Leathanach don Cheiliuraí – November 2017

You are welcome to use these resources in any parish newsletter distributed free of charge. Click here for more resources from our November issue.

Click here for a pdf of our Irish Mass Resources. 

Sollúntas na Naomh Uile – 1 Samhain, 2017

Réamhrá

Fáilte romhaibh go léir inniu chuig an Aifreann agus Féile na Naomh Uile á cheiliúradh againn. Smaoinímid inniu ar na sluaite atá ar neamh. Cuireann an Fhéile seo lúcháir orainn agus tugann sí misneach dúinn, mar is gnáth-dhaoine cosúil linn féin iad na naoimh agus tá said ag guí orainn.

Smaoineamh

Nuair a bhí Íosa ar an saol bhíodh fir léinn na nGiúdach ag díospóireacht cérbh iad na riallacha ba thábhachtaí sa Dlí. Bhí sé oibrithe amach acu go raibh 613 riallacha ann. Nuair a chuireadh an cheist ar Íosa faoi sin, dúirt sé go raibh an Dlí go léir ag braith ar dhá cheann. Ba iad san Dia a ghráú le do chroí go h-iomlán, le do anam go h-iomlán, le do aigne go 
h-iomlán agus le do neart go h-iomlán agus an chomharsa a ghráú mar tú féin.

Nuair a theastaigh ó Íosa, teagasc a thabhairt ar chonas ba cheart maireachtáil de réir Ríochta Dé, áfach, níor thug sé riallacha, ach thug sé na Biáide dá dheisceabail. Fógraíonn na Biáide cé h-iad na daoine atá beannaithe agus cén fáth go bhfuil said beannaithe. Tá said níos mó cosúil le seanfhocail ná dlíthe. Tugann said tuiscint dúinn ar an saol agus ar dhearcadh Íosa ar an saol.

Is amhlaidh gur chuir na Biáide ionadh ar lucht éisteachta Íosa nuair a chuala said iad don chéad uair. Is daoine a bhfuil easpa éigin á fhullaingt acu, gur méanar dóibh, dar le Íosa. Tá said bocht; tá ocras agus tart orthu; tá said dobrónach, tá géarleanúint agus mícheart á bhfullaingt acu. Níl said cumhachtach, ach séimh; níl said bródúil, ach umhal. Is soiléir go bhfuil dearcadh Íosa difriúil ón bhfealsúnacht atá le fáil sa saol mór.

Is í an Bhiáid is tábhachtaí ná an chéad cheann: ‘Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo Ríocht na bhFlaitheas.’ Is i laigeacht agus i mbochtannas an duine gur féidir cumhacht Dé a léiriú. Nuair a bhíonn easpa éigin i gcroí an duine, bíonn spás ann ar féidir a líonadh le grásta Dé.

Na naoimh atá á gcomóradh againn inniu, is iad san na daoine a deir Íosa gur méanar dóibh. Gnáth-dhaoine a bhí ionta, ach mhair said de réir na Biáide. Bhí said bocht ó spioraid; bhí said ceansa; bhí said tróchaireach. Is dócha nár cheap said féin go raibh said ina naoimh in aon chor. Bhí aithne againn ar roinnt mhaith díobh. Ba iad ár ngaolta agus ár gcomharsanna iad. Tá súil againn go mbeimid féin ina measc nuair is toil leis an Tiarna sinn a ghlaoch chuige féin as an saol seo.

