Irish Notes: May

Download Irish Notes .pdf

 

An séú Domhnach den Cháisc 1ú Bealtaine 2016

 

 

An Tús

San Aifreann inniu tá béim ar shíocháin agus suaimhneas intinne. Deirtear linn a bheith síochánta le gach duine timpeall orainn agus mar thoradh ar sin beidh síocháin intinne againn féin.

 

Smaoineamh

San soiscéal inniu deireann Íosa lena dheisceabail; ‘Tugaim síocháin díobh síocháin nach féidir leis an domhain seo a thabhairt díobh’ Má dhéanaimid áit do Dhia na gloíre inár saol laethúil agus má thugaimid grá in ionad gráin dá chéile, deir Íosa linn gur cinnte go mbeidh suaimhneas intinne agus féin mhuinín againn. Tabharfaidh an suaimhneas intinne sin neart agus tacaíocht dúinn chun dul i ngleic leis an imní agus an eagla a chuireann isteach orainn ó am go chéile.

 

Is beag duine againn anseo inniu, má dhéanaimid machnamh air, nár tharla rud éigin maith dúinn i rith na seachtaine, rud deas nach rabhamar ag súil leis. Dea-scéal, beannacht ó dhuine éigin nach rabhamar ag súil leis. Duine a thug cluas dúinn nuair a bhí gá leis. Duine a bhí cineáltá linn. Nárbh dheas iad na rudaí sin. Tá sé éasca dearmad a dhéanamh orthu. Ach tá na rudaí sín go léir símplí agus dearfach. Áit a bhfuil an ghrá tá Dia ann mar is ionann Dia agus an ghrá. Bhí Dia ag rá linn i rith na seachtaine go bhfuil sé linn anois agus go mbeidh sé linn go deo.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Sé Dia ár ndídean ó ghlúin go glúin. Cuirimis ár riachtanais ós comhair Dé;

Fógróir

1. Ar son na ndaoine a ndeántar eatrom orthu, ar scoil, ag an obair nó sa bhaile, go dtuga Día sólás dóibh. A Thiarna éist linn.

2. Ar son na ndaoine atá ag taisteal ar na bóithre ar fud na tíre an deireadh seachtaíne seo. Go dtuga Dia slán sábháilte abhaile iad. A Thiarna éist linn.

3. Ar son na ndaoine óga nach bhfuil cinnte dá ngairm sa saol, go bhfaighe siad treoir a leasa. A Thiarna éist linn.

4. An son an bPápa, go dtuga an Tiarna grásta agus neart dó bheith gníomhach ar son na hEaglaise. A Thiarna éist linn.

5. Ar son tuismitheoirí, go raibh a ndea-shampla le haithint ar ghníomhartha a bpáistí. A Thiarna éist linn

 

Ceannasaí

A Dhia táimd ag guí chugat trí Chríost, do mhac, ár dTiarna.

 

An Phaidir

Nuair a mhúin Íosa dá dheisceabail conas guí a dhéanamh d’iarr sé orthu a rá: ‘ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu.’ Mar sin guímis: Ár n-athair…

 

Focal Scoir

Síocháin Dé go raibh inár measc agus grásta Dé go raibh inár gcroíthe.

 

* * *

Deascabháil ár dTiarna 8 Bealtaine 2016

 

 

Lá Cumarsáide Domhanda

 

An Tús

Inniu ceiliúraimid deascabháil ár dTiarna. Faoi mar a chuaigh ár d Tiarna suas ar Neamh rachaimid ann ina dhiaidh má bhímid dílis dó ar an saol seo.

 

Smaoineamh

Cónaímid in aois na teicneolaíochta agus gan dabht ar bith ta an-chumhacht ag na meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann. Táimid cráite ag an iomad focail, íomhánna agus tuairimí éagsula gach lá. Ach uaireanta is í an ciúnas an mhean chumarsáide is fearr.

 

Tá scéal álainn sa Bhíobla faoin fáidh Elijah. Bhí sé ag iarraidh guth Dé a chloisteáil sa stoirm, sa chrith talún, sa tine ach i ndeireadh thiar thall ins an gciúnas a chuala sé guth Dé, guth bheag íseal. Sa lá ata inniu ann, toisc go bhfuil muid go mór faoi thionchar na meáin, ba chóir dúinn spás a dhéanamh don chiúnas. Ansin beidh seans againn comhrá a dhéanamh le Dia in ionad a bheith i gcónaí ag éisteacht le sceálta brónacha ar na meáin. Is é teachtaireacht Dé do gach duine againn a chuirfimid ar bhóthar ár leasa. Cinnte tá gá le creideamh agus misneach láidir chun an Chríostaíocht a chleachtadh, go háirithe má sheasann na meaín – chumarsáide inár gcoinne.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Iarraimíd anois ar ár n-athair éisteacht linn, agus cúram a choimeád orainn sna laethanta atá romhainn.

 

Fógróir

1. Go raibh grásta Dé í ngcroí gach duine a oibríonn ar son na hEaglaise agus go gcomhlíonfaidh siad toil Dé i gcónaí. A Thiarna éist linn.

