Irish Notes: June

Leathanach don Cheiliuraí

Download Irish Notes.pdf

 

An Deichiú Domhnach Saor

5ú Meitheamh 2016, Bliain C

An Tús

Tá Críost i láthair lena Eaglais ina Bhriathar mar is eisean atá ag labhairt nuair a léitear na Scriopúir san Eaglais. Iarraimis ar an Spiorad Naomh solas agus méadú creidimh a a thabhairt dúinn as éisteacht le Briathar Dé inniu.

 

Smaoineamh

Ó thús a ré bhí Eaglais Chríost faoi bhrú de shaghasanna éagsúla, ina measc de bharr an teagaisc, na teachtaireachta, as bhí aici, nárb den saol seo iad. Níorbh fholáir dá baill eolas a bheith acu ar a n-oidhreacht, meas acu uirthi agus réidh lena cosaint. Sin a mhol an litir faoi ainm Pheadair i dtús a staire: ‘Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt leis a dóchas (an creideamh) atá ionaibh, ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim’. Sa dara léacht inniu tá cur síos ar an gcosaint láidir a rinne an tAspal Pól ar shoiscéal Chríost i gcoinne dreama a bhí ag iarraidh a mhalairt de ‘shoiscéal’, de theachtaireacht, a thabhairt isteach. Mhínigh sé prionsabail an aon tsoiscéil amháin don Eaglais sin. Leagann Pól béim ar seo nach aon chumadóireacht daoine atá sa Soiscéal. Ní ó dhaoine a fuair Pól agus na hAspail eile é. Is é Íosa Críost a fhoilsigh dóibh uile e. Tá éagsúlacht tuairmi le sonrú inniu sna meáin agus eile maidir le ceisteanna bunúsacha den chreideamh, amhail amhras faoin bhaint le hÍosa féin, ‘Íosa na staire’, agus bunú sacraimintí áirithe. Ach ní féidir Íosa agus dá sheasann sé a theorannú don stair amháin. Ní raibh i mbeatha shaolta Íosa, ar an domhan seo, ach tús le foilsiú rúndiamhair shlánaithe Dé. Cuid den rúndiamhair chéanna a bhás, a aiséirí, a dheascabháil go deasláimh Dé, teacht and Spioraid Naoimh agus, fiú, rogha Phóil mar aspal do na gintlithe. Lean foilsiú na rúndiamhaire ar aghaidh sa luath-eaglais leis an bua speisialta a tugadh do fháithe Críostaithe ar inpleachtaí na rúndiamhaire sin a dhéanamh níos soiléire. Ní mór don chreidmheach a áit chui a thabhairt don taighde ar Íosa na staire, agus do rúndiamhair an tslánaithe.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

A Ri na glóire, fóir ar do eaglais agus tabhair di daoine cuí le omós dá n-oidhreacht agus an cumas an fhís Chríostaí a chur i láthair do shaol ár linne féin.

Fogróir

1. Ar son na hEaglaise le go mbeadh sí láidir ina creideamh i gCríost agus cíocrach eolas níos fearr a chur ar theagasc na hEaglaise le bheith réidh aghaidh a thabhairt ar cheisteanna an lae inniu

2. Ar son ár Naomh Athar, an Pápa Proinsias, go neartódh Dia ina chreideamh é le go ndéanfadh seisean pobal Dé a neartú ina gcreideamh siúd.

3. Ar a son siúd atá i mbun rialtais go saothróidh siad ar sin leas an phobail.

4. Ar a son siúd atá bocht nó gan dídean go dtiocfaí i gcabhair orthu.

5.  Ar son na marbh go dtabharfaí ríocht na bhflaitheas dóibh.

Ceannasaí

Iarraimid ort, a Thiarna, glacadh leis na hachainíocha seo a chuirimid suas chugat go lánmhuiníneach trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Faoi mar ar mhúin Ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh, guímis: Ár nAthair.

 

Focail Scoir

Slán leat, a Mhuire,

Slán leat a Íosa,

Slán leis an gcrann

Ar céasadh Críost air.