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

  1. Guímid ar an bPápa agus ar cheannairí na Críostaíochta ar fad, go mbeadh said in ann Pobal Dé a spreagadh chun Críost a leanúint mar a dhein na naoimh. A Thiarna éist linn.
  2. Guímid ar cheannairí na náisiún, go mbeadh luachanna Chríost ina gcroíthe chun an tsíocháin agus an cheart a chur chun cinn sa domhain. A Thiarna éist linn.
  3. Guímid go mbeadh tacaíocht na naomh ag cabhrú orthu siúd atá tinn nó ag fullaingt i slí ar bith. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid orainn féin, go mbeadh teagasc Chríost sna Biáide á chur i bhfeidhm againn inár saol gach lá. A Thiarna éist linn.
  5. Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne, go bhfaightear iad i measc na naomh. A Thiarna éist linn.
  6. A Dhia , ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Aontaímid iad le idirghuí na naomh go léir. Trí Chríost ár dTiarna.

 

Focal Scoir

Beannacht leat, a Theach Dé,

agus beannacht Dé inár dtimpeall.

Nár scara uainne grásta Dé

go bhfillfimid ar a theampaill.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

An 31ú Domhnach Saor – 5 Samhain, 2017 

Réamhrá

Fáilte romhaibh chuig an Aifreann. Cuireann Íosa i gcuimhne dúinn sa soiscéal inniu gur bráithre agus deirfiúracha sinn go léir agus gur cheart dúinn freastail ar a chéile.

Smaoineamh

Tá alán de na háiteanna ina chónaímid in Éirinn in aice leis an bhfarraige. Uaireanta téim ag siúl cois farraige agus chím na h-iascairí ag obair ina mbáid nó b’fhéidir ag deisiú a gcuid trealbh. Agus smaoiním ansin gur thogh Íosa daoine cosúil leo san chun a bheith ina bhuíon cheannairí ar an ngluaiseacht a bhunaigh sé. Níor thosnaigh sé leis na sagairt Giúdacha ná na fir léinn. Ní raibh sé ar intinn aige go mbeadh na ceannairí scartha amach ón phobal, ach go mbeadh said mar eiseamláir do na daoine. Nuair a dhéanann na sagairt dearmad ar sin téann said ar strae.

Bhí stádas ag na sagairt agus na scríobhaithe. Níor theastaigh ó Íosa go mbeadh an dearcadh céanna ag na h-aspail. Thogh sé iascairi. Ní raibh stádas acu san. Bhí taithí acu ar bheith foighneach agus bhí said umhal agus ba ghnáth leo có-oibriú lena chéile. Theastaigh Íosa go mbeadh an Eaglais mar chlann agus go mbeadh gach duine ag cabhrú lena chéile.

Fear léinn a bhí i Naomh Pól, ach nuair a bhuail Íosa leis ar bhóthar Dhamascus, casadh a luachanna go léir bun ós cionn. Thuig sé ina dhiaidh sin gurb é an aithint a bhí aige ar Íosa an rud ba thábhachtaí. Chaith sé a shaol ar fad mar sheirbhíseach ag obair ar son an tsoiscéil.

Bhí Naomh Pól ina eiseamlár maith mar cheannaire don phobal Críostaí. Agus ag scríobh chuig na Teasalónaigh dó, deir sé go raibh sé cosúil le banaltra ag muirniú a páistí. Thug sé an Dea-Scéal dóibh agus roinn sé a bheatha féin leo chomh maith. Seirbhís ghrá atá ann nuair a déantar freastal ar phobal Dé. Táimid go léir in ár mbaill de Chorp Chríost agus glaotar orainn freastal ar a chéile.

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

  1. Guímid ar an bPápa, na h-easpaig agus orthu siúd go léir a dheineann freastal ar Phobal Chríost, go neartaí Dia iad ina saothar. A Thiarna éist linn.
  2. Guímid orthu siúd go léir a bhfuil an cúram poiblí acu, go stiúra Dia iad an ceart agus an tsíocháin a chur chun cinn. A Thiarna éist linn.
  3. Guímid go nglaofaidh Íosa daoine chun freastal ar a phobal sa sagartóireacht agus sa bheatha rialta. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá uaigneach agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.
  5. Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia , ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Aontaímid iad le íobairt Chríost san Aifreann seo. Trí Chríost ár dTiarna.