2. Go ndéana Dia trócaire orthu súid a d’imigh ar shlí na fírinne sa pharóiste seo agus go gcuirfí tú failte rompu ar fad. A Thiarna éist linn.

3. Ar son ceannairí na tíre seo, go mbeidh treoir acu ó Dhia an dúshlán a fhreagairt ar son maitheas na ndaoine. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na ndaoine atá tinn, guímis go mbeídh feabhas orthu gan mhoill. A Thiarna éist linn.

5. Ar son na ndaltaí atá ag tosú ar scrúdaíthe go luath. Go raibh rath Dé orthu uile. A Thiarna éist linn.

 

Ceannasaí

A Thiarna, is tusa a thugann aire dúinn I gcónaí. Bí ceansa agus éist lenár bpaidreacha trí Íosa Críost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Is le Dia muid agus sinne a phobal. Mar sin is féidir linn a rá; ‘Ar n-athair…

 

Focal Scoir

Go dtugaimid tús-áite do Chríost inár gcroíthe, inár gcomharsain agus sa straínséar, mar labhrann sé gach lá i gcolainn fhulaingt agus riachtanais an domhain linn.

* * *

Domhnach Cincíse 15 Bealtaine 2016

 

 

An Tús

Inniu ceiliúraimid lá Breithe na hEaglaise nuair a thuirling an Spiorad ar na hAspail.

 

Smaoineamh

Nuair abhí mise an –óg úsáideadh an focal ‘Taibhse’ don Spiorad Naomh. B’fheídir gurb é sin an fáth go gceapann daoine áirithe gur rud faiteach é agus gur chóir é a sheachaint Ní theastíonn uainn a chloisteáil i gconaí go bhfuil muid lán leis an Spiorad. Ach ní gá dúinn. Chuir Íosa gníomhaíocht an Spioraid i gcomparáid leis an ngaoth. Cloiseann tú a thorann ach ní féidir a rá cá bhfuil sé ag teacht as nó cá bhfuil sé ag dul. Sin an chaoi a bhfuil sé ‘a dúirt sé ‘leo súid a rugadh leis an Spiorad’. Tá ciúnas ag baint leis an spiorad inár saol – tugann sé suaimhneas, misneach agus foighead dúinn a chabhraíonn linn pé scamall nó ceo a bhíonn ar ár naigne a scaipeadh agus a leigheas chun feáchaint ar an bhfírinne atá ceilte ar chúl an rúndiamhair. Thug an Spiorad daoine le chéile ag an gcéad Cincíos, nuair a tháinig athrú meoin agus intinne orthu agus direach mar a gcéanna saoraíonn an Spiorad muid on eagla agus mar a deir Naomh Pól tugann sé cumhacht, grá agus féin – smacht dúinn freisin.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Éist lenár bpaidreacha, a Thiarna, i rith an Aifrinn seo.

Fógróir

1. A Thiarna, guímid ar son na  heaglaise, an Pápa Proinseas, na hEaspaig agus an cléir go léir agus go mbeidh tú leo ina gcuid oibre i gcónaí. A Thiarna éist linn.

2. Ar son daoine óga atá ag dul faoi lámh Easpaig nó ag glacadh a gcéad comaoineach. Cuir rath orthu i gcónaí, a Thiarna. A Thiarna éist linn.

3. Ar son ceannairí ár dTir, go ndéana said a ndualgaisí a iompar amach go cneasta. A Thiarna éist linn.

4. Cuimhnímid ar dhuine ar bith atá tinn nó faoi bhrú de chineál ar bith, go bhfeice síad toradh ár bpaidreacha. A Thiarna éist linn.

5. Ar son na mairbh, go raibh said í láthaír Dé sna Flaithis. A Thiarna éist linn.

 

Ceannasaí

Sin é ár nguí chugat, trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Tugann an Tiarna cuireadh dúinn labhairt leis mar Athair – ‘Ar n-athair…

 

Focal Scoir

Bíodh an dea-rún inár gcroí, an dea-smaoineamh inár n-intinn agus an dea-fhocal inár mbéal i gcónaí.

 

* * *

 

Domhnach na Tríonóide 22 Bealtaine 2016

 

An Tús

Is minic a chuirtear an cheist ‘Cé leis is cosúil an Tiarna Dia?’ An íomhá is cruinne atá againn de Dhía ná an ceann a thug a Mhac Íosa dúinn. Is é Íosa a thug íomhá dúinn freisin den Spiorad mar chumhacht Dé ag obair inár saoil.

 

Sa soiscéal inniu  deir Íosa; ‘Nuair a thiocfaidh an Spiorad Naomh, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne’. Seo é an Spiorad a ghlacamar nuair a baisteadh muid agus nuair a cuireadh faoi lámh Easpaig muid. Tugann an Spiorad sin treoir dúinn dul ar bhealach ár leasa agus impímid ar Dhia comhairle agus neart agus fios a thabhairt dúinn a bheimid i ngá.