Nár dhéanfadsa peaca

Go bhfillead ort.

* * *

An tAonú Domhnach Déag Saor

12ú Meitheamh 2016, Bliain C

An Tús

Fáilte romhat, a Rí an Domhnaigh, a thugann fortacht dúinn trí bhriatha beannaithe an Aifrinn

 

Smaoineamh

Labhraíonn trí léacht an lae inniu ar pheaca, laige dhaonna agus maithiúnas ó Dhia. Sa chéad léacht tá sampla an rí Dáiví againn. Leagann Pól béim ar an fhírinne go dtagann an slánú trí ghrásta Dé, trí bhás agus aiséirí Chríost seachas trí shaothar daonna a mheasann gur féidir an fhíréantacht a ríomhadh de réir slat tomhais dlíthiúil, de réir chomhlíonadh dlí. Tá teachtaireacht Chríostaí an tslánaithe dírithe ar dhaoine daonna laga gur féidir leo titim, ach ar ghlaotar orthu éirí arís, agus glaoch ar thuiscint Dé, agus a bheith deimhin de go bhfuil maithiúnas ar fáil tar éis aithrí.

Tugann peacaí mór-uaisle na staire, agus an aithrí a lean iad, misneach dúinn. Tá sampla Baitséaba againn, a bhí in a máthair ar Sholamh, agus dá bharr sin a bhfuil áit aici i ghinealach Íosa i shoiscéal Mhatha. Chuaigh peacaí an tsinsir i bhfeidhm ar ár muintir féin mar is léir ón rann sa bhéaloideas: ‘Pheacaigh Maois is pheacaigh Ádhamh; pheacaigh Dáibhí agus is maith an triúr. Pheacaigh Peadar cionn na cléire, is Críost gur shéan sé os comhair a dhá shúil’. Fírinne a mheabhraíonn léachtaí an lae inniu dúinn ná nach pobal do stóich, do fhathaigh, do dhaoine laidre amháin, í an eaglais. Tá éagsúlacht an chine dhaonna féin le fáil inti – iad san ar an imeall, iad san a meastar de réir chaighdeáin áirithe a bheith gan todhchaí ar bith, iad sin ar theip orthu sa saol, i bpriosún, as priosún, andúiligh drugaí, mangairí drugaí agus eile. Agus tá tuiscint ag Dia agus Íosa dóibh i gcónaí.

Ach má tá Dia reidh le maithiúnas a thabhairt, ní ionann sin agus cuireadh chun aithrí agus chun peaca ina dhiaidh. Fanann briathra Íosa dá lucht leanúna linn i gcónaí: bheith foirfe faoi mar atá ár nAthair neamhaí foirfe, bheith mar shalann na talún agus mar sholas an domhain. Ní mór dhá thaobh na fírinne a choimeád os ár gcomhair: bheith tuisceanach don laige dhaonna, agus Dia agus Críost a bheith againn mar eiseamláir.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Anois, agus Críost mar shagart againn i láthair Dé, cuirimis ár n-achainíocha suas chun Dé.

Fogróir

1. Guímis ar son na hEaglaise sa bhaile ar ar fud an domhain mhóir.

2. Guímis ar son ar nEaspag ar son na cléire.

3. Guímis ar son phobal Dé.

4. Guímis ar son gairmeacha don sagartacht le seirbhis a thabhairt don Eaglais.

5. Guímis ar son ár muintire atá marbh. Go dtuga Dia glóir na bhflaitheas dóibh.

Ceannsaí

Cuirimis na hurnaithe seo, agus urnaithe folaithe ár gcroíthe, suas chugat le lánmhuinín, a Thiarna. Iarraimid ort éist leo go fabhrach.

 

An Phaidir

Toisc gur clann Dé sin, clannmhac agus clann iníonacha agus an Spiorad Naomh ár spreagadh, tá sé de mhisneach againn glaoch ar Dhia mar ár nAthair, agus mar sin guímis: Ár nAthair.

 

Focail Scoir

Réir Dé go ndeineam

Agus beatha na naomh go dtuilleam

Solas na bhflaitheas go bhfeiceam

Agus glórtha na n-aingeal go gcloiseam.