 

Focal Scoir

Go raghaidh Mac Dé an casán fada romhainn,

Go ngeobhaimís buíochas leis i Ríocht na bhFlaitheas.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

An 32ú Domhnach Saor – 12 Samhain, 2017

Réamhrá

Is minic a shamhlaíonn Íosa Ríocht Dé mar bhainis, mar is scéal ghrá atá i scéal an tslánaithe. Teastaíonn ó Íosa fáilte a chur romhainn cun na bainise síoraí. Cuireann sé fáilte romhainn anois chuig an Aifreann.

Smaoineamh

Is amhlaidh go raibh nósanna éagsúla bainise ag na Giúdaigh, nuair a bhí Íosa ar an saol, ná mar atá againne. Is gnáth dúinne go mbeadh an bhrídeog déanach. Bíonn an fear ag feitheamh sa séipéal. Uaireanta coimeádtar gach duine ag feitheamh go ró-fhada agus éiríonn daoine imníoch. Chuala mé faoi ócáid amháin nuair a bhí an lánúin in am agus bhí an sagart déanach.

Ar aon nós ní maith linn a bheith ag feitheamh. Ní maith linn é mar is maith linn a bheith i gceannas ar cad atá ag tárlú. Nuair a bhímid ag feitheamh bímid ag braith ar dhaoine eile, nó ar an nádúr, nó ar Dhia. Nuair a bhímid ag feitheamh le bus nó traen, cuir i gcás, bímid ag braith ar an tiománaí. Bíonn an feirmeoir ag braith ar an bhfearthainn agus ar an ngrian chun go bhfásfadh na síolta a chuir sé agus bíonn air feitheamh leis an bhfómhar. Táimíd go léir ag braith ar Dhia freagra a thabhairt ar ár bpaidreacha. Is maith dúinn a fhoghlaim gur bronntanas an saol agus gach a bhfuil ann. Sin é an rud a mhúintear dúinn agus sinn ag feitheamh.

Tá na parabail go léir ag múineadh rud éigin dúinn mar gheall ar Ríocht Dé. Tiocfaidh Ríocht Dé ag deireadh an tsaoil seo. Is é sin le rá, tiocfaidh sí nuair a chuirfear críoch le stair an domhain seo ar an lá deirneach. Chomh maith le sin tiocfaidh sí do ghach duine in uair a bháis. Ach roimhe sin briseann an Ríocht isteach in ár ngnáth-shaol. Táimid ag feitheamh le sin an t-am ar fad. Caithfimid a bheith in ár ndúiseacht chun ócáid an ghrásta a aithint agus caithfimid a bheith réidh chun có-oibriú leis an ngrásta nuair a thagann sé. Sin is brí le bheith réidh chun dul isteach chun na bainise.

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

  1. Guímid ar ár bPápa agus ar cheannairí na hEaglaise go mbeadh said ábalta toil Dé a aimsiú chun cabhrú linn Íosa a leanúint. A Thiarna éist linn.
  2. Guímid ar dhaoine pósta agus dóibh atá ag ullmhú don phósadh, go mbeadh Dia leo ina saol le chéile. A Thiarna éist linn.
  3. Guímid ar thuismitheoirí: go mbeidh said in ann grá Dé agus creideamh Chríost a léiriú dá bpáistí. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá ag saothrú an bháis agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.
  5. Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.
  6. A Dhia , ár nAthair, tá lán-mhuinín again as an ngrá atá agat dúinn. Mar sin cuirimid na h-achainíocha seo ós do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

Focal Scoir

Go gcuire Dia aingeal na síochána eadrainn.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * * 

An 33ú Domhnach Saor – 19 Samhain, 2017

Réamhrá

Fáilte romhaibh go léir inniu chuig an Aifreann. Nuair a thagaimid le chéile mar phobal Chríost tugaimid buíochas do Dhia toisc gur thug sé buanna nádúrtha agus bronntanais spioradálta dúinn. Ba cheart dúinn chomh maith machnamh a dhéanamh ar chonas a bhaineamar úsáid astu.