 

Tá sé fíor-dheacair againn an Tríonóíd Naofa a thuiscint go huile agus go híomhán sa saol seo. Bhain Naomh Pádraig úsáid as an tseamróg mar áis teagaisc chun an Tríonóid a chur i dtuiscint dá lucht éisteachta. Cabhróidh sé sin linn a thuiscint, mar a dúirt Naomh Pól inniu gur ‘dhoirt Dia a ghrá go léir isteach inár gcroithe mar bhronntanas uaidhse.’ Is dócha gurb é sin an t-íomhá is fearr atá againn de Dhia. Duine atá i gcónaí ag tabhairt grá dúinn agus ba chóir dúinne an ghrá sin a thabhairt do Dhia agus dá chéile.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Iarraimis ar Dhia, ár nAthair cuidíu linn agus mianta ár gcroí a chur i ngníomh dúinn.

Fógróir

1. Ar son ceannairí na hEaglaise. Go raibh sé de mhisneach acu i gcónaí labhairt amach ar son luachanna an tsoiscéil. A Thiarna éist linn.

2. Ar son pobal na tíre seo. Go bhfanaimid dílis dár dtraidisiúin Críostaí le meas i gcónaí ar thraidisiúnta chreidimh eile inár measc. A Thiarna éist linn.

3. Ar son na ndaoine a fuair bás le déanaí. Go bhfuil siad in éineacht leatsa, a Thiarna, sna Flaithis. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na ndaoine atá tinn, guímis go mbeidh feabhas orthu gan mhoill. A Thiarna éist linn.

5. Ar son feirmeoirí na tíre seo atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach, ainneoin an drochaimsir agus cúlú eachnamaíochta. A Thiarna éist linn.

 

Ceannasaí

Seo iad ár nguíonna chugat trí Iosa Críost, ár dTiarna.

 

An Phaidir

Is le Dia muid agus is sinne a phobal mar sin is feídir linn a rá: ‘Ar n-athair…

 

Focal Scoir

Tugaimid glóir don Athair, Mac agus don Spiorad Naomh as ucht a bhflaithiúlacht.

 

* * *

 

Corp agus Fuil an Tiarna 29 Bealtaine 2016

 

An Tús

Is muidne Corp Chríost agus is é Corp Chríost a ghlacaimid san Aifreann.

 

Smaoineamh

Le beagnach míle blaina anuas tá féile Chorp Chríost ag tabhairt aird faoi leith don bhua iontach sin an Eocairist i saol na ndaoine a chreideann inti. B’é Naomh Juliana ón Bheilg a rinne sár impigh ar dtús go dtabharfaidh aithint faoi leith don bhféile seo san Eaglais chun an bua speisialta ó Dhia a chur i gcuimhne dúinn. An bua sin a neartaíonn ionainn an creideamh an dóchas agus an ghrá, atá againn cheanna féin ó ghlacamar ár gcéad comaoineach, a chuidíonn linn strachailt i dtreo naofacht inár saol go dtí uair ár mbáis. Níl aon traídisíun religiúin eile ann a thugann sampla chomh maith sín dúinn de Dhia a bheith inár láthair gach lá dár saol. Dúirt an Mháthair Bheannaithe Treasa ó Chalcutta; ‘Díreach mar atá fhios agam go mbeathaíonn Íosa mé tríona chorp agus fuil, tá a fhios agam freisin go bhfuil sé ag iarraidh ormsa é a bheathú tríd na coirp atá ag lorg cabhair uaimse.

 

Nuair a bhrisimid an t-arán i gcuimhne ar an tSlánaitheoir, is cuimhneachán é sin dúinne, nach mbrisimid an t-arán go hiomlán go dtí go dtéimid amach as seo chun cabhrú lenár ndeartháireacha agus lenár deirfiúracha atá i ngéarghá.

 

Guí an Phobail

Ceannasaí

Éist lenár bpaidreacha, A Thiarna, i rith an Aifrinn seo.

Fógróir

1. Ar son ár bPápa agus an cléir go léir go dtuga Dia treoir an Spíoraid dóíbh. A Thiarna éist linn.

2. Ar son na mícléinn atá ag déanamh scrúdaithe, go néireoidh leo mian a gcroithe a bhaint amach. A Thiarna éist linn.

3. Ar ár son féin go raibh spiorad na fírinne go láidir inár measc. A Thiarna éist linn.

4. Ar son na ndaoine atá tinn nó atá cráite le uaigneas nó treampán intinne agus ar son na daoine a thugann aire dóibh. Tabhair compóird agus sólás dóibh. A Thiarna éist linn.

5. Ar son daoine bochta sa domhain seo. Go roínnfear saibhreas agus achmainní an domhain go fial agus go cothrom ar dhaoine atá ar an ngannchuid. A Thiarna éist linn.

 

Ceannasaí

A Dhia uíle chumhachtach, is tú bun agus barr ár saol. Neartaigh muid sa chreideamh ar ár n-aistear tríd an saol seo. Is é seo ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

 

An Phaidir

Déanaimid an urnaí faoi mar ar mhúin Críost dúinn: ‘Ár nAthair…’

 

Focal Scoir

Síocháin Dé go raibh inár measc agus grásta Dé go raibh inár gcroí.

Tags: , , , ,