tá sé de mhisneach againn mr sin a rá: Ár nAthair

Focal scoir
Má bhír íbeartach trócaíreach Agus fial mór-chroíoch le daoine Saorfaidh Tiarna na gréine thú Ó do dhaoradh chun píonúis.

as Riail Chiaráin

*****

An Séú Domhnach – 12 Feabhra 2017

Réamhfhocal
An Sean-Dlí agus dearcadh Íosa air téama
an tSoiscéil inniu. Seo cuid de Sheanmóir
Íosa ar an Sliabh. Déanann sé
mionathraithe ar an Dlí. Caithfimid
bheith dílis don Dlí ach a dhul níos
doimhne inár mbeatha spioradálta nó tá
Íosa os cionn an Dlí.

Smaoineamh
Ceithre mionaithrithe a dhéanann Íosa ar an Dlí sa chuid seo den tSeanmóir. 1. ‘Ná déan marú’ ach deir Íosa go mbaineann an aithne fosta leis an mhothú agus leis na rachta atá taobh thiar de mharú.
Caithfimid athmhuintearas a dhéanamh nó is iad ár mbráithre agus ár siúracha atá i gceist agus tá maithiúnas fíor-thábhachtach. 2. Tá rabhadh sa Dlí faoi adhaltranas ach deir Íosa go bhfuil an croí i gceist agus beirtear drochsmaointe agus ciocras sa chroí. 3. Baineann an tríú aithne le colscaradh – chuir Íosa cosc ar cholscaradh gan choinníoll. 4. ‘Ná tabhair mionna bréige’ – ach deir Íosa linn gan mionna ar
bith a thabhairt.
Cén prionsabal atá taobh thiar de theagasc Íosa? Dlí an Ghrá!

Guí an Phobail
Tháinig muid le chéile inniu agus tuigse againn go raibh a oiread sin ghrá ag Íosa dúinn gur ghlan Sé ár gcroíthe le doirteadh a chuid fola.
1. Déanfaimid staidéar ar Bhriathar Dé. Iarraimid ar Spiorad Dé mar sin soilsiú tuisceana a thabhairt dúinn. A Thiarna, éist linn.
2. Iarraimid ar Dhia grásta a thabhairt dúinn na haitheanta a chomhlionadh. A Thiarna éist linn.
3. Ar son daoine óga – is iomdha rogha atá rompu. A Dhia cuir ar an bhealach ceart iad-san a bhfuil aithne againn ortha.
4. Ar son na daoine breoite inár bparóistí agus ar son iadsan ar fud an domhain atá ag fulaingt i rith cogaí. Tabhair sólás dóibh, a Thiarna. A Thiarna éist linn
5. Ar son na daoine a gheobhaidh bás inniu agus ár muintir uilig atá marbh go bhfaighe a n-anamacha agus anamacha na bhfíreán uile suaimhneas síoraí. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, ár dTuismitheoir ar neamh, cuirimid ár muinín ionat. Éist len ár bpaidreacha trí Chríost ár Tiarna.
Áiméan.

An Phaidir
Is páistí an Athar sinn. Is é Íosa ár mBráthair agus ár gCara. Ta se de mhisneach againn mar sin a rá …

Focal Scoir
A Mhuire, a mháthair a’ Rí,
Déan mo shíocháin le do Mhac;
A ghnúis is gile ná an ghrian,
Ná fulaing m’anam i bpian.

*****

An Seachtú Domhnach – 19 Feabhra 2017

Réamhfhocal
Is naofa naofa Dia agus is cóir dúinn bheith naofa fosta. Déanaimís aithris ar Chríost – grá againn don Athair agus grá againn dár gcomharsa. Is fial Dia ár nAthair ina mhaithiúnas, truachroíoch le gach duine, lena phobal nua. Agus sin teagasc Íosa.

Smaoineamh
Arís téann Íosa thar an Dlí – ‘Chuala sibh go ndubhradh : ‘ Súil ar son súile, fiacal ar son fiacaile. Ach deirimse libh, gan cur in aghaidh an oilc …’ I dtaca le maithiúnas de agus is deisceabail Íosa sinn nil aon chúngú ar an ghrá fiú don té a dhéanann géarleanúint ar an dheisceabal. Tá dualgas orainn fiú bheith ag guí ar son daoine a bhfuil fuath acu dúinn. Is é an grá bealach Íosa fiú amháin leo-san a chuir chun báis é ar an Chrois. D’iarr se ar an Athair maithiúnas a thabhairt dóibh – ‘A Athair, maith dóbh, óir níl a fhios acu cad é tá dá dhéanamh acu’. B’ionann sin is a rá dá mbeadh ní dhéanfadh siad é. Cén rogha a dhéanfaimid féin? Fuath nó grá dár naimhde? Comhartha ar leith an Chríosaí an maithiúnas agus an grá!