* * *

An Dara Domhnach Déag Saor

19ú Meitheamh 2016, Bliain C

An Tús

Móradh, duit, a rí na cruinne,

Maidin Domhnaigh inár ndáil.

Móradh duit, a Dhia is a dhuine,

Moladh is glóir duit go brách.

 

Smaoineamh

Tugann léachtaí an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar thrí phointe tábhachtacha, is é sin le rá féintuiscint ar ár n-oidhreacht mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, na héilimh a leagann ár gcreideamh orainn mar lucht leanúna Chríost, agus sa deireadh an gá atá le hurnaí phríobháideach, chomh maith, nó fiú in éagmais, urnaí phoiblí leis an fhéintuiscint sin a chothú.

Ni mór dúinn pearsa Íosa Chríost a bheith mar chroílár ár gcreidimh Chríostai, seachas an eaglais ‘institiúdiúil’, iocón, eiseamláir dhaonna ar bith. Mar a mhol an rann Gaeilge fadó: ‘Bíodh aithne (=eolas pearsanta) ar Chríost agat’; Críost a fuair bás ar ár son, a éirigh arís, a thug dúinn an Spiorad Naomh, a bhfuilimid aontaithe leis sa bhaisteadh. Ní héasca na fírinni sin a chur ina a luí ar an aos óg, ná an deabhóid a leanann astu, ach is fiú machnamh a dhéanamh orthu.

Buaicphointe sna soiscéil an admháil chreidimh in Íosa Críost mar an Meisias. Ábhar bróid a bheadh ann do na haspail, nó do aon Giúdach, go raibh an té a rabhthas ag súil leis le cianta cairbreacha, an té a bhí le teacht, tagaithe sa deireadh thiar, agus feicthe acu lena súile cinn. Bhí tomhas polaitiúil chomh maith le creidimh ag baint leis seo. Ach chuir Íosa críoch tobann le aon smaoineamh caithréimeach san ábhar seo nuair a léirigh sé gur meisias de shaghas eile a bheadh ann, ag fáil bháis faoi náire le beatha nua a thabhairt dá lucht leanúna, muintir a bheadh glaoch acu crois dá gcuid féin a iompair agus bás dá gcuid féin a fháil le maireachtáil de réir eiseamláire agus teagaisc Íosa féin.

Tugann seo uile go dtí an tríú pointe sinn. Leis an bhféintuiscint Chriostaí seo a chothú, nó fiú a choimeád beo, ní mór machnamh agus urnaí, urnaí phríobháideach chomh maith le urnaí phoiblí, nó machnamh agus urnaí priobháideach amháin nuair nach ann don cultas poiblí, rud is comónta go leor na laethanta seo. Is féidir leis an machnamh agus urnaí phríobháideach éagsúlacht mhodhanna a ghlacadh: machnamh ar an mBíobla, léachtaí an Domhnaigh, leabhair urnaithe agus mar sin de. Dúshlán don lá atá inniu ann conas tabhairt ar dhaoine a bhfuil an creideamh, ach easpa cleachtaidh an chreidimh, acu ach ní mór machnamh a dhéanamh air agus beart dá réir a chur i gcrích.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Le lánmhuinín cuirimis suas ar n-urnaithe chun Dé.

Fogróir

1. Guímis ar son na hEaglaise go mbeadh sí ina lonnair don saol mór. A Thiarna éist linn.

2. Guímis ar sos an aosa óig go mbeadh aithne ar Chríost acu. A Thiarna …

3. Guímis ar a son siúd atá caillte sa saol le drugaí agus eile. A Thiarna …

4. Guímis ar son síochána san háiteanna den domhan ina bhfuil cogadh. A Thiarna …

5. Guímis ar son na marbh, ár ngaolta agus eile. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh. A Thiarna …

Ceannsaí

Iarraimid ort, a Dhia, glacadh leis na hurnaithe seo uainn agus toradh a thabhairt orthu.

 

An Phaidir

Guímis anois ar ár nAthair faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh. Ár nAthair.