Smaoineamh

Táimid ag druidim i dtreo deireadh na bliana sa liotúirge agus ag smaoineamh ar dheireadh an domhain. Cuirtear in iúl dúinn sna parabail a chloisimid sa tréimhse seo go mbeidh orainn cúntas a thabhairt ar ár gcuid saothair sa saol seo. Tá na parabail go léir ag tabhairt tuiscint dúinn ar ghné ar leith de Ríocht na bhFlaitheas. Is é is brí le Ríocht na bhFlaitheas, nó Ríocht Dé, ná an tslí ina bhfuil Dia ag gníomhú chun slánaithe an chine dhaonna a bhaint amach.

De ghnáth sna parabail cuirtear an béim ar an obair atá á dhéanamh ag Dia. Mar shampla, sna parabail ina mbíonn rudaí ag fás: na síolta a scaiptear ar an dtalamh, an t-arbhar agus na feithilí, an síol mustaird: fásann said san as a stuaim féin. I bparabal na dtalann, áfach, cuirtear an béim ar chad atá le déanamh ag an duine. Tugann an máistir méid airgid dá sheirbhísigh agus ligeann sé dóibh obair leis. Is cosúil go bhfuil orthu féin an obair a dhéanamh. Tá a fhios againn nach féidir dúinn aon rud a dhéanamh ach le cabhair ghrásta Dé. Ach tá toil soar an duine ann chomh maith; caithfimid có-oibriú le grásta Dé.

Cad iad na talainn a thugtar dúinn? Tá deiseann éagsúla againn go léir mar dhaoine aonair. Ach is féidir an parabal a léamh ar leibhéal an phobail chomh maith. Mar shampla, ar leibhéal domhanda, tugtar an pláinéad dúinn. Cad atá á dhéanamh againn chun a shaibhreas nádúrtha a chaomhnú? Mar phobal Críostaí, tugtar dúinn an chéad ghlúin eile. Cad atá á dhéanamh againn chun na daoine óga a oiliúnt sa chreideamh?

Cén fáth ar theip ar ar an duine leis an talann amháin? Theip air mar bhí eagla air. Is minic a dúirt Íosa: ‘Ná bíodh eagla oraibh.’ Caithfidh crógacht agus buanseasmhacht a bheith againn chun Íosa a leanúint.

 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

  1. Guímid ar an bPápa, na h-easpaig agus ar mhisinéirí: go dtuga Dia neart agus misneach dóibh a bhriathar a chraomhscaoileadh. A Thiarna éist linn.
  2. Guímid ar son na síochána agus ar son an athmhuintiris, in ár dtír féin agus i dtíortha eile. A Thiarna éist linn.
  3. Guímid ar dhaoine óga: go dtuga Dia a ghrásta dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid ar na h-easláin agus orthu siúd atá brónach nó uaigneach agus ar na daoine a cabhraíonn leo. A Thiarna éist linn.
  5. Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia, ár nAthair, sin iad ár n-achainíocha. Tá a fhios againn go n-éisteann tú linn, mar déanaimid ár bpaidreacha go léir trí Chríost ár dTiarna.

Focal Scoir

Go mbeadh Críost i gcroí gach duine a bhuailfidh linn i rith na seachtaine seo chughainn.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

Sollúntas Chríost Rí na nUile – 26 Samhain, 2017

Réamhrá

Tá fáilte romhaibh go léir go dtí an Aifreann inniu. Tá deireadh na bliana sroichte againn sa liotúirge. Táimíd ag féachaint anall go dtí deireadh an domhain nuair a thiocfaidh Críost athuair. Tiocfaidh Críost mar Fhuascailteoir agus mar Bhreitheamh.