Guí an Phobail
Guímid anois chun chun an Athar grásta a thabhairt dúinn go dtabhairimid deashampla agus lorg Íosa a leanúint. Deir Íosa linn grá bheith againn fiú dár naimhde.
1. Cuireann an Pápa Proinsias béim ar thrócaire agus ar thrua, ár gcroíthe a líonadh le spiorad Chríost. A Thiarna, éist linn.
2. Ar son na síochána sna háiteanna ina bhhfuil cogadh ar siúl, san Iráic agus san tSír. A Thiarna éist linn.
3. Go bhfaighe na heasláin suaimhneas agus tabhair tuigse dóibh go bhfuil páirt acu i bhfulaingt Chríost.
AThiarna éist linn.
4. Ar son críonnacht cheart a thig ó Dhia. A Thiarna éist linn.
5. Guímís ar son na marbh. Tabhair suaimhneas agus sonas dóibh sna Flaithis. A Thiarna éist linn.

A Dhia ár nAthair cuir ar bhealach ár leasa sinn. Glan searbhas as ár gcroíthe, beannaigh sinn ionas go mbeidh grá in ár gcroíthe don uile dhuine. Iarraimid sin trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.

An Phaidir
Is iníonacha agus mic dár nAthair ar neamh sinn. Ár nAthair …

Focal Scoir
Míle buíochas leat, a Dhia, A thug an bheatha seo dár gcolainn, Is achainímid ort, ós tú atá fial, An Bheatha Shíoraí a thabhairt d’ár n-anam.

*****

An tOchtú Domhnach – 26 Feabhra 2017

Réamhfhocal
Is cosúil le máthair Dia, ó nádúr bíonn grá ag máthair dá leanbh, agus is amhlaidh le
Dia – an grá atá aige dúinn, a pháistí, bíonn sé gan teorainn. Ní dhéanann Dia dearmad dínn. Bíonn fadhbanna againn, go minic achan lá, ach is cóir dúinn ár namharc a dhíriú ar an Ríocht atá le teacht. Cuirimís an saol atá romhainn i lámha Dé.

Smaoineamh
Éistimís le briathra Íosa, ‘Deirim libh, ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Nach mó an t-anam ná an bia, agus an corp ná an t-éadach?’ Imní atá i gceist ag Íosa.
Tuigeann sé go maith an imní a théann le bochtanas. Ach tá sé ag smaointiú anseo ar an dheisceabal. Ní bheidh an saol seo gan imní. Bhí imní mhór air féin roimh a pháis agus roimh a bhás. ‘Sé atá i gceist ag Íosa nach ghní Dia ár nAthair (ár máthair!) dearmad orainn. Sea, tá ár n-amharc, ar gcroí, dírithe ar an Ríocht. Is le dóchas mar sin a thig linn a rá sa Phaidr Eocairisteach: ‘… ionas go mbeimid, le cúnamh do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil leis an dóchas naofa agus le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.

Guí an Phobail
Guímid chun Dé, ár neart agus ár ndóchas. Creidimid go diongbháilte go dtabhairfidh sé an grásta dúinn imní an tsaoil seo a chur ar leathtaobh i bhfabhar an tsaoil atá le teacht.
1. Is maoir Chríost sinn. Caithfimid bheith dílis don Mháistir agus a shoiscéal a chraobhscaoileadh. A Athair tabhair an inspioráid dúinn sin a dhéanamh. A Thiarna éist linn.
2. Guímis nach mbeimid ró-imníoch fá rudaí nach bhfuil tábhachtach. A Thiarna éist linn.
3. Ar son daoine breoite. Go gcuire siad aithne ar Dhia tríd an ghrá agus tríd an chomhbhrón a thaispeánaimid dóibh. A Thiarna éist linn.
4. Is toil Chríost go dtabhairimid síoraire do na bochta. A Thiarna cuidigh linn sin a dhéanamh. A Thiarna éist linn.
5. Ar son na marbh. Go mbeidh siad páirteach i mbua Chríost thar an bhás.
A Thiarna éist linn.

An Phaidir
Tá fhios againn go bfuilimid ag brath ar Dhia, ar a ghrá agus ar a aire. Guímid sna focail a theagasc Íosa dúinn.

Focal Scoir
A Dhia, a charthanacht gan teora, a thrócaire gan miosúr,
is é do ghrá do bheir duit teacht go dtí mé,
is é mo dhóchas do bheir damh tú ghlacadh.
Bheirim mo chorp duit mar theampall,
mo chroí duit mar altóir
agus m’anam duit mar phyxis.

 

Click here for more resources from our February issue.