 

Focail Scoir

Ón Tiarna tig slánú!

Ón Tiarna tig slánú!

Go raibh do shlánú, a Thiarna

Inár measc go saol na saol.

* * *

An Tríú Domhnach Déag Saor

26ú Meitheamh 2016, Bliain C

An Tús

Mar a mheabhraíonn an tAspal Pól dúinn is chun saoirse a bheith againn a ghlaoigh Críost orainn, ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal chun peaca, ach le seirbhís a thabhairt dá chéile.

 

Smaoineamh

Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar cheist atá chomh ársa leis an tsaoirse dhaonna agus creideamh i nDia agus guth ón saol eile, is é sin le rá an áit atá ag creidmheach do shaoirse smaoinimh agus gnímh taobh istigh de phrionsabal a chreidimh, agus faoi mar a bhíonn air an tsaoirse sin a chosaint i saol an lae inniu. Sólás dúinn go bhfuil an cheist cíortha i slí sa Tiomna Nua ag Eoin agus Pól. Ach tá sé éirithe i bhfad níos géire tar éis gluaiseacht fhealsúnachta agus chultúrtha an ochtú chéid déag ar a dtugtar de ghnáth an ‘Eagnaíocht’, Die Erlklärung, the Elightenment. Leis seo tháinig an dúil agus an ghluaiseacht gan aon tionchar a bheith ar an ghníomh agus an smaoineamh daonna seachas a thagann ó mheon agus chéadfaí an duine dhaonna féin, gan aird a thabhairt ar chreideamh ná reiligiún ar bith. D’éirigh an scéal níos práinní inár laethanta féin nuair a fuair an ghluaiseacht seo ceangailte le aindiachas, gan creideamh in aon dia. Tá an scéal iomlán cíoraithe go mion ag Comhairle Vaticán II ina Dhoiciméad Tréadach ‘An Eaglais i Saol and Lae inniu’ (as Laidin Gaudium et Spes, Lúcháir agus Dóchas), alt.19-21, ar fiú a léamh. Tá giotaí de in Caitciosma na hEaglaise Caitlicí, alt, 2124. ‘Measann an daonnachas aindiach, agus gan an ceart aige, gurb é an duine “ann fein is críoch dó féin, aoncheardaí agus aonchruthaitheoir a chinniúna”’(GS 20,§1). Leagan eile d’aindiachas na linne, bíonn sé ag dréim le saoradh an duine trí shaoirse eacnamaíoch agus shoisialta a mbeadh ‘an reiligiún i gcodarsnacht léi óna nádúr, sa mhéid is go mbunaíonn an reiligiún dóchas an duine ar bhrionglóid na beatha síorai, á chasadh i leataobh óna chathair chónaithe a thógáil ar talamh.’ (GS 20, §2).

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Molann Críost dúinn urnaithe a chur suas chun ár nAthar ar neamh, a éisteann linn. Mar sin déanaimis amhlaidh.

Fogróir

1. Guímis ar son cheannairí na hEaglaise go mbeidis dílis dá n-oidhreacht Chríostaí agus in agallamh le saol an lae inniu.

2. Guímis ar son cheannairí ár stáit féin, go lorgóidis gcónai leas na tíre.

3. Guímis ar son na n-imireach go mbeadh tearmann cuí le fáil acu.

4. Guímis ar son na stát atá faoi bhrú ó chogadh agus chiréabanna.

5. Guímis ar ár son féin agus mianta folaithe ár gcroíthe.

 

Ceannsaí

Deonaigh, a Thiarna, glacadh leis na hachainíocha sin uainn a chuirimid suas chugat trí Chríost Ár dTiarna.

 

An Phaidir

Is clann Dé sinn uile agus an tAthair amháin againn ar neamh. Mar sin, mar a mhúin Críost dúinn, glaoimis air: Ár nAthair

 

Focail Scoir

Críost linn, Críost romhainn, Criost inár ndiaidh.

Críost os ár gcionn, agus Críost fúinn.

Críost ina chónaí inár gcroíne.

Críost ó dheas, Críost thuaidh.

Tags: , , ,