Smaoineamh

I Mí na Bealtaine toghadh Emmanuel Macron ina Uachtarán na Fraince. Chuir sé béim nua ar stádas an uachtaráin mar Cheannaire Stáit. Ceann de na rudaí a dúirt sé ná go raibh easpa mothúcháin ann de bharr marú an rí i rith na réabhlóide. Bhí an rí ann chun an cheart a chur i bhfeidhm, na daoine a chosaint óna naimhde agus cúrsaí stáit a threorú. Bhí sé mar short athair ar an náisiún chomh maith. Bhí gaol idir an rí agus na daoine. Thárla an réabhlóid toisc go raibh an gaol sin briste.

Sa Bhíobla úsáidtear íomhá ar leith don rí a chuireann an gaol sin in iúl. Is é sin an aoire. Tá an rí ina aoire ar Iosrael. Is é Íosa an tAoire Maith. Tá aithne aige ar na caoirigh. Cloiseann said a ghuth agus leannann said é. Tugann an tAoire Maith an bheatha shíoraí dá lucht leanúna.

Beidh an bheatha shíoraí againn i Ríocht Dé, Ríocht na bhFlaitheas, ach iarann Íosa ar a lucht leanúna cabhrú leis a ríocht a bhunú ar talamh chomh maith. Cén sort ríochta atá ann? Tá cur síos deas uirthi i bpreafáid Aifrinn na féile seo: ‘Ríocht síoraí gan teorainn, ríocht na fírinne agus na beatha, ríocht na naofachta agus an ghrásta, ríocht an chirt, an ghrásta agus na síochána.’ Is ríocht luachanna atá i gceist agus iarann Íosa orainn na luachanna sin a chur i bhfeidhm sa saol seo.

Tá sé sin an-phraicticiúil. Braitheann sé ar Íosa a athaint in ár gcomharsa. Tugtar samplaí go leor dúinn sa soiscéal inniu: bia a thabhairt do na daoine a bhfuil ocras orthu, deoch a thabhairt dóibh siúd a bhfuil tart orthu, cabhrú leis na daoine atá tinn nó i bpríosún.

Nuair a thiocfaidh Críost athuair bunóidh sé a ríocht go h-iomlán. Idir an dá linn is dúinne a ríocht a chur i bhfeidhm sa saol chomh fada agus is féidir linn le cabhair a ghrásta. 

Guí an Phobail

Tugaimís ár bpaidreacha ós comhair Dé.

  1. Guímid ar ár bPápa Proinnsias, ar ár nEaspag agus orthu siúd go léir a bhfuil cúram Phobail Dé acu, go mbeadh said ina aoirí maithe. A Thiarna éist linn.
  2. Guímid ar na h-údaráis sibhialta, go mbeadh said ag obair ar son an chirt agus ar son na síochána i gcónaí. A Thiarna éist linn.
  3. Guímid ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí: go mbeidh said in ann sampla Críostaí a thabhairt don óige. A Thiarna éist linn.
  4. Guímid ar na daoine atá tinn, orthu siúd atá ag saothrú an bháis agus orthu siúd atá i gcrua-chás ar bith. A Thiarna éist linn.
  5. Guímid ar ár ngaolta agus ar ár gcáirde atá imithe romhainn ar shlí na fírinne. A Thiarna éist linn.

A Dhia , ár nAthair, tá lán-mhuinín again as an ngrá atá agat dúinn. Mar sin cuirimid na h-achainíocha seo ós do chomhair trí Chríost ár dTiarna.

Focal Scoir

A Íosa, a Íosa, coimeád na caoirigh

Ar na gleannta míne

Agus ar na móinéir caoine,

Ar gcosaint ó na mictíre.

Go dté sibh slán faoi shíocháin Chríost.

* * *

An Canónach Edmond Ó Cuilleanáin, Ardeaglais na Tríonóide Naofa, Port Láirge

Click here for more resources from our November issue.